An féidir an milleán a chur ar Shinn Féin as iompar bhaill IRA?

Tá na ceisteanna is déanaí faoi Shinn Féin agus an IRA ag cothú guagachta thar na bearta i bpróiseas polaitiúil a bhí sách leochaileach roimhe seo

Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland
Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland

An féidir an milleán a chur ar Shinn Féin as iompar ball den IRA nó iompar iarbhall den IRA, iar-chomrádaithe le cuid d’ionadaithe an pháirtí? An bhfuil Sinn Féin ciontach muna gcruthófar a mhalairt nó go dtí go ndéanfar sin? Céard ba cheart do Shinn Féin a dhéanamh anois?

Ceisteanna iad seo atá ag cothú guagachta thar na bearta i bpróiseas polaitiúil a bhí sách leochaileach roimhe seo. Dúshlán is ea é Stormont a thabhairt slán thar éis dhúnmharú Kevin McGuigan ar an Tráigh Ghearr ar an dara lá déag den mhí seo.

Bhí caint ann go mbeadh tionchar ag scéal an dúnmharaithe ar roinnt na cumhachta nuair nach raibh á lua leis ach fíoch idir iar-Shealadaigh, ach cuireadh an lasair sa bharrach nuair a luaigh bleachtairí an tIRA Sealadach leis an gcoir.

Creideann an PSNI go raibh baint ag baill reatha den IRA Sealadach le marú Kevin McGuigan mar dhíoltas ar mharú Jock Davison sa Bhealtaine seo caite. Mhaígh Príomh Chonstábla an PSNI, George Hamilton, gur léirigh an fhianaise go raibh an tIRA gníomhach agus struchtúir ceannais fós aige ach é ag gníomhú go síochánta, neamhpharaimíleatach. Níor ordaigh agus níor cheadaigh ceannasaíocht an IRA dúnmharú Kevin McGuigan, ar sé. Bhí an PSNI cinnte freisin, a dúirt sé, go raibh roinnt comhaltaí den IRA tugtha do choiriúlacht ar mhaithe leo féin.

George Hamilton
Príomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton

Bhí an DUP ag fanacht lena thuilleadh eolais ón bPríomh-Chonstábla ach níor chuir sé sin srian ar chuid dá n-ionadaithe. Scríobh Ian Paisley Óg sa Belfast Telegraph gur cheart Sinn Féin a chaitheamh amach as an bhFeidhmeannas muna ndeir an PSNI go raibh dul amú orthu nó muna n-eiríonn leis an bpáirtí féin cleas draíochta a imirt le neamhchiontacht a léiriú.

Dar le Paisley Óg, ba cheart stop a chur le cruinnithe den bhFeidhmeannas, mar nach feidir obair mar is gnách a dhéanamh i bhfianaise dhúnmharú McGuigan. Tá baill den DUP a bhí patuar faoi roinnt na cumhachta le Sinn Féin, nó naimhdeach dó ag tapú a ndeis chun brú a chur ar a gceannaire, Peter Robinson. Is cosúil go bhfuil Robinson toilteanach fanacht leis an bhfianaise nó, ar a laghad, le measúnú ó Theresa Villiers agus seirbhísí faisneise na Breataine.

Shéan Sinn Féin as éadan go raibh an tIRA ann i gcónaí. “They have gone away, you know” a dúirt ceannaire an pháirtí, Gerry Adams, ag tagairt dá ráiteas conspóideach nuair a dúirt sé a mhalairt ar fad scór blianta ó shin. Dúirt ionadaithe de Shinn Féin go raibh cumainn ‘IRA’ ann fós, ar nós grúpaí iarchimí nó an grúpa a eagraíonn sochraidí na n-iarbhall, ach gurb in a raibh fágtha de struchtúir airm na heagraíochta. Cháin Sinn Féin an dá mharú agus dúirt nár phoblachtánaithe iad sin a bhí freagrach – ach coirpigh.

Mhaígh lucht tacaíochta an pháirtí i nglaonna gutháin ar chláracha raidió gur ag iarraidh aird a dhíriú ar rud ar bith seachas scannal NAMA a bhí an DUP. Drochsheans go raibh buntáiste le baint as an gcleas sin taobh amuigh dá gcampa féin. Cheap formhór an phobail gur shoiniciúil an mhaise dóibh é a bheith ag déanamh beag is fiú de dhúnmharú.

Géaraíonn an chonspóid seo ar an teannas idir Sinn Féin agus na páirtithe eile, go háirithe idir iad agus an DUP. Cuireann sé le hamhras agus mímhuinín. Mar sin féin, ní léir conas is féidir, de réir an dlí, Sinn Féin a ruaigeadh as an bhFeidhmeannas ceal fianaise níos críochnúla ná mar a facthas go fóill a thástáil sna cúirteanna. Dá gcaithfí amach iad – le seift éigin de chuid an Státrúnaí – dhéanfaí mairtírigh de Sinn Féin, stádas a bhailigh tacaíocht dóibh cheana.

Maidir le Sinn Féin mar phairtí polaitíochta, is cosúil go bhfuil an fhadhb chéanna acu is a bhí ag dreamanna eile a bhog ón bhforéigean chun cur chuige bunreachtúil a tharraingt chucu féin. An gcaithfear iompú in aghaidh iar-chomrádaithe nach nglacann leis an mbealach nua? Rinne De Valera imtheorannú ar an IRA. Is cinnte, i bhfianaise a staire, nach nglacfadh Sinn Féin le himtheorannú – ach céim mhór is ea é ‘coirpigh’ a ghlaoch ar iar-chomhghleacaithe.

Tá céim eile a d’fhéadfaidís a ghlacadh – cibé eolas atá acu faoi dhúnmharú Davison agus McGuigan a roinnt, gan cheist, leis an PSNI. Rud beag é sin don ghnáthshaoránach – is é an rud is lú é ba cheart do phairtí polaitíochta a dhéanamh. Ach athrú mór a bheadh ann do Shinn Féin…

Fág freagra ar 'An féidir an milleán a chur ar Shinn Féin as iompar bhaill IRA?'

  • Fearn

    “An féidir an milleán a chur ar Shinn Féin as iompar bhaill IRA?”

    Is féidir ach ní chóir.

    Is de phoilitíocht é gan fhaill a ligint thart a mhillfeadh faoi do chéile chomhraic. Ní

    taise do lucht dímheasa Shinn Féin

    Freagracht phearanta choíche!