Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agat le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Cathal Mac Coille, Mártan Ó Ciardha, John Allen, Pádraic Ó Ciardha, Maitiú Ó Coimín agus Sara Ní Chuirreáin i mbun pinn againn.

Ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar FacebookTwitter. Scaip an scéal, le do thoil!

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

 

Jim Carrey

1. 15 comhartha gur duine ó Chorca Dhuibhne tú…

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur as Corca Dhuibhne thú? Bhuel, tugann tú ‘na camáin’ ar an iománaíocht agus… 

2. Conradh seirbhís aeir bronnta ar Executive Helicopters Limited

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go gcinnteoidh an conradh nua go mbeidh seirbhís aeir ann gach aon lá do phobal Oileáin Árann

3. RTÉ ag tabhairt rogha don phobal féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann le tráchtaireacht i mBéarla nó i nGaeilge

Beidh an rogha seo idir Gaeilge agus Béarla do na cluichí ceannais mar chuid de phlean nua Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ a fhógrofar Dé Máirt

4. An caiteoir agus ceapadóir ó na St. Louis Cardinals a labhair Gaeilge le chéile…

Cérbh iad an bheirt imreoir a bhíodh ag labhairt Gaeilge le chéile agus iad i mbun imeartha san American League in aghaidh leithéidí na Boston Red Sox agus na New York Yankees?

5. Cén Ghaeilge a bheadh ar biff, ouch, ahem agus eh? Meh, an freagra ag na foclóirí…

FRIOTAL: Is ait lenár gcolúnaí na foclóirí Béarla–Gaeilge a bheith chomh balbh is atá siad faoi ‘fhocail’ a bhíonn ar bharr ár dteanga (nó ar bharr na méar) againn go léir

A ndúirt siad…

‘Is féidir a bheith cinnte i gcónaí go gcomhlíonfaidh iriseoirí an bundualgas a ghabhann lena gceird. Cuirfear ábhar nua ar pháipéar, ar líne nó ar an aer de réir mar a iarrtar é. Ach ní hionann soláthar ábhair agus barántas fiúntais.’  

CATHAL MAC COILLE 

 

Is bocht an rud an focal ‘náire’ a chloisteáil i gcomhthéacs na Gaeilge, feictear dom. Is boichte fós é a chloisteáil ó dhuine eicínt a bhfuil suim aici sa teanga agus a bhfuil Gaelscoil roghnaithe acu dá clann.

BRIDGET BHREATHNACH

 

Maidir le Sinn Féin mar phairtí polaitíochta, is cosúil go bhfuil an fhadhb chéanna acu is a bhí ag dreamanna eile a bhog ón bhforéigean chun cur chuige bunreachtúil a tharraingt chucu féin. An gcaithfear iompú in aghaidh iar-chomrádaithe nach nglacann leis an mbealach nua?

PÓILÍN NÍ CHIARÁIN 

 

Ba í an Ghaeilge teanga na cumhachta sa scéal seo agus ba léir go raibh daoine sa rang nár thuig an múinteoir agus bhí daoine áirithe a bhí níos fearr ná a chéile. Bhí an teanga an-tábhachtach don chumhacht a bhí ag an bhfear seo…Bhí na buachaillí faoi gheasa aige

LIAM Ó MAOLADHA 

 

Sin é ár gcion-na an babhta seo.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie