An caiteoir agus ceapadóir ó na St. Louis Cardinals a labhair Gaeilge le chéile…

Cérbh iad an bheirt imreoir a bhíodh ag labhairt Gaeilge le chéile agus iad i mbun imeartha san American League in aghaidh leithéidí na Boston Red Sox agus na New York Yankees?

Baseball

An raibh a fhios agat gurb í an Ghaeilge an teanga a bhíodh á labhairt ag caiteoir (pitcher) agus ag ceapadóir (catcher) fhoireann baseball na St. Louis Cardinals agus iad i mbun imeartha san American League in aghaidh leithéidí na Boston Red Sox agus na New York Yankees ag tús an chéid seo caite?

Beidh fuascailt an scéil le feiceáil sa gclár teilifíse ‘Ón Mam go dtí na Major Leagues’, atá déanta ag fear óg as Camus, Aenghus Mac Eochagáin, agus a ‘spáinfear ar TG4 ag tús mhí na Samhna seo chugainn.

4 BrosScéal thar a bheith spéisiúil atá ann faoi mhuintir Néill a bhí i measc na n-imearcach a thug aghaidh ar na Stáit Aontaithe de bharr an Ghorta Bhig (1879). Bhí cúigear clainne orthu nuair a d’fhág siad Dúiche Sheoigheach i dTuaisceart Chonamara agus saolaíodh ochtar eile díobh nuair a chuireadar fúthu i Minooka, Pennsylvania.

Bhí Jack agus Mike ar bheirt den chúigear a rugadh ar an Mám agus ba thall a saolaíodh Steve agus Jim – eatarthu d’imir siad do 10 gcinn de na clubanna baseball ba mhó i Meiriceá agus de réir an chláir, ba i nGaeilge a labhraíodh Jack (an ceapadóir) agus Mike (an caiteoir) agus iad ag imirt lena chéile do na Cardinals idir 1902 – 1906. 

Ainneoin go raibh an baseball gairmiúil á imirt sna Státaí le trí scór bliain ag an am, b’sheo an chéad uair ag deartháireacha imirt sa dá ionad ar a dtugann Poncánaigh ‘the battery’, mar gurb iad sin croílár na foirne.

Ba é Steve O’ Neill ba mhó a bhain onóir amach. Bhí seisean ar fhoireann na Cleveland Indians nuair a bhuaigh siad an World Series i 1920 agus ina dhiaidh sin chaith sé tamallacha ag imirt leis na Red Sox, St. Louis Browns agus leis na New York Yankees, áit a raibh Babe Ruth mar chomrádaí imeartha agus mar dhlúthchara aige.

Nuair a chuir timpist’ bhóthair deireadh lena chuid imeartha, thug Steve O’ Neill faoin mbainistíocht agus b’fhearr ná sin arís a d’éirigh leis i mbun an chúraim sin. Ba é a bhí ina bhainisteoir ar na Detroit Tigers nuair a bhuaigh siadsan an World Series i 1945 agus ar na foirne eile a bhí faoina threoir, bhí na Indians, na Red Sox agus na Phillies.

Steve O'Neill Meastar gur imir suas le 60 imreoir ar fad a rugadh in Éirinn sna Major Leagues, ina measc Jimmy Walsh, a rugadh i gCill Ala agus a d’imir 1,800 cluiche do na Yankees.

De réir m’áirimh, is é an Corcaíoch Joe Cleary an té is deireanaí a d’imir agus é ina chaiteoir ag na Washington Senators in aghaidh na Red Sox i 1945.

D’imir cúpla Éireannach an Pheil Mheiriceánach ag an ngrád is airde freisin. Nuair a bunaíodh an NFL i 1929, bhí fear a rugadh i Maigh Eo, Birtie Maher, ag imirt do na Detriot Heralds agus níos gaire do láthair idir 1977 agus 1985, ba é Neil O’ Donoghue as Cluain Dolcáin i mBleá Cliath an ciceálaí a bhí ag na Buffalo Bills (áit a raibh O.J  Simpson ina chomhghleacaí aige), na Tampa Bay Buccaneers agus St. Louis.

D’imir O’ Donoghue peil Ghaelach le Cumann an Chloigthigh, scoláireacht sacair a thug chuig na Státaí é agus nuair a tháinig deireadh tobann le foireann sacair na hollscoile, d’iompaigh O’ Donoghue ar an leagan Mheiriceánach den pheil.

Is é Pat Burke an t-aon Éireannach go dtí seo a d’imir cispheil ag an leibhéal is airde sna Státaí. Trí bliana d’aois a bhí an Búrcach nuair a d’fhág a theaghlach Bleá Cliath i 1976 gur chuireadar fúthu i Cleveland. Le linn a óige, bhí Pat ar dhuine de na himreoirí cispheile ab fhearr i Meiriceá agus shínigh conradh le Orlando Magic i 2002. Ina dhiaidh sin d’imir sé leis na Pheonix Suns, chomh maith le bheith ina chaptaen ar fhoireann cispheile na hÉireann.

Go fiú agus gur imirt roinnt daoine a rugadh sa tír seo san NHL – an leibhéal is airde i haca-oighir na Státaí. Tuaisceartaigh ab ea a mbunáite – Sammy McManus a bhí ar fhoireann na Boston Bruins a bhuaigh an Stanley Cup i 1935, fear darbh ainm Bobby Kirk a d’imir do na New York Rangers i dtráth an ama chéanna; agus Jim McFadden, a d’imir do na Detroit Red Wings agus na Chicago Black Hawks idir 1946-1954.

Agus tharlódh nach i bhfad uainn leathanach nua i stair iomaíochta shliocht Néill ar pháirceanna gairmiúla na Stáit Aontaithe.

Go gairid tar éis dó Craobh Peile na hÉireann a bhuachan le Corcaigh i 1990, d’fhág Colm O’ Neill, a bhean chéile agus a gclann óg Mainistir na Corn agus chuireadar fúthu i Denver. I mbliana chríochnaigh an duine is sine den chlann sin, Darragh, a chuid scolaíochta sa Univeristy of Colorado agus é léirithe le cúpla bliain aige go raibh sé ar dhuine de na ciceálaithe is fearr sna comórtais idir-ollscoileanna a bhfuil an oiread sin tóir orthu. Cheana féin, tá suim curtha ag na Detoit Lions ann agus súil aige go dtairgeoidh siad conradh dó.

Ní ón ngaoth, ná óna athair ar fad, a thugann Darragh a chuid cumais ciceála leis. Is uncail dá chuid peileadóir iomráiteach Chathair Saidhbhín – Maurice Fitzgerald.

Fág freagra ar 'An caiteoir agus ceapadóir ó na St. Louis Cardinals a labhair Gaeilge le chéile…'