‘Tá sé mínádúrtha Béarla a labhairt le Gaeilgeoirí, is cuma cé atá sa gcomhluadar!’

Fuarthas i dtuarascáil nua go mbíonn drogall ar Ghaeilgeoirí comhrá a thosú i nGaeilge go háirithe i gcomhluadar daoine nach bhfuil sí acu. Labhair muid le scata Gaeilgeoirí aitheanta le teann fiosrachta faoina nósanna teanga féin

¡ine NÌ Bhreisle·in, Nuacht TG4  at the annual Oireachtas Media Awards in the Radisson Blu Hotel in Galway. Hosted by RT… Aengus Mac Grianna, these annual Awards celebrate achievement and excellence in the Irish language media sector. Photo:Andrew Downes: XPOSURE

Áine Ní Bhreisleáin – Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta

Caithfidh tú toiseacht i nGaedhilg den chuid is mó sa réimse oibre ina bhfuil mise. Corruair a thoiseoinn i mBéarla ach tá sé níos fearr an Ghaedhilg a thriail ar dtús.

Bím sa chúirt leis an obair agus má bhíonn iriseoir eile ann le Gaedhilg, ‘sí an Ghaedhilg a labhróidh muidinne ach Béarla leis na hiriseoirí eile.

Bímse sa teach tábhairne agus tuigeann formhór na ndaoine Gaedhilg. Má bhíonn duine ann gan Gaedhilg, b’fhéidir go gcaithfeadh tú an oíche uilig ag aistriú ach labhródh tú Gaedhilg – tá daoine ann gan Gaedhilg a déarfadh leat ‘coinnigh ort’. Tuigeann siad í ach ní labhrann siad í. Bíonn daoine ag déanamh go bhfuil sé dímhúinte go bhfuiltear ag fágáil daoine amach ón gcomhrá ach ní mar sin atá.

Ní bhíonn drogall ar bith orm in áiteanna ar leith ar nós an Oireachtais nó Club an Chonartha. Tá sé amaideach daoine a thabhairt isteach ag súil go n-iompóidh an comhrá; ní rachfainn isteach san Allianze Français ag súil go labhródh daoine Béarla liom!

 

8019929675_934b4c7d9b_oEimear Ní Chonaola – Láithreoir nuachta, Nuacht TG4

Thosóinn comhrá i nGaeilge i gceantar Gaeltachta, i mBaile Bhúirne nó i nGaoth Dobhair, nó in áit a mbeadh go leor Gaeilge ann. Thosóinn i nGaeilge i gcónaí in áiteanna mar sin ach ní dhéanfainn i mBaile Átha Luain, abair, mar ní minic a bheadh Gaeilge ag an duine eile.

Dá mbeadh duine sa gcomhluadar gan Gaeilge, labhróinn i nGaeilge agus dá mbeinn ag iarraidh pointe ar leith leo a dhéanamh, déarfainn i nGaeilge é agus ansin arís i mBéarla.

 

 

Irish television personality Daithi O'Se with beard. Daithi O'Se feature ....Photo by Chris Bacon

Dáithí Ó Sé – Láithreoir teilifíse, RTÉ

Ar shlí, toisc go bhfuil aithne ag an bpobal orm mar dhuine le Gaelainn, tagann daoine chugham le Gaelainn ar dtúis, agus ní bheadh leisce orm í a úsáid. Ach is minic a thosnaíos comhrá i mBéarla agus d’fhreagrófaí i nGaelainn mé, agus leanfainn leis an nGaelainn sa chás san.

Bheinn ana-chúirtéiseach agus níor mhaith liom a bheith ag maíomh ‘tá Gaelainn agamsa, an bhfuil sí agatsa?’. Níor mhaith liom a bheith ag déanamh gaisce go bhfuil sí agam agus mar sin is minicí a thosnóinn i mBéarla.

