An long atá buailte ag ráig den hantaivíreas le teacht le cé in Tenerife

Ocht gcás den hantaivíreas atá deimhnithe ar an MV Hondius agus triúr a bhásaigh

An long atá buailte ag ráig den hantaivíreas le teacht le cé in Tenerife

Tá an long chrúsála ar a bhfuil ráig den hantaivíreas chun teacht le cé ag Granadilla ar oileán in Tenerife. Thug rialtas na Spáinne an méid sin le fios tráthnóna in ainneoin go bhfuil rialtas áitiúil na nOileán Canárach in aghaidh cead a thabhairt don teacht le cé ansin.

Dhiúltaigh Uachtarán na nOileán Canárach, Fernando Clavijo, do chinneadh rialtas na Spáinne cead a thabhairt don long chrúsála de chuid na hÍsiltíre, an MV Hondius, teacht le cé sna hoileáin. Tá ráig den hantaivíreas ar an long, víreas a scaipeann creimirí. 147 paisinéir as 23 tír a bhí ar bord na loinge.

An chéad lá de mhí an Aibreáin a sheol an MV Hondius, long chrúsála ghalánta, as Ushuaia, san Airgintín ar a turas go Poblacht Cabo Verde. Meastar go sroichfidh sí na hOileáin Chanáracha laistigh de chúpla lá.

Tá an víreas tolgtha ag roinnt paisinéirí agus criú agus tá triúr básaithe dá bharr.

“Ní féidir liom an long a ligean isteach sna hOileáin Chanáracha,” a dúirt an tUachtarán Clavijo.

“Níl an cinneadh sin á dhéanamh agam ar aon bhonn teicniúil agus níor tugadh ár ndóthain eolais dúinn.”

Dúirt Clavijo gur theastaigh uaidh casadh go práinneach le Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez i Maidrid leis an scéal a phlé.

Dúirt Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Tedros Adhanom Ghebreyesus, go raibh “an chontúirt don tsláinte phoiblí fós beag”.

Dheimhnigh sé go raibh triúr a bhí ar an long “ar a mbealach go dtí an Ísiltír le cóir leighis a fháil” mar chuid de mhisean na heagraíochta sin i gcomhar le stiúrthóirí na loinge agus na húdaráis náisiúnta sa Ríocht Aontaithe, sa Spáinn, san Ísiltír agus i bPoblacht Cabo Verde.

Ocht gcás den hantaivíreas atá deimhnithe ar an long agus triúr a bhásaigh.

Is annamh a scaiptear an víreas seo ó dhuine go duine mar is iondúil gur teagmháil idir duine agus creimire, nó teagmháil lena chuid fuail, a sheile nó a chac.

Mar sin féin is eol gur scaip an galar seo corruair i measc daoine a bhí i ngartheagmháil lena chéile i gcás cineál amháin den víreas ar a dtugtar hantaivíreas na nAindéis, cineál tógálach atá scaipthe i Meiriceá Theas. Tá an cineál sin le fáil san Airgintín, an tír ónar sheol an long chrúsála.

Bhásaigh paisinéir amháin a cuireadh ar eitleán go dtí an Afraic Theas ar mhaithe le cóir leighis a fháil agus dá bharr tá sé ráite ag aireacht leighis na tíre sin go bhfuil siad ag obair le teacht ar na daoine ar fad a bhí i dteagmháil léi – paisinéirí, criú agus oibrithe eile. Coinneofar súil ghéar ar na daoine sin ar fad as seo go ceann ocht seachtainí, an t-achar a d’fhéadfadh an víreas a bheith á ghor ina gcolainn. Go dtí seo níl aon chomhartha ann go bhfuil an víreas tolgtha ag aon duine de na teagmhálaithe sin.

Fág freagra ar 'An long atá buailte ag ráig den hantaivíreas le teacht le cé in Tenerife'