Ó DHÚCHAS: Nuair a nídís a gcosa oíche Bealtaine chaithidís uisce na gcos amach…

Dhá shliocht faoi Lá Bealtaine as Bailiúchán Choimisiún Béaloideasa Éireann

Ó DHÚCHAS: Nuair a nídís a gcosa oíche Bealtaine chaithidís uisce na gcos amach…

Lá Bealtaine

Bhídís ag cur gaidíní caorthann (gaidíní Bealtaine) ar an cuinneogaí, ar an ceaintíní, ar hamaí an chapaill, ar na ‘jugannaí’ ar an drisiúr nó soitheach ar bith a gcuirtí bainne iontub. Daoine ní chuiridís aon tine síos go bhfeicfidís deatach ar teach eicínt eile. Déarfaidís go dtabharfadh an bhean a bheadh i gcondae an Chláir an t-im uathub dá bhfeicfeadh sí deatach acub i dtosach. Ní ligfidís aon tine amach a’ ceapadh go ngoidfí an t-im. Tá cuid mhaith fós a bhfuil creidiúint acub sna pisreogaí sin. Tá tuilleadh nach gcuirfeadh aon cheo bainne amach lá Bealtaine a’ déanamh amach go ngoidfí an bainne.

Máirtín Ó Cadhain a bhailigh ó Mháirtín Beag Ó Cadhain i gCois Fharraige i 1930

Lá Bealtaine

‘Lá buí Bealtaine’ nó Domhnach na Neadacha a deiridís. Théadh na buachaillí go léir dtí’s na failltreacha a’ triall ar uibhe faoileán lá Bealtaine mar ón lá sin amach bhíodh na faoileáin ina suí ar na neadacha is bhíodh na gearrcaigh a’ teacht iontu is ní bheadh aon mhaith sna huibhe.

Is mó piseog a leanann lá Bealtaine.

Ní thabharfadh aoinne braon bainne d’aon duine eile an lá san is dá mbeadh cearc nó lacha a’ fáil bháis le haicíd do chaithidís isteach i ngarraí nó i bpáirc comharsan iad d’fhonn is n-imeodh gach drochghalar agus aicíd a bheadh ar a gcuid cearca agus lachan go ceann bliana arís.

Ní chuirfeadh aoinne amach an luaith maidin Lá Bealtaine. Raghaidís thar teora comharsan is thabharfaidís gabháil féir nó coirce leo ón gcomharsa d’fhonn is go mbeadh an rath orthu féin i gcomhair na bliana.

Dá mbeadh ainmhí breoite ag duine thugadh sé sop féir ó chomharsa leis, i ngan fhios don chomharsa dar ndóigh, is chuireadh sé i mbéal an ainmhí é is muna n-íosfadh an ainmhí féin é chaitheadh sé féna cheann é. Deiridís go raibh leigheas ann.

Ní ligidís aoinne des na páistí taobh amuigh den doras nuair a thiocfadh an doircheacht ann oíche Bealtaine is thugaidís an t-uisce isteach leo sara dtitfeadh an oíche. Ní rachadh éinne a’ féachaint comharsa a bheadh breoite oíche Bealtaine muna gcuirtí fios air.

Is minic a gheibheadh bean brat ó chomharsa is í ag dul dtí’n baile mór ach níl aon bhaol go bhfaigheadh sí é dá loirgeodh sí é Lá Bealtaine. Nídís na páistí go léir a bhíodh sa tigh le maothachán oíche Bealtaine d’fhonn is ná beadh aon chumhacht ag daoine maithe orthu i rith na bliana.

Thugaidís stúmpa cabáiste leo ón ngarraí is ghearraidís go mion é is thugaidís do pé ainmhí breoite é a bhíodh acu. Deiridís go raibh leigheas ann.

Nuair a bhíodh na hiascairí a’ dul ag iascach bhíodh sé de nós acu spré mhóna a thabhairt leo ón dtigh mar nach raibh ‘matchanna’ rófhlúirseach an uair sin ach ní thabharfaidís leo é an oíche sin is níl aon bhaol go ligfeadh muintir an tí é a dhéanamh mar ná ceart aon ní a ligint as an tigh oíche Bealtaine. Dá mbeadh leanbh amuigh déanach oíche Bealtaine ní ghlaofadh aoinne ar a ainm féin air ach glao a ligint. Eagla a bheith orthu go sciobfadh na daoine maithe leo é.

Nuair a nídís a gcosa oíche Bealtaine chaithidís uisce na gcos amach rud ná déanaidís aon uair eile.

Dá mbeadh aoinne ná beadh an rath ar a chuid stoic i rith na bliana roimhe sin chomáinfeadh sé a chuid stoic isteach i bpáirc comharsan a mbeadh rath air is chomháinfeadh sé amach arís iad sara n-éireodh aoinne ar maidin.

Chaithidís uisce coisricthe ar na hainmhithe go léir lá Bealtaine agus ar na daoine leis is théidís go dtís na páirceanna go mbíodh na barra curtha iontu is chaithidís uisce coisricthe orthu.

Théidís amach maidin lá Bealtaine féachaint a mbeadh an féar nó coirce tarraingthe nó aon chearc aicídeach caite chucu tar éis na hoíche is dá mbeadh bhéarfaidís an chearc leo is chaithidís isteach i bpáirc duine go mbeadh amhras acu air is dá bhfaighidís aon rud tarraingthe théidís go páirc comharsan is thugaidís mám féir nó rud éigin leo chun an t-olc a bhaint as a raibh déanta i rith na hoíche.

Muna mbeadh aon rud imithe uathu oíche Bealtaine bhídís ag gabháil buíochais do Dhia mar bhí an oiread san piseoga acu ná beadh aon rud éigin imithe uathu tar éis oíche Bealtaine. Tá na piseoga sin go léir nach mór imithe anois is ní haon díobháil é.

Máire Bean Uí Gríbhthín, Cinn Aird, Co Chiarraí a roinn an seanchas le Seosamh Ó Gríbhthín

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Nuair a nídís a gcosa oíche Bealtaine chaithidís uisce na gcos amach…'