I gcomhluadar measctha, ní theastódh uaim éinne a fhágáint amach as an gcomhrá. Ní theastaíonn uaim a bheith mímhúinte. Dá mbeinn sa bhFrainc, seans go mbeinn saghas pissed off dá mbeadh gach éinne thart timpeall orm ag caint i dteanga ná tuigim agus teanga a thuigim ar a dtoil acu.

 

Tomaí RuaTomaí Rua Ó Conghaile – Eagarthóir Nós

Ní thosóinn comhrá chomh minic sin ach amháin i gceantar Gaeltachta nó i gceantar a bhí thar a bheith Gaelach ar nós Bhóthar na bhFál nó ar ócáid a raibh go leor cainteoirí ann. Bhainfinn triail as, b’fhéidir, ach d’úsáidfinn Béarla den chuid is mó i gceantair eile.

Labhróinn Gaeilge i gcónaí i gcomhluadar measctha agus dhéanfainn pointe de, b’fhéidir, mar feicim nach mbíonn drogall ar bith ar chainteoirí Breatnaise nó Catalóinise a dteanga a labhairt.

 

 

_BLATHNAID-NI-CHOFAIGH-0500123240Bláthnaid Ní Chofaigh, Láithreoir teilifíse, RTÉ

Ní bhíonn drogall ar bith orm – níos cantalaí atá mé faighte le haois!

Ní bhíonn drogall orm Gaeilge a labhairt nuair atá daoine eile i láthair nach bhfuil an teanga acu. Ní bhíonn ná baol orm. Róchúramach a bhí mé faoi seo le blianta. Tá sé mínádúrtha Béarla a labhairt le Gaeilgeoirí, is cuma cé atá sa gcomhluadar!

 
 
 
 

11105268_895398780519915_7997149558073151481_oStiofán Ó Fearail –  Ceoltóir le Seo Linn

Níl fadhb ar bith agam ‘go raibh maith agat’ agus rudaí mar sin a rá agus mé amuigh. Ní bheinn cleachtaithe ar chomhráite a thosú i nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Is dóigh go dtosóinn den chuid is mó le Béarla, timpeall Bhaile Átha Cliath agus na háiteacha ansin. B’fhéidir go gcuirfinn an cheist leath bealaigh thríd an gcomhrá, ‘bhfuil Gaeilge agat?’, agus má bhíonn, d’iontóinn láithreach.

D’athróinn go Béarla gan dabht i gcomhluadar a mbeadh Béarlóirí ann. Ní bheinn ag spalpadh Gaeilge agus mé i gciorcal agus duine gan Gaeilge; an rud is tábhachtaí ná daoine a mhealladh chuig an nGaeilge, agus tá sé níos fearr gan a bheith drochbhéasach, agus cúpla focal a chaitheamh isteach anseo agus ansiúd ach is cinnte go labhróinn Béarla ann.

Déarfainn le daoine a bheadh ag labhairt na Gaeilge an Béarla a labhairt dá mbeadh daoine eile ann sa gcomhluadar nár thuig [an Ghaeilge]. Tá sé níos tábhachtaí smaoineamh ar mheon na ndaoine gan Gaeilge agus an chaoi a mbeadh siadsan ag aireachtáil.

Má tá Gaeilge agat, labhair í, agus tá sé sin go hiontach ach ná bíodh duine ar bith fágtha ar an trá fholamh ceal tuisceana.

Tarlaíonn sé le mo mhuintir féin; níl mórán Gaeilge ag mo dheartháireacha sa mbaile agus má bhíonn mo chuid cairde uilig sa teach ag caint Gaeilge, bíonn na deartháireacha míchompóirteach mar ní thuigeann siad céard atá a tarlú.

 

micheal_o_ciaraidhMícheál Ó Ciaraidh – Láithreoir Cúla 4 ar TG4

Braitheann sé ar theanga na háite. Ó mo thaithí féin agus mé i mo chónaí i mBearna i mbliana, i gceantar Gaeltachta, den chéad uair riamh, tá níos mó muiníne agamsa dul isteach sna siopaí agus comhráite Gaeilge a thoiseacht – go háirithe na comhlachtaí beaga mar tá seans maith ann, nó seans níos fearr ann, go mbeidh Gaeilge acu.

