Tuige an Ghaeilge? A bhfreagra tugtha ag foghlaimeoirí Mheiriceá Thuaidh…

Thug 48 foghlaimeoir Gaeilge ó Mheirceá Thuaidh mí ag foghlaim Gaeilge i nGaeltacht Chonamara le déanaí. Cén fáth?

Nicole Albee, Kevin Houston, Zoë Langsdale, Patrick Mairs, Revata Rua, Gearóid Costello agus Dylan Cooper a rinne cúrsa Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua
Nicole Albee, Kevin Houston, Zoë Langsdale, Patrick Mairs, Renata Rua, Gearóid Costello agus Dylan Cooper a rinne cúrsa Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua

D’fhág 48 foghlaimeoir Gaeilge slán leis an gCeathrú Rua ag an deireadh seachtaine tar éis dóibh ceithre seachtaine a chaitheamh i mbun cúrsa Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Ina measc, bhí bean a bhfuil spéis sa Ghaeilge aici ón uair a chuala Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh filíochta, fear as Massachusetts a chuir aithne ar Mhícheál Ó Cearna, an duine is sine de mhuintir an Bhlascaoid a mhaireann beo, agus eitneacheol-eolaí arbh é a spéis san amhránaíocht ar an sean-nós a mhúscail a shuim sa teanga.

Bhí a bhformhór acu ann mar chuid de chlár Fulbright, a bhronnann deontais ar mhic léinn Éireannacha agus Mheiriceánacha le staidéar agus taighde a dhéanamh sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn. Bhí cúpla duine ó Cheanada ar an gcúrsa, a bhuíochas le ICUF, chomh maith le corrdhuine ó thíortha eile.

Rinne seachtar de na mic léinn a bhí bailithe os mo chomhairse gáire mhór nuair a d’fhiafraigh mé díobh “eh..cén fáth, mar sin, a bhfuil sibh ag foghlaim na Gaeilge…?”

“Sin í an cheist!” a dúirt siad d’aonghuth.

Bhí a gcúiseanna féin ag gach uile dhuine acu, ach bhí siad uilig ar aon fhocal gurbh é an beart ba chríonna a rinne siad ar a n-aistear teanga ná mí iomlán a chaitheamh sáite i saol na Gaeilge i gConamara.

“Bhí mé anseo cúig bliana déag ó shin. Bhí mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath ar feadh roinnt mhaith blianta agus thit mé i ngrá leis an teanga. Thug mé faoi chúrsaí i nGleann Cholm Cille freisin, ach tá an caighdeán anseo san Acadamh an-ard go deo,” a dúirt Renata Rua, as cathair Kansas.

Tá Renata ag obair sa Chultúrlann Éireannach i Kansas agus múineann sí bunranganna Gaeilge do Ghael-Mheiriceánaigh a chuireann spéis sa teanga ann. Músclaíodh a spéis sa Ghaeilge nuair a chuala ní Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh a cuid filíochta le linn di féin a bheith i mbun na céime. Bheartaigh sí ar theacht go hÉirinn le tabhairt faoi máistreacht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus is ann a chuir sí barr feabhais ar a cuid Gaeilge.

“Tháinig mé ar ais mar bhí mé as cleachtadh leis an nGaeilge. Tá a lán suime ag na daoine i gcathair Kansas sa teanga, agus ina ndúchas Éireannach i gcoitinne,” a dúirt sí.

Is annamh, b’fhéidir, a shamhlaítear Kansas le muintir na hÉireann agus is minice i bhfad a chloistear faoi phobal Éireannach Massachusetts – go háirithe iad siúd atá ag cur fúthu i mBostún.

Tá cónaí ar Ghearóid Costello in East Longmeadow, tuairim is 90 míle taobh amuigh den chathair mhór sin, agus is ann a casadh air Mícheál Ó Cearna, atá beagnach céad bliain d’aois. Is é Mícheál an duine is sine de mhuintir an Bhlascaoid a mhaireann beo i gcónaí agus cabhraíonn sé le Gearóid a chuid Gaeilge a chleachtadh.

“Tá suim mhór agam sa teanga. D’éirigh mé as an obair cúpla bliain ó shin agus ní rabhas ag iarraidh a bheith díomhaoin mar sin thosaigh mé ar chúrsa Gaeilge i Springfield. Tá ceangal an-láidir idir Iarthar Chiarraí agus Springfield agus tá a lán cainteoirí Gaelainne ann.

“Rugadh agus tógadh mo chara Mike Kearney ar an mBlascaod Mór. Tá sé an-chairdiúil agus buailim leis fé dhó gach mí agus is í an Ghaelainn a labhraimíd le chéile,” a mhínigh Gearóid.

Ní hé seo an chéad gheábh ag Gearóid ar fhód a mhuintire. Tá gaolta leis ina gcónaí i gContae Chiarraí go fóill agus is minic a thugann sé cuairt orthu.

