Ba chóir do phobal na Gaeilge tabhairt faoi ghníomh cruthaitheach a thabharfadh slán an Ghaeilge agus éirí as a bheith ag gearán faoi fhaillí an Stáit i leith na teanga, dar leis an bhfealsamh agus údar, an Dr Deasún Fennell.
Is ar an suíomh seo i mí Feabhra a chéadmhol an Dr Fennell go mbunófaí eagraíocht nua chun ‘cúis na Gaeilge’ a chur chun cinn.
Dúirt sé le Tuairisc.ie an tseachtain seo go dteipfeadh ar an nGaeilge d’uireasa a leithéide d’eagraíocht fad is atá lucht na teanga ag cáiseamh neamhaird an Rialtais ar chás na teanga.
“Mura ndéantar an gníomh seo go luath, mo léan ní mhairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo labhartha agus scríofa i measc theangacha na hEorpa,” a dúirt sé.
Ba chuma leis an Rialtas cás na Gaeilge, a dúirt sé, agus níorbh fiú dá bharr am a chur amú a thuilleadh ag iarraidh dul i bhfeidhm orthu.
“Feicim Gaeilgeoirí ar Tuairisc.ie ag gearán toisc nach bhfuil an Rialtas ná an tOireachtas ag déanamh seo nó siúd ar son na Gaeilge. Tá na gearáin seo seanfhaiseanta agus gan mhaith. Níl suim níos mó ag Rialtas ná ag an Oireachtas i staid ná i dtodhchaí na Gaeilge.
“Braitheann an dá rud sin go hiomlán ar ghníomhaíocht chruthaitheach na nGaeilgeoirí féin. Má theipeann orainn na rudaí a dhéanamh is gá a dhéanamh, teipfidh ar an nGaeilge,” a dúirt an Dr Fennell.
Chun go dtabharfaí an Ghaeilge “slán ón mbás is gnách do mhionteanga atá faoi bhrú ag teanga cheannasach” tá gá níos mó ná riamh leis an saghas eagraíochta atá á mholadh aige, a dúirt sé.
“Chun an Ghaeilge a shábháil, ní mór pobal a bheith ann atá comhdhéanta de dhaoine fásta, thart ar 8000 acu, pobal atá i dteagmháil lena chéile, a labhrann agus a scríobhann an Ghaeilge go maith, agus pobal a dhéanann athnuachan air féin go rialta.
“Tá sé soiléir anois nach bhfásfaidh pobal mar sin uaidh féin sa nGaeltacht. Ach is féidir linne Gaeilgeoirí a leithéid de phobal a chruthú in Éirinn.”
Ina alt ar Tuairisc.ie i mí Feabhra, leag Fennell amach na príomhchuspóirí agus an múnla a bheadh ag an eagraíocht nua atá á moladh aige.
‘Éire Saor’ a thug an fealsamh ar an eagraíocht san alt sin, ach ‘Banc na Gaeilge’ a thug sé uirthi in alt eile a scríobh sé i mBéarla coicís ó shin ina dhein sé forbairt ar a mholadh.
Bhí dlúthbhaint ag smaointeoireacht Dheasúin Fennell le giniúnt Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag deireadh na seascaidí nuair a dhein sé a achainí cháiliúil ar dhaoine óga a raibh spéis acu sa teanga dul siar go dtí Conamara chun pobal nua a bhunú san áit go raibh an Ghaeilge fós mar phríomhtheanga an phobail.
Thug Fennell é féin seal ina chónaí i Maínis i gConamara sna seachtóidí ach ba léir dó tar éis tamaill nach bhfíorófaí a aisling.
Ruairi s. O'Donaill
MOLAIM DEASUN FENNEL. NI NEART GO CUR LE CHEILE. AN BHFUIL NA 8,OOO DAOINE ANN ATA AG TEASTAIL UAIDH CHUN AN GHAEILGE A SHABHAIL ON FCINNIUNT ATA AG BAGAIRT UIRTHI I LATHAIR NA H-UAIRE?
Réamonn Ó Ciaráin
Tá an ceart ag Deasún faoi rud amháin; Ní féidir leis an Ghaeilge a bheith ag brath ar an rialtas.
Caithfear cinntiú nach ndéanfaí níos mó dochair agus seans go ndéanfaidh pobal nua gníomh níos fearr.
Séamus mac Seáin Béal Feirste
Is féidir go bhfuil 8000 ann ach ní bheinn ar dhuine acu nó ní bheinn abalta na rialacha iontrála a chomhlíonadh. Ní bhfaighfinn thart leis an scrúdú Gaeilge a chuirfí orm le fáil isteach sa club monuar.
Gabriel Rosenstock
An bhfuil gá againn leis an stát? Bhí an Ghaeilge ann sula raibh náisiún-stát ar bith ann
agus beidh sí ann nuair a bheidh deireadh curtha leis an náisiún-stát.
https://www.ted.com/conversations/17748/does_the_world_really_need_nat.html
Liam Ó Briain
Ardfhear Deasún. Tá smacht iomlán ag an Rialtas ar gluaiseacht na gaeilge dar liomsa. Ach má dhéanann muid neamhaird iomlán orthu agus ár mbealach fhéin a chruthú gan aon deontais beidh eagla orthu romhainn ionas go mbeidh muidne ag stiurú ár dtochaí. Is féidir linn deashampla Béal Feirste a leanúint agus pobal bríomhar Gaelach a cothú beag beann ar thacaíocht ar bith agus gluaiseacht a bheith ag teacht ón mbun aníos.