Ní hiad Tír Eoghain amháin atá i dtaobh leis an tumoideachas

Maitear a chionta do Thiarnán McCann mar a mhaithimid a chionta do dhuine dár dtreibh féin…

Tiernan McCann dive

Caithfidh léargas bheith agat ar chultúr áirithe atá cruthaithe le breis is deich mbliana anuas chun scagadh ceart a dhéanamh ar an méid a thit amach sa chluiche ceathrú ceannais idir Tír Eoghain agus Muineachán i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

Cé go bhfuil go leor scríte agus ráite faoi gheáitsíocht agus faoi chur i gcéill Thiarnán McCann an tseachtain seo, ní mór a chím scríte ná, go deimhin, níl aon ní cloiste agam faoin méid a dúradh le McCann féin laistigh den ngnáthóg bheag sin a chruthaíonn foirne dóibh féin le linn feachtais craoibhe.

Is minic a cloistear an tráth seo den mbliain go bhfuil ‘rudaí go maith sa champa’ nó go bhfuil ‘sprid mhaith sa ghrúpa’ nó go bhfuil an uile dhuine ‘laistigh den gciorcal’ meáite ar a ndíchill a dhéanamh craobh na hÉireann a bhreith leo i mbliana. Ach cathain go deireanach a chualaís aoinne ag rá aon ní spéisiúil faoin saol lasmuigh den ‘gcampa’ nó den ‘gciorcal’ nó den ‘ngrúpa’?

Tá a fhios agam féin tar éis dhá bhliain déag a chaitheamh mar bhall de phainéal sinsear idirchontae, go dtaibhsítear duit uaireanta ná fuil aon saol eile lasmuigh de phobal an phubaill. Tá do chruinneog bheag agatsa agus ag do chomhghleacaithe agus lasmuigh de sin, níl aon ní gurbh fhiú duitse bheith ag déanamh marana air.

Is mar sin atá ag gach aon fhoireann gur fiú trácht orthu. Tá a mhapaí agus a chompás féin ag gach buíon imreoirí. Cruthaíonn an fhoireann a domhan féin agus braitheann na teorainn a leagtar síos ar an dtuiscint atá ag an mbuíon ar an saol atá mórthimpeall orthu. I mbeagán focal, tá cuma ana-dhifriúil ar an ndomhan ón dtaobh istigh i gcomparáid leis an gcuma atá ar an ndomhan ón dtaobh amuigh.

Tá sé de cheart acu siúd atá ag scríobh agus ag trácht ón dtaobh amuigh ar na gníomhartha agus ar na cluichí atá le feiscint ós a gcomhair amach bheith ag súil go mbeadh an tuiscint chéanna againn ar chaid agus ar spórt is atá ag na himreoirí a bhíonn ina lár istigh.

Bítear ag súil go mbeadh an uaillmhian uasal céanna ag na himreoirí is a bheadh againne don gcluiche.

Teastaíonn uainn, agus tá sé de dhualgas orainne sa lucht féachana bheith ag éileamh go mbeadh na cluichí agus na himreoirí féin cothrom, cóir, fearúil agus thar aon ní eile – spórtúil.

Ach ná bíodh iontas orainn más a mhalairt atá le feiscint againn an t-am seo den mbliain.

Agus ná bíodh sé mar chúis iontais ná alltachta, ach an oiread, dúinn má fhaightear amach ná fuil aon tsuim faoin spéir ag imreoirí an lae inniu i nithe ar nós cothrom na féinne, nó ná fuil aon ghéilleadh acu do phrionsabail agus d’eiticí an spóirt ann féin.

Tá dhá chultúr atá glan bun os cionn lena chéile in iomarbhá lena chéile anseo. Agus ná bíodh leisce orainne, lucht féachana agus lucht tráchta, a admháil go bhfuil baint againn féin leis an iomarbhá chomh maith.

Ag labhairt dó i rith na seachtaine, dúirt iarimreoir Thír Eoghain, Brian McGuigan, go mb’fhéidir go raibh imreoirí Thír Eoghain na linne seo faoi bhrú toisc an méid a bhain an ghlúin a d’imigh rompu amach. B’iad siúd an ghlúin a bhuaigh trí chraobh Uile-Éireann in imeacht cúig bliana agus cé go raibh tréithe acu nár thaithin leis an slua, glacadh leo ag an am toisc go rabhadar ag buachtaint. B’fhéidir gur fíor go mbíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha ach níl aon amhras ná gur leis an bhfear a bhíonn in uachtar a tugtar cluais.

