Mar a deirtí san fhógra iomráiteach siúd do phéint leasaitheach, déanann bailiúchán nua filíochta Paul Laughlin ‘díreach mar a deir sé ar an channa’, nó ‘ar an chlúdach’ sa chás seo.
Ardaíonn íomha an chlúdaigh dorn siombalach san aer le cur lena chuid focal agus smaointe.
Tugtar ómós sa teideal, ar ndóigh, do Rónán Mac Aodha Bhuí a fuair bás in 2023, agus a spreag glúin nua Gael sa tír seo leis an mana agus slua-ghairm d’íomhá an doirn. Úsáideann an ghlúin nua seo an dorn mar ráiteas neamhbhalbh go bhfuil laethanta an dara haicme thart – ní hamháin i dtéarmaí teanga ach san idéalachas comhionannais, córa agus comhghuaillíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Agus thig le Gaeil cathanna níos leithne ná cath na Gaeilge a throid. Luann Paul Laughlin Gael eile ag tús an leabhair, ag athrá mhana Mháirtín Uí Chadhain gurb í ‘an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus gurb í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge.
Tuigeann an léitheoir ón tús, mar sin, cén treo a bhfuil Laughlin dár dtabhairt, le dánta neamhleithscéalacha, criticiúla agus dúshlánacha a phléann stair a bhaile dúchais Doire, an Ghaeilge, an pholaitíocht reatha agus, mar chnámh droma an bhailiúcháin, an t-uafás agus an cinedhíothú i nGaza.
Tá an léargas sin an-soiléir sa dán SaorDhoire, ina gcuimhníonn an t-údar ar a bheith ag cúléisteacht le treoraí ag labhairt le grúpa turasóirí ag Cúinne SaorDhoire. Fealsúnacht agus meon atá in SaorDhoire anois, seachas ceantar fisiciúil:
Creidtear anseo go bhfuil sochaí
Níos cothroime riachtanach
Saol níos fearr indéanta agus
Go bhfuil an méid sin tuillte
Do chuile dhuine ar fud na cruinne
A fhad is atá an meon sin
I gcroílár ár bpobail a dúirt sé
Mairfidh SaorDhoire i gcónaí
Mar chuid mhór dár bhféiniúlacht
Samhlaigh na focail sin, ‘Sochaí níos cothroime… tuillte do chuile dhuine ar fud na cruinne’ agus gan aon amhras tá sin fíor i leith phobal na Palaistíne.
Sa chnuasach seo tá roinnt dánta a phléann fadhbanna an domhain, an coilíneachas, agus sárú dlíthe daonnachta. Mar shampla sa dán ‘Feidhmiú Dlí Idirnáisiúnta’, aithníonn an file an éagóir atá á déanamh san am i láthair: ‘In am an ghátair/Droim láimhe don té is laige’ nó i ‘Scéalta Gaza’, feictear pobal gan locht fágtha gan chosaint agus iad timpeallaithe ag tancanna agus eitleáin.
Coimhthígh i gcóiriú catha
Iad uilig ar bís le dul i mbun oibre
Seal a chaitheamh ar pháirc an áir
Cogadh gan trua, gan trócaire,
gan deireadh
Seo anois iad na corpáin
Líne i ndiaidh líne agus
Arís is arís eile
Tá siad beag bídeach
Rud atá spéisiúil faoin mír sa leabhar faoi Gaza ná go bhfuil aistriúcháin Araibise ar phéire dán ‘Oilithreacht Bheag’ agus ‘Cathais’ curtha ar fáil ag an fhile Palaistíneach Mohammed Moussa agus léaráidí (glacaim leis gurbh é an t-údar féin a rinne na léaráidí) a chuireann saibhreas leis na focail scríofa.
Ina bhlurba don leabhar scríobh Tristan Rosenstock gur bailiúchán dánta é a scrúdaíonn tráma na dtrioblóidí, agus gan amhras tá cuid dánta ann a amharcann ar an saol ‘iarchoimhlinte’. Bhain mé spéis as an meafar sa dán ‘Clapsholas’ faoi sheandílseoir ar an dé deiridh:
Tagann mearaí aniar aduaidh ort
I ndorchadas na hoíche,
An lóchrann nó breocharn iad
Na lasracha atá le feiceáil romhat?
I ndán eile ar na línte céanna d’ardódh ‘Dearg, Bán agus Gorm’ miongháire ar chuid againn, le himeartas focal agus stíl nathánach ag amharc ar sheantrodaí Óglaigh Uladh, faoi chúram anois ag bean óg Pholannach.
Ní thuigeann an bhean óg siombalachas tatú an UVF, ar ndóigh ná an fuath a bhíodh ag an fhear seo dá sórt tráth den saol. Seanóir atá ann anois.
néaltrú ort is ciúnaithe, ní cuimhin leat anois
na gaiscí marfacha
a rinne tú ar son Dé agus Uladh.
Ach tá greann agus íoróin i bhfocail an fhile nuair a thugann an bhean óg gloine uisce dó:
agus cuidíonn sí leat do phiollairí a thógáil
Ar dtús dearg, ansin bán, ansin gorm.
Bailiúchán spéisiúil atá anseo agus molaim Cló Colmcille as ardán poiblí a thabhairt do Paul Laughlin le téamaí an lae inniu ina chathair dhúchais, in Éirinn, agus i measc pobail atá ag fulaingt go trom, a phlé agus sin a dhéanamh trí Ghaeilge.
Caitlín Uí Friel
Sa chéad dán “Ceist na Gaeilge” cuirtear an cheist
“Cad é atá fágtha againne
An saol a bhfuilimid ann anois
Is a leithéid de shaibhreas
Imithe uainn?
Spreagadh mór chun na dánta eile a léamh – b’fhiú go mór á dhéanamh – an-taithneamhach agus spreagadh intinne lena chois 👍👍