15 comhartha gur duine as Conamara thú…

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur as Conamara tú? Bhuel, bíonn tú go maith ag jiveáil agus...

jiving

1. Is cuma cén aois thú, tá tú iontach ag jiveáil. Ní cuimhin leat riamh jiveáil a fhoghlaim – seans gur ón gcliabhán atá sí agat nó fiú roimhe sin. Ach a luaithe is a chloiseann tú an chéad bhuille den ‘drumbeat country and western’ ar an keyboard, away leat.


taaffesp

2. Nuair a théann tú go Gaillimh téann tú Tigh Taaffe. Is dóigh leat gur leatsa Tigh Taaffe. Níor mhiste leat corrcheann a ól Tigh Chóilí ach ní bhuailfeadh tada Tigh Taaffe. Má tá tú a dhul le haghaidh ‘feed’ roimh Tigh Taaffe, triáilfidh tú an bhialann Iodálach nua sin, ach déanta na fírinne b’fhearr leat greim a fháil sa GBC.


Bicycle

3. Ní thabharfá ‘rothar’ go deo ar ‘bhicycle’ ná ‘rothaíocht’ ar ‘cycláil’ ach níl an col seo atá agat leis an nGaeilge ‘nua’ teoranta d’fheithiclí ná do bhriathra ná d’ainmfhocail. Is mór an cuidiú sa ghnó seo na hiarmhíreanna (suffixaí) ‘-áil’ agus ‘-í’. (Mheetáil tú do mhateannaí ó Ros na Rún Tigh Taaffe aréir.) Scaití, is leor ‘a mhac’ a chur ag deireadh abairte i mBéarla chun abairt bhreá Ghaeilge a dhéanamh di.


©INPHO/Tom Honan
©INPHO/Tom Honan

4. Creideann tú go mbeadh i bhfad níos mó buaite ag Gaillimh sa bpeil dá mbeadh seans ceart tugtha do mhuintir Chonamara. Ní bheadh na All Irelands sin buaite gan Seán Óg agus Seán Ó Domhnaill. Seans go mbeadh bonn Uile-Éireann agat féin, murach go raibh tú thall i mBoston (ar cuid de Chonamara é) an samhradh sin. Go deimhin, seans gurbh fhearr d’áit an domhan mura mbeadh daoine i gcónaí ag ‘déanamh beagáin’ de mhuintir Chonamara.


Night Club

5. Tá tú ag rá le tamall maith go bhfuil tú ‘róshean’ do Tigh Josie. Is iondúil go ndeireann tú é seo agus tú amuigh Tigh Josie ag damhsa agus ‘I’m Gonna Be (500 miles)’ leis na Proclaimers á chasadh.


14706514814_f0b6a24fb3_b

6. Cé go mbíonn tú ag maíomh gurb é an ‘ambient techno’ an cineál ceoil is fearr leat, i do chroí istigh, is é John Beag do laoch, do Dylan agus do dubstep.


Map Conamara

7. Má tá céim agat, is céim Chonamara é. Gaeilge agus Tíreolas – no messin’, a mhac!


Coláiste-samhradh

8. Cuireann na Gaeilgeoirí soir thú chuile shamhradh.


sean_connery_intro

9. Tá tú i do chónaí ar an mbaile beag is sofaisticiúla ar domhan ach is leath-savageachaí iad muintir an chéad pharóiste eile siar uait. Maidir leis an dream atá níos faide siar fós…


FILE -- (NYT5) UNDATED -- Sept. 27, 2008 -- OBIT-NEWMAN-5 -- Paul Newman, the Academy-Award winning superstar who personified cool as an activist, race car driver, popcorn impresario and the anti-hero of such films as "Hud," "Cool Hand Luke" and "The Color of Money," has died. He was 83. Newman, right, and Tom Cruise, in a scene from the 1986 film "The Color of Money," for which Newman won an Oscar for best actor. (Touchstone Pictures/The New York Times)

10. Nuair a bhíonn sos sa gcomhrá sa bpub, deireann tú, ‘Game pool?’


IMGP1051

11. Dá gcuirfí ceist ort an bhfuil aithne agat ar, abair, Johnny O’Donnell, ligfeá ort féin nach bhfuil agus chuirfeá cúpla ceist eile ina thaobh le go mbeadh deis agat ‘Ó, Johnny Phat Tom Pheadair Mhicil Pheter!’ a rá go húdarásach sa deireadh.


MTS

12. Ní fiú tada do bhreithlá nó go luann MTS ar RnaG é.


prom

13. Chuir tú ceist sa mbaile le cinntiú nach raibh gaol fada amach agat leis an duine a raibh tú le cuireadh a thabhairt dó chuig na debs.


Nelson

14. Bíonn trua agat do dhaoine as ceantair Ghaeltachta eile mar nach as Conamara iad.


success_kid

15. Cá bhfuil tú a dhul? ‘Siar go Conamara, an áit a mbíonn an chraic is an spraoi’

Fág freagra ar '15 comhartha gur duine as Conamara thú…'

  • Joe

    #4 Bhí Paul Clancy, Matthew Clancy agus Kevin Walsh I gceist go mòr so foireann sin fresin. Triúir as conamara….

  • Eimear

    16. Má théann tú aon áit is ag gabháil siar nó ago gabháil soir a bhíonns tú (fiú ón teach go dtí an scioból. (Ní dheacaigh tú ó dheas nó ó thuaidh riamh id’ shaol.)