Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agaibh le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie thar an deireadh seachtaine agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Alex Hijmans, Mártan Ó Ciardha, John Allen, Pádraic Ó Ciardha agus Sara Ní Chuirreáin i mbun pinn againn. 

Ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar FacebookTwitter. Scaip an scéal, le do thoil!


Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo…

Diarmuid RIP

1.‘Aireoidh muid uainn an scairtíl gháirí a bhí mar shaibhriú saoil’ – Joe Steve Ó Neachtain

Fear ab ea Diarmuid Mac An Adhastair a bhain sásamh as chuile lá dá shaol is ba é agus a leithéid a choinnigh an dé sa ngríosach, a deir a chomhaisteoir agus a dhlúthchara


Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland
Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

2. ‘You can get your licence today,’ arsa an Giolla Deacair, ‘but you will have to get it in English’ 

Tá ár gcolúnaí bailithe den ghnáth-ghéarchéim mheitifisice a bhíonn ag an saoránach a thugann faoi chúraimí an ghnáthshaoil i gcéadteanga oifigiúil an Stáit


Cartun Bus stop

3. An Ghaeilge – teanga an ghrá?

Chítear dom gur féidir go bhfuil leaganacha in úsáid i measc lucht na Gaeilge nár nocht sna foclóirí go fóill. Bíodh cluas le héisteacht orainn, mar sin, ach go sábhála mac Dé sinn ar ‘iar-bhuachaillchara’


Conradh

4. An Royal Mail i 1910 agus Eircode i 2015 – ‘Is beag idir na haimsirí’ a deir Conradh na Gaeilge

Agus iad gléasta sa chineál feistis a chaití i 1910, d’eagraigh Conradh na Gaeilge agóid ar maidin i gcoinne fhaillí Rialtas na hÉireann i logainmneacha Gaeilge


Desún Fennell

5. ‘Éiríodh pobal na Gaeilge as an ngearán faoin Rialtas is déanaidís beart fónta’ – Deasún Fennell

Teipfidh ar an nGaeilge d’uireasa eagraíochta nua fad is atá lucht na teanga ag cáiseamh neamhaird an Rialtais ar chás na teanga, a deir an fealsamh


A ndúirt siad

“Sílim go measann cuid de Ghaeilgeoirí na nua-aoise gur chóir do na sean-Ghaeil a bhfriotal a athrú agus a dhul i gcleachtadh an liathuisce.”

JOE STEVE Ó NEACHTAIN

“Ní gá, de réir dealraimh, focal Gaeilge a bheith ag éinne, ná plean ná fís ná tuiscint, ná Gleann an Chairn ná Baile Amhlaoibh ná An Eachrais ná Bunreacht ná dán ná amhrán ná ‘Dún an Doras’ féin. Road: Bóthar. Dublin: Baile Átha Cliath. Ireland? Sin ceist.”

RÓISÍN NÍ GHAIRBHÍ

“Is dóigh liom gurb é George Allen, laoch-oiliúnaí de chuid an NFL i Meiriceá, a dúirt fadó go gcailltear smuta beag bídeach duit féin gach aon uair a chailleann d’fhoireann cluiche peile. Go dtí go dtuigeann muintir na Mí agus go háirithe lucht na binbe sa chontae é sin, ní athróidh aon ní.”

DARA Ó CINNÉIDE

“Ní raibh muid i bhfad suite sa rang nuair a d’airigh mé ‘rop, rop, rop’ ar mo dhroim. Bhí buachaill amháin sa rang agus má bhí éinne leis an gcnaipe sin a bhrúigh ba eisean a bhrúfadh é. ‘An bhfaca tú an cnaipe dearg?’ a d’fhiafraigh sé díom i sioscadh. ‘Tá mé lena bhrú.’”

BRIDGET BHREATHNACH


FÍSEÁN NA SEACHTAINE

 

FÍSEÁN: Cuid de na buaicphointí ag Séamus Mhicil Tom ó Ros na Rún

Tá lucht drámaíochta na Gaeilge faoi bhrón ó cailleadh Diarmuid Mac an Adhastair an tseachtain seo caite. In ómós do sháraisteoir, seo blaiseadh dá shaothar mar aon le hagallamh agus amhrán leis

Agus sin é ár mbuille tugtha an tseachtain seo…

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'