RTÉ ag tabhairt rogha don phobal féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann le tráchtaireacht i mBéarla nó i nGaeilge

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh an rogha seo idir Gaeilge agus Béarla do na cluichí ceannais mar chuid de phlean nua Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ a fhógrofar Dé Máirt

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Den chéad uair riamh, tabharfaidh RTÉ rogha don phobal an mhí seo chugainn féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann le tráchtaireacht i mBéarla nó i nGaeilge.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh an rogha seo idir Gaeilge agus Béarla do chluichí ceannais iománaíochta agus peile na hÉireann i measc na mbeartas teanga a fhógrofar Dé Máirt seo chugainn nuair a sheolfaidh an Taoiseach Enda Kenny Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019.

Tuigtear go bhfuil na socruithe cuí á ndéanamh faoi láthair le go mbeidh teacht ag daoine ar thráchtaireacht Ghaeilge RTÉ ar chórais teilifíse éagsúla. Beidh tráchtaire agus comhthráchtaire breise ar dualgas i bPáirc an Chrócaigh ag RTÉ do na cluichí móra ar an 6 agus an 20 Meán Fómhair chun an tseirbhís tráchtaireachta Ghaeilge a sholáthar.

Is ar bhonn píolótach a bheidh an rogha á tairiscint i mbliana agus má éiríonn go maith leis an gcraoladh sa dá theanga, leanfar leis an nós amach anseo.

Ronan-Man-an-Iomaire-
Rónán Mac Con Iomaire

Is sa Science Gallery i gColáiste na Trionóide i mBaile Átha Cliath, a sheolfaidh an Taoiseach, Enda Kenny Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019.

I láthair chomh maith beidh Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran agus Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, an té a chuir an Plean Gníomhaíochta i dtoll a chéile. 

Ceapadh Mac Con Iomaire mar an chéad Ghrúpcheannasaí Gaeilge in RTÉ i ndiaidh fhoilsiú Tuarascáil Ghrúpa Oibre RTÉ ar an nGaeilge i mí na Samhna 2013. Is é foilsiú an phlean ghníomhaíochta ceithre bliana an chéad mhórbheartas ag Mac Con Iomaire ó ceapadh é chun treoir a thabhairt don eagraíocht maidir lena polasaí Gaeilge.

Seolfar Dé Máirt chomh maith Scéim Teanga do RTÉ 2015-2018 de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Fág freagra ar 'RTÉ ag tabhairt rogha don phobal féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann le tráchtaireacht i mBéarla nó i nGaeilge'

  • Darragh Ó Náraigh

    Go raibh maith agat a Rónáin!

  • John

    An mbeidh teacht ar an leagan gaelainne ag an te thar lear? conas is feidir feachaint air ar line?