‘You can get your licence today,’ arsa an Giolla Deacair, ‘but you will have to get it in English’

Tá ár gcolúnaí bailithe den ghnáth-ghéarchéim mheitifisice a bhíonn ag an saoránach a thugann faoi chúraimí an ghnáthshaoil i gcéadteanga oifigiúil an Stáit

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland
Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

An ceadúnas tiomána le bailiú agam i mBaile na Lobhar inniu. Bhí leathchluas agam le clár Seán O’Rourke agus mé ag rith timpeall an tí ag bailiú na gcáipéisí ar fad a theastódh. Bhí O’Rourke ag cur duine éigin faoi agallamh maidir le líon áirithe seoltaí Gaeilge gan a bheith ar fáil faoin gcóras nua mórchostasach agus an t-agallaí bocht ag ganfhiosaíocht maidir le hábhar gearáin sin Chonradh na Gaeilge. Léirsiú beartaithe ag an gConradh mar agóid: ag déanamh aithrise ar agóid a deineadh i 1910. Tír eile an aimsir chaite, ar ndóigh: ba chuid den Ríocht Aontaithe an uair úd sinn.

Bhí scéal na logainmneacha éirithe chugam is mé ar mo bhealach chuig oifig na gceadúnas i mBaile na Lobhar. Mar is dual don Ghael a dhéanann an iomarca machnaimh ar na cúrsaí seo, bhaineas an gnáthshásamh as slacht an aistriúcháin atá déanta ar logainmneacha stadanna an Luas. Beechwood – Coill na Feá. Ballally – an stad d’ionad siopadóireachta Dhún Druma – Baile Amhlaoibh. Dheineas gáirí faoi Amhlaoibh bocht agus ar tharla ó shin dá bhaile. Bhí Baile Átha Cliath á léirmhíniú dom. The Gallops – an Eachrais. Thréaslaíos im’ cheann le haistritheoir an chinn úd. Glencairn – Gleann an Chairn. Bhíos ag taisteal ar thram trí dhinnseanchas Átha Cliath.

Citadis_dublin

Isteach liom go hoifig lucht dáilte na gceadúnas. Bhí ar dhuine clárú ar ríomhaire is gan ag an ríomhaire ach Béarla. Thiocfaí as. Bhí m’fhoirm líonta as Gaelainn agam. Agus, mirabile dictu, labhair an fear óg laistiar den gcontúirt cúpla focal as Gaelainn liom. Ní raibh bactha agam seirbhís trí Ghaeilge a lorg; an uair dheireanach a thriallas é sin, in oifig na bpasanna, cuireadh moill leathuair an chloig orm nuair a caitheadh glaoch ar bhonn éigeandála ar bhean ó fhoirgneamh eile chun tindeáil orm: bhí Gaeilgeoir an tí ar saoire. Agus maidir leis an tseirbhís trí Ghaeilge a bhí ar fáil do chlárú mo phósta: nach mór go bhfeicfeá na soilse dearga ag spréacharnaigh agus go gcloisfeá na cloig aláraim ag bualadh lena raibh d’anbhá san oifig úd nuair a lorgaíos foirm Ghaeilge. ‘Good girl,’ a lean an bhean uirthi a rá. Dheineas an scéal a reic le mo ghúrú pearsanta (tugaimis Siobhán uirthi). B’amhlaidh taithí mo ghúrú nuair a lorg sise an fhoirm Ghaeilge don chlárú ar a pósadh féin. An oifig trí chéile: Gaeilgeoir sa tigh! B’fhéidir go ndéanfaidís gearán! Good girl!

Is fusa, b’fhéidir, do chearta teanga a éileamh i gcathair mhór. Nuair a bhí an cailín beag is sine bliain go leith bhí scrúdú le déanamh ag na banaltraí sláinte poiblí ar a hurlabhra. Ar mhiste leo duine a fháil chun an scrúdú a dhéanamh trí Ghaeilge? Ón uair gur le Gaeilge a bhí sí á tógaint? Na cloig aláraim arís. Deineadh iarracht mé a shuaimhniú; nach raibh taithí acu ar dheileáil le Polainnaigh agus le Seicigh agus ar ilchultúrachas? Níor ghá don altra labhairt as Gaeilge leis an gcailín beag; ba leor mise bheith ag caint léi. Mhíníos dóibh go deas nár bhain Polainnis nó ilchultúrachas leis an scéal agus chuireas mo cheist arís ar bhealach níos foirmeálta. Glacadh leis an iarratas, aimsíodh altra, bhí gach duine sásta. Bhí fúm litir buíochais a chur chucu – mhol mo ghúrú gan. Ní raibh déanta acu ach an méid a bhí dlite d’aon saoránach.