Cúpla uair i mbliana thug mé faoi deara go mbíonn an-mheas ort má dhéanann tú iarracht í a labhairt agus athraíonn an meon agus an caidreamh agus an chumarsáid idir tú féin agus an duine eile nuair atá tú á labhairt.

Má tá duine amháin sa ghrúpa in ann Gaeilge a labhairt, is breá liom é agus déanfaidh mise iarracht Gaeilge a labhairt fiú mura mbíonn Gaeilge ag daoine eile sa ghrúpa. B’fhéidir go dtagann sé sin ó mo thaithí mar bhunmhúinteoir agus mé ag múineadh os comhair an ranga; ní bheadh Gaeilge go rómhaith ag an gcuid is mó den rang ach bheadh caighdeán níos fearr ag corrdhuine ann.

Rinne mé iarracht agus déanaim iarracht agus déanfaidh mé iarracht an Ghaeilge sin a spreagadh i measc daltaí eile. Cinnte má bhíonn daoine sásta í a labhairt beidh mise sásta í a labhairt. Maidir le daoine ó thíortha eile bíonn siad i gcónaí ag iarraidh foghlaim faoinár gcultúr agus faoinár dteanga.

 

Fiona Ní FhlathartaFíona Ní Fhlaithearta, Láithreoir teilifíse, TG4

Dá mbeinn sna siopaí i gConamara, is Gaeilge a labhróinn le dream an deli agus ag an gcuntar. Tá mé ag caitheamh go leor ama sa Spidéal na laethanta seo agus is í an Ghaeilge a labhraím i gcónaí sna siopaí ansin. Ach i nGaillimh nó in áiteacha eile timpeall na tíre, is i mBéarla a labhróinn dháiríre mar cheapfainn nach bhfuil Gaeilge acu – agus b’fhéidir go bhfuil; b’fhéidir go bhfuil togha na Gaeilge acu ach ní thosóinn i nGaeilge.

Braitheann sé cé air a bhfuil muid ag caint. Dá mbeadh deichniúr timpeall ar an mbord ag caint ar an ábhar céanna agus chuile dhuine ag caitheamh amach tuairimí, is dóigh go mbraithfeadh sé ar céard a labhródh na daoine eile – Béarla, is dóigh. Ach ansin idir thú fhéin agus an duine a bheadh suite ar do thaobh gur i nGaeilge a labhródh sibh.

Bhí mé i bPerth na hAstráile agus bhí go leor ann as Conamara ach as ceantracha eile freisin agus bhí muid i gcomhluadar measctha agus labhair mé Gaeilge leis an té a bhí suite trasna uaim agus bhí seisean ag caint liom i mBéarla.

‘Céard tú a dhéanamh?’ a d’fhiafraigh mé de agus dúirt sé nach raibh Gaeilge ag an té a bhí in aice leis. ‘Ach ní leis atá mé ag caint’, a d’fhreagair mé. Tá sé casta mar tá tú ag iarraidh do theanga a chosaint ach ag an am céanna níl tú ag iarraidh an comhluadar a mhaslú.

Bíonn sé deacair freisin nuair a bhíonn nós agat an Béarla a labhairt le duine ar casadh ort iad san am atá caite agus a cheap tú nach raibh Gaeilge acu, bíonn sé deacair iontú ar an nGaeilge leo sin. Tá sé casta.

Fág freagra ar '‘Tá sé mínádúrtha Béarla a labhairt le Gaeilgeoirí, is cuma cé atá sa gcomhluadar!’'

