Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Comórtas

Ar an gcéad dul síos, tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil comórtas breá eile againn daoibh!

Is é is ‘Áilleacht Chonamara’ ann ná sraith de sé phrionta mhóra ar pháipéar síoda speisialta leis an ngrianghrafadóir Seán Ó Mainnín.

Tá radharc ar leith de thírdhreach Chonamara le feiceáil ar gach prionta sa tsraith seo atá le seoladh go luath ag an Mainníneach.

Ar ndóigh, tá aithne agaibh ar Sheán mar ghrianghrafadóir agus Eagarthóir Pictiúr le Tuairisc.ie. Ach nuair nach mbíonn sé sa tóir ar an Taoiseach nó ag glacadh pictiúr ag leithéidí Chomórtas Peile na Gaeltachta, is é an rud is ansa le Seán ná a bheith sa tóir ar sholas na gréine ar chladaí Cois Fharraige, ar bhruach linne nó ar bharr na mBeanna Beola.

Seolfar ‘Áilleacht Chonamara’ go luath ach seo deis do léitheoirí Tuairisc.ie an tsraith speisialta seo – ar fiú €90 é – a bhuachan trí chlárú dár Nuachtlitir anseo


Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agaibh le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie thar an deireadh seachtaine agus leithéid, Phóilín Uí Chiaráin, Mártan Ó Ciardha, John Allen, Pádraic Ó Ciardha, John-Paul McCarthy agus Sara Ní Chuirreáin i mbun pinn againn. 

Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar FacebookTwitter. Scaipaigí an scéal, le do thoil!


Sraith peile fantaisíochta na nGael! Duaiseanna le buachan!

Glacaicí páirt i sraith peile fantaisíochta sacair Tuairisc.ie!

Tá sraith peile fantaisíochta cruthaithe ag Tuairisc.ie agus cuireadh á thabhairt againn dár léitheoirí páirt a ghlacadh ann. Beidh duais bhreá againn do bhuaiteoir na sraithe agus bronnfar duaiseanna eile ó thráth go chéile le linn an tséasúir ar dhaoine a dhéanann gaisce.

Mar sin, má cheapann tú go bhfuil ábhar bainisteora ionat nó gur tú an saineolaí sacair is eolaí i measc na nGael, ní gá ach na treoracha seo a leanúint:

1. Téigh go dtí fantasy.premierleague.com

2. Cláraigh d’fhoireann

3. Úsáid an cód 1870355-428962 chun páirt a ghlacadh i sraith Tuairisc.ie

Má tá foireann cláraithe cheana agat, oibríonn an cód céanna chun clárú le sraith Tuairisc.ie

Go n-éirí go geal leat, agus libh go léir, agus scaipigí an scéal!


Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo..

 

Vox pop

‘Tá sé mínádúrtha Béarla a labhairt le Gaeilgeoirí, is cuma cé atá sa gcomhluadar!’


04/06/2014. Leaving Cert exams begin. Leaving cert students at Marian College, Ballsbridge, Dublin, sit their English paper 1 this morning as the exams get under way. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland

‘Níor mhór cúrsa dhá bhliain a dhéanamh anois le foghlaim cén chaoi Gaeilge na hArdteiste a theip’


19/06/2014. Dublin scenes. Two men having a drink outside The Palace Bar in Dublin's Temple Bar today. Photo Laura Hutton/RollingNews.ie

Drogall ar chainteoirí Gaeilge comhrá a thosú i nGaeilge nó í a labhairt i láthair daoine nach bhfuil an teanga acu


IMG_9205

Tuige an Ghaeilge? A bhfreagra tugtha ag foghlaimeoirí Mheiriceá Thuaidh…


Nach deas é?

Nach deas é? Bhí a chaid amuigh aige…


A ndúirt siad

“Seo iad na daoine a bheas ag rá i gceann cúpla bliain ‘fuair mé grád onóra san Ardteist ach níl aon Ghaeilge anois agam’ – níl aon Ghaeilge inniu ag go leor acu”.

Máire Ní Fhinneadha

“Ach an oiread leis an gcaipitleachas domhanda, níl aon fhadhb le hearraí a bheith ag gluaiseacht ar fud na cruinne, ach tá deacracht mhór acu le daoine. Comhartha an mheatacháin déileáil leis an rud balbh, ach an duine beo daonna, bhuel, caithfear é siúd a sheachaint ar eagla do chraicinn.”

Alan Titley

“Níl an téarmaíocht againn chun go mbeadh díospóireacht cheart againn ar ghníomhartha fealltúla a deineadh agus a deintear ar pháirc na himeartha. Le breis is céad bliain tá a bpeacaí maite d’imreoirí a luaithe is a théann siad amach ar féarach agus tugtar urraim  don té is is míspórtúla amuigh, ag brath ar líon na mbonn a bhíonn ag sileadh leis agus é ag éirí as.”

Dara Ó Cinnéide

Bhí sé ann; bhí sé as; bhí sé ann arís. Cráite atá sé; eaglach atá sé; míbhuíoch; feargach. Níl faoiseamh le fáil san athshaol, sa lá eile. Cíorann Ó Conghaile an t-ábhar go máistriúil. Tá Lazarus agus a chuid mothúchán romhat. Bíonn trua agat dó; tuigeann tú cúis a imní.

Pól Ó Muirí

Ní bhíonn drogall orm Gaeilge a labhairt nuair atá daoine eile i láthair nach bhfuil an teanga acu. Ní bhíonn ná baol orm. Róchúramach a bhí mé faoi seo le blianta. Tá sé mínádúrtha Béarla a labhairt le Gaeilgeoirí, is cuma cé atá sa gcomhluadar!

Bláthnaid Ní Chofaigh

Sin é ár mbuillne tugtha an geábh seo.

KH

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'