Ach tá saoránaigh agus saoránaigh ann. Stróic an fear freastail i mBaile na Lobhar na leathanaigh ceann ar cheann ón bhfoirm iarratais don cheadúnas – gach rud i gceart. Anois an fhianaise ar mo sheoladh – bhí gá le ráiteas ón mbanc anseo nó bille. Mar a tharla, i mBéarla a bhí an seoladh ag an mbanc. Anois níl seoladh casta agam. Uimhir, agus ansin bóthar a bhfuil ainm Béarla air. ‘Bóthar Trimleston’ agam ar an bhfoirm iarratais agus ‘Trimleston Road’ ar an litir ón mbanc. (Ní rabhas im’ Ghael maith an lá úd; bhí eagla orm go raghadh litreacha amú.)

‘I need verification of your address,’ arsa an Giolla Deacair. O-ó. Cloig aláraim agus soilse dearga. ‘It has to be exactly the same,’ arsa an Giolla Deacair. ‘It is the same,’ arsa mise, ‘it’s just in Irish’.

‘You can get your licence today,’ arsa an Giolla Deacair, ‘but you will have to get it in English. I cannot verify this address.’

Seo an duine a bhí ag labhairt Gaeilge liom dhá nóiméad roimhe. Bhí na rialacha breithnithe agam – an rud a bhí sonraithe ná go gcaithfeadh an seoladh sa ráiteas on mbanc agus an seoladh ar an bhfoirm bheith díreach mar an gcéanna. Bhí, ach amháin go raibh an fhoirm líonta i nGaeilge. ‘Bóthar,’ arsa mise, ag iarraidh bheith loighciúil – ‘Is dócha gur fuirist é sin a dheimhniú mar ‘road’. Baile Átha Cliath – Dublin.

‘I cannot verify this address,’ arsa an Giolla Deacair.

‘I know a bóthar is a road. Don’t patronise me. It has to be exactly the same.’

Bhí cúpla duine macánta ag fanacht ar sheirbhís. Bhí an gomh orm anois. ‘I’m sorry,’ arsa mise leo, ‘Could somebody verify that bóthar means road?’

Sheas triúr le cabhrú liom. Is dócha go mbeadh scéal ait acu sa bhaile faoin nGaeilgeoir cantalach ar diúltaíodh cead di ceadúnas a fháil mar nárbh fhéidir a aithint gurbh ionann ‘bóthar’ agus ‘road’.

Bhí an Gaeilgeoir cantalach ag éirí níos cantalaí. Bhí an Giolla Deacair ag dul i ndeacracht. D’iarras air fáth a dhiúltaithe a dheimhniú i scríbhinn. ‘I don’t have to write anything,’ ar sé. Thug sé píosa páipéir dom, ar dheimhniú é ‘go raibh mé ann inniu’. Ba mhaith an meabhrú; bhí amhras ag teacht orm an taibhreamh a bhí sa dráma go léir.

Mholas dó an seoladh a chur isteach i logainm.ie. Gan aon toradh. Dá dtriallfadh an Giolla Eircode féin, gheobhadh sé ann an seoladh sa dá theanga. ‘It’s not like it’s an obscure townland – it’s just the word bóthar,’ arsa mise.

‘I know what bóthar means. I did honours Irish. I know what Baile Átha Cliath means. I cannot verifiy this address,’ arsa mo dhuine. Ní raibh aon oidhre air ach Rabhlaí Rabhlaí i dTír na nIontas agus ciall focal ag brath ar a ghiúmar féin.

‘Well I would like my licence in Irish, this country’s first official language,’ arsa mé. D’ardaíos mo ghlór ar mhaithe leis an lucht éisteachta.

