Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh T.D., gurb iad Executive Helicopters Limited atá roghnaithe le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann. Tá sé i gceist go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta conradh i gcrích leis an gcomhlacht seo tar éis an 9 Meán Fómhair i mbliana.
Ba í an Oifig um Sholáthar Rialtais a stiúir an próiseas soláthar poiblí a reáchtáladh chun tairiscintí a fháil don tseirbhís aeir. Faoin gconradh nua, cuirfear eitiltí fillte laethúla ar fáil ar héileacaptair idir na hoileáin agus Aerfort na Gaillimhe don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019.
Agus an scéala á fhógairt aige, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé sásta go raibh ar chumas a Roinne conradh nua a aontú a chinnteoidh go mbeidh seirbhís aeir ar fáil d’Oileáin Árann ar bhonn rialta gach aon lá as seo go ceann ceithre bliana.
“Tá áthas orm a bheith ábalta an fógra seo a dhéanamh inniu. Cinntíonn an comhaontú idir mo Roinnse agus Executive Helicopters Limited go leanfar leis an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann sna ceithre bliana romhainn,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Conradh seirbhís aeir bronnta ar Executive Helicopters Limited'