Eagraíocht teanga nua darb ainm ‘Éire Saor’ molta ag Deasún Fennell

Foilseofar alt leis an bhfealsamh amárach ina leagtar amach na príomhchuspóirí agus an múnla a bheadh ag an eagraíocht nua atá á moladh aige

BobQuinn14-0020
Deasún Fennell ag an ‘Oíche Ómóis’ do Bhob Quinn sa Taibhdhearc sa Ghaillimh le déanaí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Tá moladh déanta ag an bhfealsamh agus údar Deasún Fennell go mbunófaí eagraíocht nua darb ainm Éire Saor chun ‘cúis na Gaeilge’ a chur chun cinn.

In alt leis a fhoilseofar ar Tuairisc.ie maidin amárach, leagann Fennell amach na príomhchuspóirí agus an múnla a bheadh ag an eagraíocht nua atá á moladh aige.

Dar le Fennell go bhfuil teipthe ar an iarracht an Ghaeltacht a thabhairt slán agus an teanga a athbheochan mar theanga náisiúnta, agus go bhfuil gá, dá réir, le cur chuige radacach nua le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo.

Ní eagraíocht polaitíochta a bheadh in Éire Saor agus bheadh ballraíocht ann ag brath ar scrúdú iontrála.

Bhí dlúthbhaint ag smaointeoireacht Dheasúin Fennell le giniúnt Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag deireadh na seascaidí nuair a dhein sé a achainí cháiliúil ar dhaoine óga a raibh spéis acu sa teanga dul siar go dtí Conamara chun pobal nua a bhunú san áit go raibh an Ghaeilge fós mar phríomhtheanga an phobail.

Thug Fennell é féin seal ina chónaí i Maínis i gConamara sna seachtóidí ach ba léir dó tar eis tamaill nach bhfíorófaí a aisling.

“D’inis lead óg dom lá amháin, agus é ag labhairt Gaeilge, gur casadh Francach air cois trá agus gur chuir an Francach ceist air mar gheall ar an nGaeilge agus gur fhreagair sé “Irish no good”. Chuaigh sé sin i bhfeidhm orm,” a deir sé.

Thug an fealsamh cuairt ar Chonamara cúpla mí ó shin agus dhaingnigh an méid a chonaic sé agus a chuala sé ann go raibh gá le cur chuige nua ó thaobh na teanga.

“Nuair a bhí mé i gConamara dhá mhí ó shin, dúirt fear eolasach liom, “Ní féidir a bheith ag caint níos mó mar gheall ar na ceantair ina labhartar Gaeilge ach mar gheall ar na tithe.” Thug mé cuairt ar theach tábhairne i gCarna, áit nach gcloistí ach Gaeilge sna 70aidí. Béarla a labhair an cailín taobh thiar den chúntar liom agus Béarla a bhí á labhairt ag grúpa mná áitiúla thart ar bhord.”

Dúirt Fennell le Tuairisc.ie gur tháinig sé ar an tuairim chomh fada siar le tús na n-ochtóidí nach raibh aon ní cóir i ndán don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus nach dtabharfaí slán teanga mhionlaithe muna dteastódh ón mionlach féin a dteanga a thabhairt slán.

Ag labhairt dó i nGlaschú i 1980 ag an gcéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Mhionteangacha, dúirt sé “that a shrinking linguistic minority, can be saved from extinction only by itself; and on condition that it acquires the will to save itself, and is not prevented from taking appropriate measures but assisted in doing so”.

Fág freagra ar 'Eagraíocht teanga nua darb ainm ‘Éire Saor’ molta ag Deasún Fennell'

  • Páid Ó Donnchú

    “Dúirt Fennell le Tuairisc.ie gur tháinig sé ar an tuairim chomh fada siar le tús na n-ochtóidí nach raibh aon ní cóir i ndán don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht…”

    Is mór an trua nach raibh a thuairim roinnte linn ag an am. Níos bheadh leath mo shaol curtha amú.

  • MicheálÓDrisceoil

    Bhfuel, mar dhuine le grá mór don gaeilge ón aois 9 bhliain sna seascadaí, duine a bhí gabhtha in óg eagras an Chonartha sna seachtódí, cé go ndearna mé mo dhícheall thar na blianta, fós níl an flúairseacht agam agus ba mhaith liom.
    Tá sé eascaidh Nicky Byrne a mhagadh ach dá ndéanfadh níos mó politeoirí, daoine ar an dteilifís agus ar uile iarracht í a labhairt cé chomh chruinn agus atá siad bheadh an teanga níos mó chun chinn.

    Le deannaí bhúail sé mé cé chomh aimeadach a bhí sé scéal Pheig a bhrú ar scoláirí thar na blianta. Cén “genius” a mhol é mar ábhar do dhéagóirí a chuirfeadh le dul chun chinn na ghaeilge?
    Fós, tar éis na céadta buillí a fháil ó mhúinteóirí níor éirigh liom teacht i réim ar an módh chonaoileach(?).