D’fhéadfadh suas le 50,000 logainm Gaeilge a bheith ‘mícheart’ ar chóras nua Eircode

Tá “na mílte bearnaí” sa bhunachar ar a bunaíodh Eircode, atá le seoladh an tseachtain seo chugainn, agus tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an Aire Cumarsáide Alex White an córas a chur in a cheart

eircode

Tá cruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Cumarsáide Alex White le ceist na gcód poist a phlé agus imní ar an eagraíocht teanga go bhféadfadh suas le 50,000 logainm Gaeilge a bheith ‘mícheart’ ar chóras Eircode.

Tá an Conradh ag iarraidh ar an Aire geallúint a thabhairt uaidh go gcuirfear bunachar “lochtach” Eircode ina cheart.

Baineann Eircode úsáid as bunachar seoltaí atá curtha le chéile ag Geodirectory, ach deir Conradh na Gaeilge go bhfuil na “mílte bearnaí” i mbunachar Geodirectory agus go bhfuil “líon suntasach” de na logainmneacha Gaeilge ann mícheart.

Tá Eircode le seoladh ag an Roinn Cumarsáide Dé Luain seo chugainn.

“D’fhéadfadh suas le 50,000 logainm a bheith mícheart, míchruinn nó go hiomlán in easnamh ar an mbunachar seo. Do shaoránaigh na hÉireann ar mhaith leo úsáid a bhaint as leagan Gaeilge dá seoladh agus iad ag úsáid chóras Eircode, ní bheidh leagan Gaeilge ann nó beidh an leagan sin lochtach,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie.

I mí Dheireadh Fómhair na bliana 2013, bhronn an Roinn Cumarsáide conradh ar an gcomhlacht príobháideach Capita Ireland chun Eircode a fhorbairt.

Tá plé ar bun idir Conradh na Gaeilge, agus grúpaí eile Gaeilge, le tamall de bhlianta anuas leis an Roinn Cumarsáide lena chinntiú nach mbeidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ‘thíos leis an gcóras nua’.

Nuair a fógraíodh córas nua na gcód poist dúradh gur ar logainmneacha Béarla na tíre a bheadh an córas bunaithe. Throid Conradh na Gaeilge in aghaidh an chinnidh sin agus athraíodh an córas le go mbeadh na cóid nua ‘neodrach’ ó thaobh teanga de.

Le linn cruinnithe idir Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge, Coiste na Logainmneacha agus an Roinn Cumarsáide cuireadh plean le chéile a réiteodh ceist na logainmneacha Gaeilge ar bhunachar Geodirectory. 

Dúirt Julian de Spáinn go gcosnódh an plean seo €200,000 le cur i gcrích thar thréimhse dhá bhliain ach gur “beag an méid” é sin i gcomhthéacs an togra a bhfuil buiséad de €27m aige.

“Tá an chuid is mó den aistriúchán déanta ag Foras na Gaeilge do Capita cheana féin. Bhí caidreamh maith oibre ann agus cé nach raibh dualgas reachtúil ar an gcomhlacht ábhar a chur ar fáil go dátheangach rinne siad é.

“Rinne an Foras aistriúchán Gaeilge ar ábhar ar an suíomh agus ar na bileoga eolais a scaipfear ar an bpobal nuair a sheolfar an córas, gan aon chostas ar Capita féin. Tá an Roinn Cumarsáide anois ag diúltú an maoiniú a chur ar fáil an bunachar lochtach seo a chur ina cheart,” a dúirt an tArd-Rúnaí de Spáinn.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh suas le 50,000 logainm Gaeilge a bheith ‘mícheart’ ar chóras nua Eircode'