Céard a d’fhoghlaim muid ón éisteacht is deireanaí de Chomhchoiste na Meán? Go n-íoctar cúiteamh mór le réaltaí móra RTÉ? Nach lia cuntasóir ná cleachtas maidir leis an gcaoi a gcuirtear liosta na réaltaí i dtoll a chéile? Gur ábhar síoraí mearbhaill iad conarthaí pearsanta, conarthaí breise, conarthaí forlíontacha agus conarthaí tallainne in RTÉ don phobal agus do pholaiteoirí?
Bhí an Tánaiste ag cur comhairle a leasa ar bhainistíocht RTÉ a bheith ag drannadh le beanna arda na trédhearcachta roimh an gcruinniú. Labhair an Taoiseach Dé Domhnaigh seo caite ar RTÉ Raidió 1 ar thábhacht na meán poiblí i ré na bréagaisnéise. Is deacair teacht ar pholaiteoir de chineál ar bith i dTeach Laighean nach mbíonn roinnt línte caighdeánacha acu ar an téad seo.
Bhíodh cluiche folach bhíog á imirt idir RTÉ agus an rialtas maidir le socruithe cúitimh na réaltaí móra nó gur tosaíodh ar an liosta a fhoilsiú go hoifigiúil in 2004. Maide bliantúil sciúrsála faoi seo é agus seanscript sheargtha atá sa ngeamaireacht féin.
Tá faitíos orm go léiríonn iompar líon mór de na polaiteoirí a laghad cumais nó inniúlachta atá ina measc féin dul go croí an ábhair, is é sin, cén chaoi a léiríonn na meáin phoiblí cuntasacht chruinn don phobal? Nuair a théitear in árach le liosta na réaltaí ní thráchtar ar cheisteanna maoirsithe eile:
- Laghdú leanúnach suntasach ar líon na ndaoine a íocann an táille cheadúnais teilifíse in aghaidh na bliana
- Éileamh breise ar mhaoiniú díreach státchiste dá bharr sin
- Treo Nua RTÉ 2025-2029 agus tionchar an phlean ar sheirbhísí RTÉ (m.sh. athruithe sceidil, seachfhoinsiú, laghduithe foirne srl)
Tá 10 mbliana ann ó cuireadh aon ardú ar an táille cheadúnais. Tá ardú c.30% ar chostas gnáthshíntiúis le Sky san achar céanna gan ach soláthróir amháin a lua.
Nuair a thagann laghdú ar an táille cheadúnais ní hamháin go mbíonn RTÉ thíos leis ach laghdaítear an acmhainn a bhíonn ar fáil do TG4 agus do scéimeanna maoinithe Choimisiún na Meán chomh maith céanna.
Diúltaíonn an tAire Cumarsáide Patrick O’Donovan tobhach a ghearradh ar sheirbhísí sruthaithe idirnáisiúnta fearacht Netflix, Prime, Disney+, HBO srl, tobhach a chuideodh le hábhar dúchais a léiriú agus a chraoladh ar ardáin bhaile.
Is iomaí ceist reatha pholasaí eile nár tráchtadh uirthi le linn na héisteachta. Tugadh le fios go raibh cás gnó á réiteach faoi choinne babhta scoir eile in RTÉ. Cén toradh a bheidh ar imeacht líon suntasach foirne eile ar sceidil, seirbhísí agus oibríochtaí réigiúnacha? Cén fhorbairt atá i ndán do sheirbhísí neamhlíneacha fuaime agus físe in RTÉ?
Cén chaoi a ndéanfar maoirsiú ar sheirbhísí sruthaithe amhail GAA+ lena chinntiú go mbeidh rochtain ag an bpobal ar mhórchluichí spóirt mar a bhí? Cén freastal a dhéanfaidh seirbhísí RTÉ ar dhaoine óga idir 15-34 feasta ó tharla go bhfuil na meáin phoiblí tréigthe ag an aoisghrúpa seo tríd is tríd? Cén scagadh arbh fhiú a dhéanamh ar na figiúirí éisteachta JNLR is deireanaí a foilsíodh?
I ndáil leis na meáin phoiblí Ghaeilge, is é RTÉ féin a thug le fios le gairid go raibh faoi bhun 100,000 éisteoir ag Raidió na Gaeltachta ar bhonn seachtainiúil anois. Tugadh faoi deara go raibh borradh leanúnach faoin éisteacht ag an deireadh seachtaine. Dea-scéala go deimhin ach an mbaineann seo leis an sárchraoladh spóirt amháin? An bhfuil borradh faoin sceideal laethúil? Mura bhfuil, tuige? An bhfuil aon infheistíocht bhreise á déanamh sa sceideal a bhuíochas de na fógraí tráchtála nó an amhlaidh go ndéantar laghdú ar mhaoiniú ón táille cheadúnais de réir mar a thagann ioncam fógraíochta isteach?
Níl sna ceisteanna seo ach rogha den ábhar nár pléadh ag an éisteacht. Ní hin le rá nár cheart tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar na prionsabail chúitimh a bhaineann le tuarastail sna meáin phoiblí. Mar sin féin, ní cúram réidh ná simplí é déileáil le héagothromaíocht chórasach in RTÉ nó in aon chomhlacht poiblí eile thar oíche.
Tarraingíodh anuas ceist phearsanta íogair le linn na héisteachta a bhain le Seán Rocks, trócaire air. Ábhar trua cinnte ach ní minic dea-reacht a bheith mar thoradh ar chás deacair nó doiligh.
Thug mé féin suntas don mhodh ceistithe a bhí ag comhaltaí áirithe den Chomhchoiste. Bhí cuid acu thar a bheith forránach. I gcásanna áirithe is ar éigean a tugadh deis d’fheidhmeannaigh RTÉ abairtí iomlána a thabhairt mar fhreagraí ar cheisteanna a cuireadh. Nár lige Dia go gcuirfí soiniciúlacht i mo leith ach shílfeá in amanta go raibh ceisteanna á gcur le go bhféadfadh na comhaltaí athchraoladh a dhéanamh orthu ar na meáin shóisialta i ndiaidh na héisteachta seachas eolas nua a thabhairt chun léire.
Ní gnás nua é seo ar ndóigh ach is cinniúnaí anois ná riamh meáin phoiblí a bhféadfaí muinín a chur iontu.
Agus córas maoirsithe nach seó bóthair é.
Fág freagra ar 'Na ceisteanna faoi RTÉ agus RnaG nár pléadh ag an ngeamaireacht'