15 comhartha gur duine ó Chorca Dhuibhne tú…

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur as Corca Dhuibhne thú? Bhuel, tugann tú ‘na camáin’ ar an iománaíocht agus...

15 comhartha gur duine ó Chorca Dhuibhne tú…

1. Is cuma Béarla nó Gaoluinn á labhairt agat, deireann tú ‘hi’ ag deireadh gach abairte. ‘An rabhais sa Hillgrove aréir, hi?’ ‘Kick the ball in low, hi!’

 

2. Is cúis gháirí agat go gcreideann daoine as ceantair Ghaeltachta eile gur acu siúd atá ‘an Ghaeilge’ is fearr, mar is ag an nDuibhneach atá an Ghaoluinn is cruinne, is saibhre agus is cirte, an dtuigeas tú? Go deimhin, cuireann tú críoch le gach abairt le ‘an dtuigeas tú?’ mar go bhfuil do chuid Gaoluinne chomh saibhir ceart sin go mbíonn an baol i gcónaí ann ná tuigfidh an té atá ag éisteacht leat an ghaois atá á hiompar ag gach siolla di.

3. Tánn tú agus bhís riamh id’ shaineolaí ar gach aon ní a bhaineann le caid agus canathaobh ná beadh agus gaol gairid agat le duine go bhfuil ar a laghad dhá bhonn Uile-Éireann aige? Ana-imreoir ab ea tú fhéin nuair a bhís óg ach ní cuimhin le héinne tú ag imirt ach amháin ar an lá san go dtáinís isteach mar fhear ionaid fé-14 agus gur tógadh amach arís tú is tú ag pusáil goil i ndiaidh do lánchúlaí ón bhFionnúig crústáil a thabhairt duit. ‘D’imríos leis siúd,’ a deir tú aon uair go dtagann Dara Ó Cinnéide nó duine de mhuintir Uí Shé ar an dteilifís.

 

4. Dar leat gur chóir lucht cead pleanála na Comhairle Contae a thógáint os comhair Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an Hague.

5. Tugann tú ‘na camáin’ ar an iománaíocht. Ní rabhais riamh ag cluiche iomána ach tá ardmheas agat ar Chill Chainnigh mar go bhfuilid beagnach chomh maith céanna ages na camáin is atá Ciarraí ag an gcaid.

6. Tagann deoir led’ shúil nuair a chloiseann tú ‘speech’ Pháidí Sé ó 1985. Nuair a chloiseann tú ‘Beir Mo Dhúthracht’, bíonn cnapán id’ scórnach agat ag cuimhneamh ar ‘tír do rúin’ is a ‘glóire draíochtúil’, fiú muna bhfuilir imithe ach chomh fada le Trá Lí ag triall ar thicéad don mheaits.

dollypartonireland

7. Tá ar a laghad cúig cinn de scéalta maithe agat fé Pháidí Sé, trí cinn fé Haughey, ceann fé Tom Cruise, ceann fé Dolly Parton agus ceann fé Robert Mitchum agus an ‘filum’. Bíonn daoine fé gheasa ages na scéalta seo agat ar staigeanna, ar phóstaíochaí agus ar shochraidí ó cheann ceann na tíre. Agus sin ar fad sara n-insíonn tú dóibh go mbíteá ag imirt caide leis an gCinnéideach agus muintir Shé.

8. Is breá leat a bheith ag béicigh nuair a bhíonn daoine ag amhrán nó ag seimint cheoil. Is minic go mbíonn tú ag béicigh  ‘Ó Thuaidh!’ nó ‘Up Cuas!’ nó ‘Tairg air!’. N’fheadraís canathaobh ach sin a dheineann tú agus ní foláir go bhfuil sé ceart mar is Duibhneach thú tar éis an tsaoil agus ní bheidh do leithéid arís ann.  Pólcaí nó ríleanna is mó a thaitníonn leat nó amhráin ina luaitear Corca Dhuibhne. Dar leat, níl de sheiteanna ann ach seit Chiarraí Thiar. Bíonn na haon bhéic agat nuair a luaitear ‘Daingean Uí Chúis’ san amhrán An Poc ar Buile.