  • Liam

    An díomá orm faoin méid a dúirt Stiofán. Seafóid agus cur i gcéill atá i gceist aige. Tá sé ag moladh do dhaoine a labhraíonn Gaeilge i gcónaí le chéile Béarla a labhairt ar mhaithe le Béarlóirí.
    Caithfidh Gaelgeoirí éírí as an nós sin mar atá fhios againn gur beatha teanga í a labhairt agus go practiciúil dá leanfadh muidne an cleachtadh sin agus Béarlóirí mórthimpeall orainn ní bheadh Gaeilge ar bith á labhairt aon áit in Éirinn.
    Tá daoine ann a bhfuil náire orthu fós Gaeilge a labhairt go poiblí ach ba chóir go mbeadh bród orthu go bhfuil an teanga ársa ar a dtoil acu.

  • O Mac Niallais

    Botún sa headline sin. Seo ba cheart bheith ann: REPORT CONFIRMS GAEILGEOIRÍ HAVE MANNERS! MORE MONEY SPENT ON FINDING OUT THE OBVIOUS!

  • Cúnla

    Meas tú cé mhéad de na daoine a thug a dtuairim san alt seo atá sásta leis an gceannlíne?

  • cormac

    Meon na scoloige poibli ag Daithi O Se dar liom. Eagla air go mbeadh daoine pissed off leis a thugann air GAN Gaeilge a labhairt. Cothaionn na breithre (Bearla) na braithre sa chas seo dar ndo’ – ni nach togth air – ach ni ga gaisce a dheanamh chun do theanga fein a chur chun cinn. Labhroidh Frainciseoiri a dteanga feinn beag beann ar an gcomhhluadar ach bimidne faiteach (=rochuirteiseach) agus sinn ag feacadh glun don gcomhluadar Bearla i gconai. Ni miste a bheith nios teanntasai o thaobh labhairt na teanga de, bionn athas ar a lan daoine i a chlos.

  • PólRéamonn

    @níl mórán Gaeilge ag mo dheartháireacha sa mbaile agus má bhíonn mo chuid cairde uilig sa teach ag caint Gaeilge, bíonn na deartháireacha míchompóirteach mar ní thuigeann siad céard atá a tarlú –

    Ansin, nach bhfuil an fhreagracht ag do dheartháireacha chun Gaeilge a fhoghlaim?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Eagla ar dhaoine Gaeilge (nó ‘Gaedhlig’ mar a deir Áine agus muintir chúige Uladh – is breá liom an téarma sin) a labhairt taobh amuigh den Ghaeltacht ach breá sásta Béarla a labhairt leo siúd nach bhfuil cumas labhairt na Gaedhlige acu má thagann siad isteach sa Ghaeltacht…cá bhfágann sin caomhnú agus buanú na Gaedhlige?

    Nach dtuigeann daoine go bhfuil dhá theanga oifigiúla sa tír seo? Ní leor go díreach an Ghaedhlig, ár dteanga dúchais, a labhairt sna ceantracha Gaeltacta – nach leis an tír iomlán í?

    Is cuma cén teanga a labhraítear le cainteoir Béarla – leanfaidh siad a labhairt Béarla leat! Nuair a bhí mé sa Rómáin agus mé ag cuardú treoracha ó dhuine dúchasach ansin thosaigh muid ar an teanga is bunúsaigh dá bhfuil againn, sé sin an comharthaíocht láimhe agus coirp, mar nach raibh teanga na Rómáine agamsa agus cha raibh Béarla, Fraincís ná Gearmáinis ag mo threoraí! Ach d’éirigh liom ceann scríbe a bhaint amach sa deireadh.

  • Daithi

    Mise ar an mhórthír faoi lathair agus gach duine anseo iltheangach. Athraíonn siad go béarla ar mhaithe leis an té nach dtuigeann an comhrá. Ní fheicim an fhadhb leis sin. Ní comórtas atá i gceist idir dhá theanga. Níl ann ach béasa. Grá agam don teanga ach níor mhaith liom í a úsáid mar uirlis chun daoine eile a fhágáil ar an taobh líne. Tá neart deiseanna chun Gaeilge a úsáid; níl aon gá é a chur síos muinéal daoine ach an oiread.