LÉIRMHEAS: Idir Diabhlaíocht Dé agus diagacht dhiabhalta

Ní léamh amháin atá i gceist le saothar nua Mhichíl Uí Chonghaile ach géilleadh agus cluas le héisteacht a thabhairt do dhiabhlaíocht Dé agus do dhiagacht dhiabhalta

An Fear Dara Láimhe_ICONLá eile LazarusDiabhlaíocht Dé le Micheál Ó Conghaile

Cló Iar-Chonnacht, €12

Agus é ag scríobh sa réamhrá den chnuasach gearrscéalta, May You Die in Ireland/Bás in Éirinn, scríobhann duine d’eagarthóirí an leabhair, Aodán Mac Póilin: “Is beag scéal sa Ghaeilge a phléann le cumhacht, le hairgead nó le Dia, rud a d’fhág i muinín an dá théama mhóra eile mé, an grá agus an bás.”

Má bhíonn an dara heagrán den leabhar ann, beidh air an réamhrá sin a athscríobh nó seo chugainn anois cnuasach gearrscéalta le Micheál Ó Conghaile – Diabhlaíocht Dé – a phléann le Dia, le diabhail agus, gan amhras, an dá théama mhóra eile sin, an grá agus an bás.

Cuirfidh an léitheoir sonrú láithreach i dteideal an leabhair – Diabhlaíocht Dé. Ní minic, sa chomhthéacs Críostaí comhaimseartha, go bhfeiceann tú “diabhlaíocht” luaite le Dia. Fiú ag lucht na Gaeilge nach gcreideann i nDia nó sa Chríostaíocht, nach go réidh a thagann ‘Rath Dé ar an obair’, abair? Diabhlaíocht Dé? Bhuel, sin réamhfhógra go bhfuil an chaint choitianta agus an chiall thraidisiúnta le cur bun os cionn ag an údar.

Agus cuirtear. Tá an scéal, ‘Lá Eile Lazarus’, ar cheann de na scéalta is traidisiúnta sa chnuasach. Insíonn an t-údar scéal Lazarus i ndiaidh dó éirí ó mhairbh; scrúdaíonn Lazarus a shaol féin as an nua; fiafraíonn sé de féin cad chuige ar tharla an méid ar tharla dó; teitheann sé roimh dhaoine a chuireann eagla air anois. Bíonn siad fiosrach ar dtús faoina scéal ach ní fada go n-éiríonn na ceisteanna gránna garbh: abair linn cad é a tharla duit? Cad chuige nach ndeir tú linn? An ag ceilt rud inteacht atá tú?

Mearbhall atá air. Bhí sé ann; bhí sé as; bhí sé ann arís. Cráite atá sé; eaglach atá sé; míbhuíoch; feargach. Níl faoiseamh le fáil san athshaol, sa lá eile. Cíorann Ó Conghaile an t-ábhar go máistriúil. Tá Lazarus agus a chuid mothúchán romhat. Bíonn trua agat dó; tuigeann tú cúis a imní.

Sa scéal as a n-ainmítear an leabhar, ‘Diabhlaíocht Dé’, samhlaíonn Ó Conghaile éabhlóid dhifriúil an duine. Faigheann Dia greim ar bheirt ápa agus bronnann sé anam ar dheartháir amháin acu ach éalaíonn an dara hápa: “Slog siar an t-anam sin anois agus beidh d’anam féin agat is ag do shliocht an chuid eile de do shaol is den tsíoraíocht fhada ina dhiaidh sin.”

Ach ní buíoch atá an t-ápa as a anam ach a mhalairt. Scaradh atá i gceist. Tá ualach i gceist le hanam; ní thig leis maireachtáil i measc na gcrann níos mó; tá sé thíos leis – ar dhóigh an-fhisiciúil – nó is den talamh feasta é. Níos measa arís, tuigeann sé a chás; tuigeann sé go bhfuil a shaol i ndiaidh athrú as éadan. Caithfidh sé scaradh lena dheartháir agus leis an tsaoirse a bhí aige agus é anois “ag siúl go tromchosach ar thóir foscadh na gcrann ard. Ina dheoraí. Ar thóir a lóistín ar dhromchla dóite míthrócaireach na talún. Sáinnithe ansin i gcroimeasc a cholainne féin. In adhastar a intinne…”

Cuir sin i gcomparáid leis an traidisiún Críostaí, abair. Dó féin a chruthaigh Dia an duine daonna agus is é a bheidh míshuaimhneach go dtí go mbíonn sé i gcuideachta Dé arís. Ach ní Dia a shantaíonn carachtar Uí Chonghaile ach na crainn. Tá cumha i ndiaidh na coille air.

Sin léiriú amháin ar chur chuige an údair – an rud a aithníonn tú, nó a leathaithníonn tú, a chur romhat agus a leagan féin a dhéanamh de ina chanúint féin.

Níl rud ar bith deacair faoina chuid scríbhneoireachta. Is é an bua atá aige – ceann de na buanna – go dtig leis canúint an lae inniu, canúint an uile lae, a lúbadh agus a shaothrú gan stró agus scéalta gáirsiúla págánta paiseanta saolta dalba a chur os comhair an léitheora. Níl na focail doiligh. Is é dúshlán an léitheora deis a thabhairt don scéal tionchar a imirt air agus Ó Conghaile a leanstan ar a chosán cruthaitheach féin. Ní bheidh sin furasta ag gach aon duine nó ní fáidh fear ina dhúchas féin.

Cumann Ó Conghaile miotaseolaíocht agus meitifisic as a shamhlaíocht féin. Ortha dá chuid féin atá i ngach aon phíosa; iarracht ealaíonta le taisteal siar go tús ama chun ceist a chur faoi cheisteanna beatha agus báis. B’fhéidir go n-aithneodh an léitheoir rian scéil as miotaseolaíocht na gCeilteach nó na Rómhánach nó mír as scéalta eile níos faide i gcéin. Tá go maith. Ach ní gá go n-aithneodh. Níl an t-údar ag iarraidh a chuid eolais féin a léiriú; ní bheidh sé ag tabhairt marcanna sa bhreis duit as tionchar na gcultúr domhanda a aithint. Síscéalta agus fáidhscéalta atá anseo. Ní léamh amháin atá i gceist ach géilleadh agus cluas le héisteacht a thabhairt do dhiabhlaíocht Dé agus do dhiagacht dhiabhalta.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Idir Diabhlaíocht Dé agus diagacht dhiabhalta'