Páidí Mharthain Mac Gearailt

9. Níl ar d’aithne agat d’amhránaithe sean-nóis ach Páidí Mharthain Mac Gearailt.

10. Caitheann tú an samhradh ag tabhairt amach fés na diabhal tourists agus an geimhreadh ag gearán go bhfuil sé factha ‘ana-chiúin’.

Hillgrove

11. Tá do leaganacha ‘Béarla’ féin agat de shloinnte na dúthaí. Cindí (Kennedy), Canar (O’Connor), Mrartí (Moriarty), Geárbhí (Garvey), Finton (Fenton), Bhuelsh (Walsh), Suchabhan (O’Sullivan). ‘An bhfacaís Cindí lasmuigh den shnack wagon tar éis an Hillgrove aréir, hi? Bhí a chaid amuigh aige.’

Dingle Fife and Drum Band
Pictiúr: Marian O’Flaherty

12. Más ón nDaingean thú, cuirtear tús le gach ócáid thábhachtach id’ shaol leis an Dingle Fife and Drum Band ag máirseáil timpeall an bhaile ar a 6 a chlog ar maidin agus an trí phort céanna arís is arís eile acu. Ba dhóbair go gcuiris fios ar an Dingle Fife and Drum Band ar an lá a chaill an Ghaeltacht cluiche ceannais na hÉireann, an lá is fearr id’ shaol go dtí seo.

(B’é an lá ba mheasa ded’ shaol é nuair a bhuaigh An Ghaeltacht craobh sinsear an Chontae i 2001. Ba é an tarna lá ba mheasa é nuair a bhuadar arís é i 2003.) 

13. Más ón ‘áit thiar’ tú, cuireann ‘cleas an Daingin’ an ghomh ort agus iad fós ’imeacht timpeall agus ‘Dingle/ Daingean Uí Chúis’ ar chúl na cairte acu agus a leathanaigh facebook lán go barra de phictiúirí breátha d’áilleacht agus iontais ‘Dhaingean Uí Chúis’, cé gur i bhfad siar thar Dhroichead Bhaile an Mhuilinn a tógadh na haon cheann acu. Maidir leis an gcaidreamh achrannach atá agat le muintir an Daingin, ní dhéanfadh Richard Burton agus Elizabeth Taylor, ná Ciarraí agus Tír Eoghain, paiste dó.

14. Níor thiomáinis mórchuaird Chiarraí riamh in aon iarracht amháin agus más rud é go rabhais ar bharra Chnoc Breánainn, ní raibh ann ach an t-aon bhabhta amháin.

GAA Football All Ireland Senior Championship Quarter-Final, Croke Park, Dublin 2/8/2015 Kerry vs Kildare A Kerry fan captures the day Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

15. Fanfaidh tú leis an bhfinal.

 

– Léigh na 15 comhartha gur duine as Conamara tú anseo

Fág freagra ar '15 comhartha gur duine ó Chorca Dhuibhne tú…'

  • Peigí Mistéal

    LOL

    • PólRéamonn

      Nach fearr GOA (Gáire os ard?) a scríobh?

      • Fear Galltacha

        MDR

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Níl atsan ach smut dárbh fhéidir do lua … nó cá raibh do dhá chluais … ab aon diabhal maith a bheith a’ caint leat … gadé’n scamall athá anuas ort … dh’imigh a’ diabhal ort mar dhuine … tá múrán dá gcuiris asat thuas chomh wrang le cac muice …

    • Maidhc

      Deinse ceann oiriúnach ina inead, a gharsúin! Deas liom san a dh’fheiscint ach go háirithe.

  • Caint na Mumhain

    ana mhaith ambaist.

  • Noirin O Dalaigh

    Cogar, thá san geasáltha ar fad ná thá…..

  • Asal

    Rud is fearr a chonac riamh!