Canathaobh, mar sin, go bhfuiltear ag súil le caighdeáin níos airde ó imreoirí Thír Eoghain na bliana 2015 agus conas go bhfuil slat tomhais níos déine á húsáid dóibh? 

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Dúirt iarimreoir Thír Eoghain, Brian McGuigan, go mb’fhéidir go raibh imreoirí Thír Eoghain na linne seo faoi bhrú toisc an méid a bhain an ghlúin a d’imigh rompu amach. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Bhí gnéithe áirithe, leis, i mbua Chiarraí anuraidh nár thaithin le scata i gcontae Chiarraí agus lasmuigh den gcontae ach, arís, múchtar na guthanna ná fuil ag teacht le glór na caithréime. Sin é an domhan atá cruthaithe againne ins na meáin chumarsáide dúinn féin agus dos na foirne a bhíonn in uachtar.

Dá réir sin, nuair a chuirtear cláracha ómóis le chéile ar Ryan McMenamin agus nuair a  deintear tagairt don ealaíon a bhí ar bun aige ar pháirc na himeartha, deintear gáire bheag agus deirtear rud éigin ar nós go ‘raibh faobhar agus gearradh faoi’ seachas rudaí eile a d’fhéadfaí a rá. Agus nuair a bítear ag scríobh faoi fhoireann na Mí ins na hochtóidí agus na nóchaidí, deirtear coitianta fúthu agus sinn ag féachaint siar go maoithneach, go raibh ‘an diabhal dearg orthu’ agus go ‘n-íosfaidís gan salann ná piobar tú’.

Ní cás Thír Eoghain ná, go deimhin, cás na Mí amháin é seo, toisc, le fírinne, go n-úsáidtear téarmaíocht agus coraí cainte neafaiseacha chun an nimh a bhaint amach as an rud agus chun bogadh a dhéanamh ar earra a bhí ana-chruaidh agus ana-ghránna tráth. Níl an téarmaíocht againn chun go mbeadh díospóireacht cheart againn ar shalachar agus ar ghníomhartha fealltúla a deineadh agus a deintear ar pháirc na himeartha.

Le breis is céad bliain tá a bpeacaí maite d’imreoirí a luaithe is a théann siad amach ar féarach agus tugtar urraim agus gradam don té is fealltúla agus is míspórtúla amuigh, ag brath ar líon na mbonn a bhíonn ag sileadh leis agus é ag éirí as.

Is mór an trua san. Is mór an trua é ó thaobh na staire. Is mór an trua é ó thaobh na scéalta atá le breacadh dos na glúnta atá le teacht agus is mór an trua é, chomh maith, ó thaobh na hiriseoireachta féin. 

 Cé go gcáinfidh muintir Thír Eoghain gníomh Thiarnán McCann an tseachtain seo, seasfaidh siad leis toisc gur duine dá gcuid féin é. B’fhéidir gur bhreá linn ar fad go gcrochfaí go poiblí é (agus tá dóthain de sin déanta ar na meáin shóisialta an tseachtain seo), ach tá a fhios againn go léir go dtógfaimis go léir an seasamh céanna dá mbainfeadh sé lenar dtreibh féin.

Beidh an saol laistigh den bpuball idirchontae difriúil i gcónaí, agus raghaidh gach aon fhoireann atá fágtha sa chraobh sa ghleo sa tslí chéanna arís. Maithfear a chionta do McCann má cheadaítear dó dul ag imirt agus má aimsíonn sé báide na bua in aghaidh Chiarraí seachtain ón nDomhnach agus beidh fonn orainn go léir a scéal a chlos ansan.

An té a bhíonn thuas, óltar deoch air agus an té a bhíonn thíos, buailtear cois air.

As seo go ceann míosa, níl aon ní eile ag déanamh tinnis don imreoir idirchontae ach an méid atá ag titim amach laistigh den bpuball, den gcampa nó den gciorcal agus is amhlaidh a bheidh nó go mbeidh fonn ar na húdaráis dul i ngleic leis an scéal i gceart seachas bheith ag déanamh sampla de dhuine fánach amháin.

Idir an dá linn, ná bímis ag crústach na gcloch d’fhonn is milleán a chur ar a chéile!

Fág freagra ar 'Ní hiad Tír Eoghain amháin atá i dtaobh leis an tumoideachas'