An Royal Mail i 1910 agus Eircode i 2015 – ‘Is beag idir na haimsirí’ a deir Conradh na Gaeilge

Agus iad gléasta sa chineál feistis a chaití i 1910 d’eagraigh Conradh na Gaeilge agóid ar maidin i gcoinne fhaillí Rialtas na hÉireann i logainmneacha Gaeilge

Conradh

Breis agus céad bliain tar éis do Chonradh na Gaeilge feachtas na mbeart poist a eagrú i gcoinne fhaillí an Royal Mail sa Ghaeilge, bhí an eagraíocht chéanna ar shráideanna Bhaile Átha Cliath arís ar maidin ag cáiseamh fhaillí Rialtas na hÉireann i logainmneacha Gaeilge.

Agus iad gléasta sa chineál feistis a chaití i 1910, bhailigh lucht agóide an Chonartha lasmuigh d’Óstán an Shelbourne i mBaile Átha Cliath ar maidin, mar a raibh an córas nua cóid phoist, Eircode, á sheoladh ag an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Alex White.

Maíonn Conradh na Gaeilge go bhfuil suas le 50,000 logainm mícheart nó in easnamh i mbunachar Eircode agus tá an eagraíocht ag éileamh ar an Aire White maoiniú a chur ar fáil chun an scéal a chur ina cheart.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “scannal” é gur ghá feachtas a reáchtáil “i gcoinne Roinn Cumarsáide na hÉireann féin” toisc nach bhfuil “cothrom na Féinne” á thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chóras nua a chosnaigh €27 milliún.

CJyEyIsXAAAxHd8“Bhí ar Chonradh na Gaeilge feachtas na mbeart a eagrú in Ard-Oifig an Phoist céad bliain ó shin chun iallach a chur ar Rialtas na Breataine litreacha le seoltaí i nGaeilge orthu a sheachadadh tríd an bPost Ríoga sa bhliain 1910,” a dúirt Ó Cearbhaill.

Dúirt sé go raibh an Roinn ag caitheamh leo siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid “mar shaoránaigh ísealchéime ina dtír féin”.

Dar le Conradh na Gaeilge go n-admhaíonn an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha go bhfuil an córas nua lochtach ach go bhfuil siad ag diúltú maoiniú a chur ar fáil chun an fhadhb a réiteach.

Thug urlabhraí ón Roinn Cumarsáide le fios go raibh obair ar siúl i gcónaí ar an leagan Gaeilge de Eircode agus nach mbeadh ar dhaoine a seoltaí poist a athrú ó Ghaeilge go Béarla. Dúirt sé nach raibh iachall ar éinne úsáid a bhaint as an gcóras nua.

I Márta na bliana chuir grúpa oibre, a bunaíodh chun ceist na Gaeilge sa chóras nua a chíoradh, faoi bhráid na Roinne Cumarsáide a réiteodh an fhadhb teanga laistigh de dhá bhliain. Chosnódh an plean sin €200,000 ach is cosúil nach bhfuil an Roinn sásta an t-airgead sin a chur ar fáil.

Ar an ngrúpa oibre a cheap an plean fuascailte bhí ionadaithe ón Roinn Cumarsáide, Foras na Gaeilge, Logainm.ie, An Coiste Logainmneacha, Conradh na Gaeilge agus Geodirectory, an comhlacht ar leo an bunachar ar a bhfuil Eircode ag brath.

“Tá an Roinn Cumarsáide ag diúltú an fhadhb seo a réiteach, in ainneoin go bhfuil réiteach na faidhbe ar fáil. Is léiriú eile é seo den státchóras ag séanadh cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd gur mian leo an Ghaeilge a úsáid ina saol,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'An Royal Mail i 1910 agus Eircode i 2015 – ‘Is beag idir na haimsirí’ a deir Conradh na Gaeilge'