X RULES OUT COALITION WITH Y – séasúr na seafóide thart, beagnach

Ní hannamh, faraor, a chuireann iriseoirí a gcuid ama féin agus am a gcuid leitheoirí amú i rith an tsamhraidh. Tá sé chomh maith againn labhairt go macánta

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

‘Níor thug páipéar an t-eiteachas do dhúch ariamh.’ Ar ndóigh, chuala mé an seanfhocal á mhíniú ar scoil, ach níor thuig mé i gceart é ariamh, go dtí go ndeachaigh mé i mbun oibre mar iriseoir. Is ansin a thuig mé an fhírinne ar cúis náire í.

Seo a leanas mar sin, eadrainn féin, mo chur síos féin ar an bhfírinne. Scéilin, i dtosach, faoi chómhrá in oifig nuachtáin fadó. Bhí imní ar an eagarthóir nuachta (scríbhneoir an ailt seo, mo léan). Ganntanas nuachta á chrá. Ach bhí ábhar sóláis dó ag an leaseagarthóir.

“Cuimhnigh i gcónaí,” a dúirt sí, “go mbeidh an páipéar i gcló amárach. B’fhéidir nach mbeidh sé thar mholadh beirte. B’fhéidir go mbeidh sé ar fheabhas. Nó, an rud is dóichí, b’fhéidir gur idir eatarthu a bheidh sé. Ach, déan talamh slán de, foilseoimíd nuachtán, ná bíodh aon imní ort.”

Bunbhrí a ndúirt sí? Is féidir a bheith cinnte i gcónaí go gcomhlíonfaidh iriseoirí an bundualgas a ghabhann lena gceird. Cuirfear ábhar nua ar pháipéar, ar líne nó ar an aer de réir mar a iarrtar é. Ach ní hionann soláthar ábhair agus barántas fiúntais.

Dá gcumfaí leagan mínáireach den seanfhocal thuas, sílim gur abairt mar seo, nó a mhacasamhail, a bheadh ann:

“Cuireann na meáin ábhar nua ar fáil i gcónaí, dá fheabhas nó dá dhonacht an t-ábhar sin.’

Is le linn shéasúr na seafóide, nó laethanta an leadráin (an leagan Gaeilge is fearr liom mar chur síos ar an ‘silly season’), a fheictear an toradh is follasaí ar an laige seo. Fág i leataobh an saothar den scoth a chuir Tuairisc.ie agus foilsitheoirí/craoltóirí eile ar fail le dhá mhí anuas agus ní tearc na samplaí de shaothar seafóideach nó saothar suarach nó, uaireanta, saothar gan chiall.

Is deacair an t-ábhar is leibidí a foilsíodh le linn ré ráiméise na bliana seo a roghnú ach, ó thaobh na polaitíochta de, níl aon amhras faoi na scéalta is seafóidí.

Scéalta faoi chomhrialtais, ar féidir ceann acu a chumadh gan stró ach cloí leis an gcur chuige seo:

1. Cuir as an áireamh béarlagair na bpolaiteoirí agus tuairimíocht iriseoirí

2. Tabhair X ar an bpolaiteoir atá ag caint.

3. Tabhair Y ar pháirtí éigin eile.

4. Sin déanta, is féidir achoimriú a dhéanamh ar an tseafóid le dhá chineál ceannlíne:

X RULES OUT COALITION WITH Y

X DOES NOT RULE OUT COALITION WITH Y

Is é bun agus barr na scéalta seo go léir nach réamhthuairimí na bpolaiteoirí ach vótaí an phobail agus comhdhéanamh na Dála nua a dheimhneoidh cé a bheas i mbun comhrialtais le chéile.

Roimh an toghchán, tá ceisteanna níos tábhachtaí agus níos téagartha le cíoradh, a mbeidh tionchar mór acu ar shaol na tíre sna blianta atá romhainn.

Gearrliosta de cheisteanna polaitiúla 2015-16: 

(a) Na roghanna ba chóir a dhéanamh sa Cháinaisnéis ar an 13 Deireadh Fómhair.

(b) Na roghanna idir caiteachas breise agus faoiseamh ar cháin a ba chóir a dhéanamh tar éis an olltoghcháin.

(c) Ganntanas tithe.

(d) Cúrsaí uisce.

(e) Deacrachtaí sa tseirbhís sláinte.

(f) Tionchar iarsmaí an IRA ar an saol polaitiúil, thuaidh agus theas.

(g) Réiteach Eorpach agus Éireannach ar shíortheacht na dteifeach thar teorainn agus thar sáile.

(h) Agus corrcheist eile gan dabht nach féidir a mheá fós nó nach eol dúinn fós.

Focal scoir: bhí dream amháin gnóthach i gcaitheamh an tsamhraidh a thuill ardmholadh gan choinnioll: criúanna an LÉ Eithne agus an LÉ Niamh. Buíochas a dhaoine fíoruaisle, agus comhghairdeas!

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon  

Fág freagra ar 'X RULES OUT COALITION WITH Y – séasúr na seafóide thart, beagnach'

  • Séamas Mac Coitir

    Bainim an-taitneamh i gcónaí as gach rud a scríobhann Cathal Mac Coille. Bíonn sé fuinniúil, bríomhar agus lán de ghreann neamhurchóideach. Tá an Ghaeilge ar a thoil aige, agus tá an-léargas aige ar pholaitíocht na tíre seo.
    Go bhfága Dia buan é, agus guím gach rath agus séan air!

    Séamas Mac Coitir.