22% de dhaltaí Ardteiste nach bhfuair aon toradh Gaeilge inniu

Bhí an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge i mbliana níos airde ná mar a bhí aon uair le 20 bliain

22% de dhaltaí Ardteiste nach bhfuair aon toradh Gaeilge inniu

Ní bhfuair 22.4% de na daltaí a fuair a dtorthaí Ardteiste inniu aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge.

Fágann sin go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge i mbliana níos airde ná mar a bhí aon uair le 20 bliain.

61,107 dalta a fuair a gcuid torthaí inniu ach níor chláraigh 11,213 díobhsean don Ghaeilge.

49,894 dalta atá ag fáil toradh Gaeilge, rud a fhágann nach bhfuil 22.4% de na daltaí ag fáil aon toradh Gaeilge.

Méadú suntasach é sin ar líon na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge.

Céatadán na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don Ardteist
2011 19%
2012 19%
2013 18%
2014 17%
2015 16%
2016 16%
2017 15%
2018 15%
2019 18%
2020 18%
2021 18%
2022 22%

* An Ardteist thraidisiúnta, Clár Gairme na hArdteiste agus an Ardteist Fheidhmeach

De ghnáth, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.

De réir na bhfigiúirí tá difríocht shuntasach arís i mbliana idir líon na ndaoine nár thug faoin scrúdú Gaeilge ach a rinne scrúdú Béarla nó Matamaitice.

57,241 dalta a fuair toradh sa Bhéarla inniu, nó 93.6% de dhaltaí. 57,347 dalta a fuair toradh Mhatamaitic, nó 93.8%.

7,347 níos mó a fuair toradh Béarla inniu ná mar a fuair toradh Gaeilge agus 7,453 níos mó atá ag fáil toraidh don Mhatamaitic ná atá don Ghaeilge.

D’éirigh le 12.7% den 24,441 duine a chláraigh do scrúdú ardleibhéil na Gaeilge san Ardteist i mbliana, i gcomparáid le 18.1% sa Mhatamaitic agus 7.2% sa Bhéarla.

6.1% a fuair an grád is airde sa Ghaeilge an bhliain roimh thús na paindéime.

D’éirigh le 57.5% den 24,441 duine a chláraigh do scrúdú ardleibhéil na Gaeilge san Ardteist i mbliana ceann de na trí ghrád is airde a fháil, is é sin marc os cionn 70%.

Fuair 53.4% na trí ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla agus 59.9% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic, rud a fhágann gurb í an Mhatamaitic an croí-ábhar ab éasca le torthaí maithe a fháil ann.

Bronnadh ceann de na trí ghrád is airde ar 70% de na daltaí a chláraigh don scrúdú Gaeilge in 2021 agus in 2020 fuair 56% de na daoine a rinne scrúdú ardleibhéil na Gaeilge ceann de na trí ghrád is airde. 45% de na daoine a rinne scrúdú ardleibhéil na Gaeilge a fuair ceann de na trí ghrád is airde in 2019, an bhliain roimh thús na paindéime.

Torthaí Gaeilge na hArdteiste

GAEILGE (Leibhéal A) 1 2 3 4 5 6 7 8
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2022 24441 12.7 21.0 23.8 21.9 14.4 5.2 0.9 0.2
2021 25596 11.9 21.9 27.5 22.7 11.2 3.4 0.6 0.8
2020 24725 9.1 19.8 27.1 24.6 13.7 4.8 0.7 0.2
2019 23176 6.1 17.7 22.3 23.0 18.2 9.5 2.8 0.4
GAEILGE (Leibhéal B)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2022 1933 3.4 13.0 22.6 24.9 17.0 11.9 5.5 1.7
2021 1074 8.8 16.5 22.5 20.9 14.4 11.6 1.7 3.4
2020 1462 5.9 17.6 25.5 23.1 16.0 10.4 0.4 1.0
2019 2834 1.9 11.8 19.9 24.5 20.9 12.0 6.2 2.9
GAEILGE (Leibhéal G)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2022 23520 1.0 10.6 26.3 28.9 19.3 8.7 3.4 1.9
2021 23301 3.0 11.0 22.1 26.3 21.1 12.3 2.6 1.6
2020 23546 1.9 8.9 19.6 26.3 23.2 15.3 3.4 1.4
2019 22323 0.3 5.2 18.6 26.2 25.0 15.7 6.3 2.7

De réir thorthaí na hArdteiste atá foilsithe inniu ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, 33.7% nó duine as gach triúr a chláraigh don Ghaeilge ardleibhéil a fuair an dá ghrád is airde, i gcomparáid le 33.8% anuraidh agus 29% in 2020.

Níor theip ach ar 0.2% de na daltaí ardleibhéil, laghdú ar an ráta teipe sa Ghaeilge anuraidh, 0.8%.

Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach ag deireadh na bliana seo caite a mhaíonn siad a chinnteoidh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach níor thug an Roinn aon sainmhíniú ar cad a bhí i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ agus bhí saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfeadh an t-athrú go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófar.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Chomh maith leis sin, dúradh go socraíonn daltaí nach mbeidh Gaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste.

Ina measc siúd bíonn daltaí a bhfuil fúthu dul ag staidéar thar lear.

Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste don dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á dhéanamh acu.

Líon na ngrád H1

Ábhar 2019 2020 2021 2022
Gaeilge 6.1% 9.1% 11.9% 12.7%
Béarla 3.0% 4.4% 7.6% 7.2%
Mata 6.4% 8.6% 15.1% 18.1%
Stair 6.9% 11.0% 18.2% 17.3%
Tíreolaíocht 3.9% 6.3% 10.2% 10.5%
Laidin 18.5% 41.5% 45.5% 38.3%
Clasaicigh 6.6% 12.7% 24.6% 12.2%
Fraincis 6.6% 7.9% 10.8% 14.1%
Gearmáinis 6.4% 9.2% 12.3% 15.8%
Spáinnis 8.3% 11.6% 17.5% 21.5%
Iodáilis 18.8% 22.2% 35.7% 38.6%
Ealaín 3.2% 8.8% 13.2% 10.6%
Mata Fheidhmeach 16.5% 29.9% 40.9% 29.3%
Fisic 10.9% 16.1% 21.1% 23.7%
Ceimic 13.5% 18.1% 23.4% 19.1%
Eolaíocht Talmhaíochta 5.0% 9.5% 11.3% 5.8%
Bitheolaíocht 8.2% 11.6% 17.4% 17.6%
Cuntasaíocht 6.9% 17.9% 25.9% 19.6%
Ceol 4.3% 13.1% 20.2% 27.6%
Eacnamaíocht Bhaile 3.3% 7.3% 12.7% 11.0%

Tá líne chabhrach ar fáil ó mhaidin inniu chun eolas a chur ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí maidir leis na torthaí. 1800 265 165 uimhir na líne cabhrach atá á reáchtáil ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí.

Fág freagra ar '22% de dhaltaí Ardteiste nach bhfuair aon toradh Gaeilge inniu'