“Beidh mé ag dul go Ciarraí arís tar éis an chúrsa anso. Tabharfaidh mé cuairt ar mo chuid col ceathracha agus beimíd ag dul go hAonach an Phoic. Beidh go leor spraoi ann!

“Tá sé ana-thábhachtach a bheith le do mhuintir anso, agus tá sé níos deise a bheith leo. Cím mo mhuintir gach trí nó ceithre bliana agus bíonn deis againn labhairt le chéile – i mBéarla agus i nGaelainn – tá sé ana-dheas,” a dúirt sé.

“Nach bhfuil gaol ag gach Meiriceánach le hÉirinn?” a dúirt Dylan Cooper, bean léinn as Petaluma California, nuair a d’fhiafraigh mé an raibh aon nasc ag na mic léinn leis an tír seo. Tá Dylan tar éis díriú ar an nGaeilge agus ar an tSean-Ghaeilge mar chuid dá staidéar ar an teangeolaíocht. Is duine de shliocht na hÉireann í, agus baint ag a muintir leis an taobh eile de chontae na Gaillimhe.

“Tá ceangal idir m’ollscoil féin agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus cuirtear áiteanna ar leataobh san Acadamh gach bliain do na mic léinn seo againne. Bhuaigh mise ceann de na háiteanna sin anuraidh.

“Ba Seachnasach as Gort Inse Guaire í mo mhamó. Bhí an tÉireannachas agus an Ghaeilge ann i gcónaí ar bhealach. Chloisinn í ó sheanuncailí, nach maireann. Ní thuigeann mo mhuintir i gceart cén fáth a bhfuilim anseo!” a dúirt.

“Ní thuigeann duine ar bith!” a d’fhreagair Kevin Houston, a tháinig chuig an gCeathrú Rua ó New Jersey le snas a chur ar a chuid caintesean.

Níl Kevin chomh cinnte sin faoin dúchas Éireannach atá aige ach amháin gur fhág a mhuintir an tír seo le linn an Drochshaoil.

Ní mar gheall ar an nasc sin a thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge, áfach. Bhí riachtanas teanga ag baint leis an gcúrsa ollscoile a roghnaigh sé agus bhí an Ghaeilge i measc na dteangacha a bhí ar fáil.

“Go bhfios dom, ní raibh Gaeilge ag mo mhuintir a d’fhág Contae an Chláir le linn an Ghorta Mhóir. Ní thuigeann duine ar bith an fáth a bhfuil mé á foghlaim ach nuair a thosaigh mé uirthi ar scoil, thit mé i ngrá léi agus bheartaigh mé mo sheacht ndícheall a dhéanamh an líofacht a bhaint amach,” a mhínigh sé.

Thaitin an cúrsa go mór le gach duine a bhí sa seomra ach d’airigh siad uathu cúpla rud ón mbaile go mór.

“Stable WiFi!” a béiceadh nuair a fiafraíodh céard é an difríocht is mó idir Conamara agus an baile dúchais. Luadh glasraí go sonrach freisin.

“Tá an bia an-difriúil anseo – tá i bhfad níos mó de ann! Faighim trí bhéile in aghaidh an lae, leagtha ar phláta os mo chomhair – ní fhaighim é sin sa bhaile!” a dúirt Dylan a áiríonn aimsir California go mór uaithi agus í buailte is basctha ag gaoth an Atlantaigh fhiáin.

Níl mórán de dhifríocht san aimsir idir Amherst, Massechusetts agus An Cheathrú Rua dar le Zoë Langsdale, atá i mbun taighde agus staidéir ar cheol tuaithe na hÉireann agus Shasana. D’fhoghlaim sí Gaeilge le tuiscint níos fearr a fháil ar na hamhráin ar an sean-nós – agus í foghlamtha chomh maith sin aici go bhfuil cúpla amhrán ráite aici Tigh Khitt i gCasla.

“Tá an-spéis go deo agam i gcórtha agus sa ghlór mar uirlis, agus mar sin roghnaigh mé an Ghaeilge mar bhí an sean-nós chomh spéisiúil sin agus bhí mé ag iarraidh an teanga a fhoghlaim freisin.

“Is í an eitneacheol-eolaíocht mo réimse saineolais, is é sin le rá go ndéanaim staidéar ar chultúir daoine trína gcuid ceoil. Ba mhaith liom an t-eolas a fhaighim ón staidéar agus taighde sin a oibriú isteach i gcumadóireacht nua-aimseartha do chóir,” a mhínigh sí.

Cé go bhfuil roinnt mhaith acu ag fanacht abhus le cuairt a thabhairt ar an gcuid eile den tír, ní fhillfidh siad ar an gCeathrú Rua ná ar an Acadamh go ceann bliana ar a laghad, agus cuid acu, ní fhillfidh siad go brách.

Is le croí trom a d’fhág siad, mar sin, ach níl aon amhras orthu ach gur chuir a dtréimhse thiar i gConamara go mór lena gcuid Gaeilge. Chuir sé chomh maith lena dtuiscint uirthi mar theanga phobail, agus ar a leochailí is atá sí faoi láthair.