Nach deas é? Bhí a chaid amuigh aige…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Cúig bliana déag ó shoin bhíos i bPoint Lance i dTalamh an Éisc – baile beag iascaigh ar leithinis iargúlta an Cape Shore. Is ann atá sliocht na nGael a tháinig ar thóir an troisc go luath sa 19ú aois (ó cheantar Loch Garman agus Phort Láirge den gcuid is mó). Bhíos ag breacadh seanchais ó James Nash, fear uasal 94 bliain d’aois. Cé go raibh cúig ghlúin caillte curtha ó tháinig an chéad duine muinteartha leis go Talamh an Éisc, bhí tuin chainte cheolmhar Phort Láirge fós ag sileadh óna theanga.

Bhíomair suite sa chistin agus James ag seanchaíocht nuair a baineadh creathadh gan choinne as an bhfuinneoig. “Them little divils love kicking the cod,” arsa é agus an ghomh air. D’ardaigh mo chroí nuair a chuala é. An amhlaidh go raibh a rian fágtha ar ‘Ghael-Bhéarla’ Thalamh an Éisc ag an ndornán beag as Ciarraí a chur fúthu anso sna 1820í agus 30í? Bhíos in amhras, áfach. B’fhéidir gurb é an ‘trosc’ a bhí i gceist aige le ‘cod’.

Níorbh ea.

Ag tagairt don liathróid á bhí á lascáil i gcoinne na binne ag na leaideanna óga lasmuigh a bhí sé.

Focal breá Ciarraíoch is ea ‘caid’ a aithnítear go sonrach le canúint Chorca Dhuibhne sa lá atá inniu ann. Is ionann í agus ‘peil’. Tá préamhacha an fhocail i seanachluiche na caide a himrítí go forleathan go dtí deireadh an 19ú haois. Cluiche fiáin ar bheagán rialacha a himrítí idir paróistí nó bailte fearainn ab ea í. Leamhnán muice a bhí sa chaid féin agus í pacálta le ceirtlíní. Chlúdaití le seithe bó í nó le craiceann madra. D’fhéadfadh na scórtha, agus uaireanta na céadta fear a bheith san imirt agus iad ar a ndícheall ag iarraidh an chaid a bhreith leo ‘dtína bparóiste féin. An té a bhí go maith ag bualadh, ag leagadh, ag stracadh is ag tarrac, dhéanfadh sé ardimreoir caide!

Inniu tugtar ‘an chaid’ ar an liathróid agus tugtar ‘caid’ ar an gcluiche peile féin chomh maith. Ach tá solúbthacht iontach agus malairt brí ag baint leis an bhfocal ‘caid’ i gCorca Dhuibhne. An té a bheadh ‘ar a chaoil’ ag deoch nó ar deargmheisce, d’fhéadfaí a rá go raibh sé ‘ar a chaid’; agus dá mbeadh an oiread san ólta aige ná beadh aon chois in aon chor fé, déarfaí go raibh sé ‘ar a chaid asail ar fad.’ An té a bheadh luite amach air fhéin, buille saothair air tar éis na hoibre, b’fhéidir, agus é tugtha traochta, déarfaí go raibh ‘a chaid amuigh aige.’

Úsáidtear ‘caid’ mar chur síos ar bhall coirp an fhir chomh maith. Bí siúralta go mbeadh ‘do chaid amuigh agat’ dá bhfaighfeá lascadh den gcaid sna ‘caideanna!’ An fear trodach a gheobhadh a chrústáil sa bhruíon agus é curtha siar ar a thóin, d’fhéadfaí a rá go raibh a ‘chaideáil fachta aige.’

Agus dá mbeadh lúth na hóige fós i ngéaga an tseanduine déarfainn go mbeadh ‘a gcaideáil’ fachta le fuinneamh ag na bleaigeárdaithe sin a bhain raitil as fuinneoig James Nash bocht i dTalamh an Éisc.

Bhí a chaid amuigh aige… Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Bhí a chaid amuigh aige…'

  • seán

    Díol suime ach ní ‘ar a choill’ is ceart a scríobh ach ‘ar a chaoil’, mo mhórthuairim. Caithfidh gur ó mhuintir Chiarraí a fuair an fear sin an focal ‘caid’ más ea. Ach níl aon scolb de chrann na gCiarraíoch ann inniu?

  • Breandán

    Sea, ‘ar a chaoil’ is dócha a scíobhtar de ghnáth ach féach gur foirm mhalartach den bhfocal ‘caor’ atá ann de réir fhoclóir Uí Dhónaill. Sampla breá ó fhoclóir an Duinnínigh is ea ‘bhíos ar mo dhearg-chaoir, I was flaming drunk’ (s.v. caor ‘a round mass, a ball … a berry) gurb ionann é agus a bheith ‘ar do chaid nó ar do chaoil d(h)earg’ sa lá atá inniubh ann! Suimiúil go maith, is é ‘cad (W.K. Iarthar Chiarraí)’ an fhoirm den bhfocal a luann Ua Duinnín agus dar leis gur ‘ag imirt caid’ a bhíonn muintir Chiarraí seachas ‘ag imirt chaide’. Hmmm. An-alt, dála an scéil!