Dhún an Giolla Deacair an dallóg le fuinneamh a bhí ag bordáil ar fhoréigean. Dheineas glaoch tapaidh ar oifig an Choimisinéara Teanga. Mhínigh an Giolla Deas ann nach raibh an comhlacht príobháideach seo faoi réir reachtaíocht an Achta Teanga. Bheadh orm leathlá eile a chur amú sa bhanc agus filleadh arís ar Bhaile na Lobhar. Bhí an lá curtha i bhfaighid orm.

Flann_OBrien_Festival_Flann_OBrien_1380x715
Flann O’ Brien. Nach é a bhainfeadh gáire as osréalachas an scéil?

Thugas faoi stad an Luas agus amhras ag teacht orm anois arbh ann dom in aon chor, dom’ thigh, dom’ thír. An ghnáth-ghéarchéim mheitifisice ag an saoránach a thugann faoi chúraimí an ghnáthshaoil i gcéadteanga oifigiúil an Stáit. Agus mé ag teacht chugam féin lasmuigh den oifig, ghlaoigh bean orm, duine den triúr a mhionnaigh gurb ionann bóthar agus road. Bhí an ceart agat, a dúirt sí. Ba mhinic a ghlac sí féin seasamh mar go raibh sloinne Ghaeilge uirthi: Ó Nualláin. Go deimhin bhí sí pósta le Mícheál Ó Nualláin, an péintéir iomráiteach – deartháir le Myles na gCopaleen. Nach é Myles a bhainfeadh gáire as osréalachas an scéil? Chuir uaisleacht mo chara nua agus aiteas an chomhtharlaithe athrú gné ar an lá. Thug deirfiúr céile Myles na gCopaleen síob abhaile dom, labhraíomar faoin ealaín agus faoi Chonamara agus faoi chearta agus meas. Nuair a baineadh Baile an Bhóthair amach – tagairt do Shlí Cualann is ea an ‘bóthar’ sa logainm – bhí an tigh ann romham ina sheasamh fós, agus an bóthar agus an baile beag seascair nár cheart go mbeadh orm leithscéal a dhéanamh faoi chun seirbhís bhunúsach a éileamh ó stáitín gan stiúir gan fhís gan phlean.

Ní labhróidh an cailín beag Gaeilge ach go hannamh anois. Ceithre mhí ó shin a thosaigh sí sa chrèche. Mhíníos dóibh gur Gaelainn a teanga baile. ‘Don’t worry,’ arsa an múinteoir. ‘She’ll pick up English very quickly’. Ní bheadh slí sa naíonra di go mbeadh sí ceathair: an iomarca éilimh; liosta feithimh trí bliana.

Bhfuil plean ag éinne?

Tá cúrsa nua sa luathoideachas le tosú i m’áit oibre féin, Coláiste Phádraig, cúrsa atá curtha i dtoll a chéile ag Roinn an Oideachais sa choláiste. Do chinnirí na hearnála agus dóibh siúd a bheidh ag obair i réimse an luathoideachais an cúrsa. Más fíor an leagan amach atá fógartha, ní dhéanfaidh lucht freastail an chúrsa ceithre bliana sin oiread agus rang Gaeilge amháin. (Beidh cúrsa roghnach ann san ‘Oideachas luathóige sa Naíonra’ – ‘You can take an elective module that will prepare you to teach Irish as a first or second language in Naíonraí’.) Níl aon chaighdeán ar leith Gaeilge leagtha síos mar chritéir iontrála. Beidh na céimithe ag obair i naíolanna agus ag tabhairt aire do leanaí atá i mbun na bliana ECCE – an bhliain ullmhúcháin státmhaoinithe don scoilchóras.

Ní gá, de réir dealraimh, focal Gaeilge a bheith ag éinne, ná plean ná fís ná tuiscint, ná Gleann an Chairn ná Baile Amhlaoibh ná An Eachrais ná Bunreacht ná dán ná amhrán ná ‘Dún an Doras’ féin. Road: Bóthar. Dublin: Baile Átha Cliath. Ireland? Sin ceist.

Fág freagra ar '‘You can get your licence today,’ arsa an Giolla Deacair, ‘but you will have to get it in English’'

  • Simon Ó Faoláin

    An-phíosa go deo.

    Bhí litir san Irish Times lá nó dhó ó shin a mholann gur cheart reifreann a bheith ann ó thaobh todhchaí na Gaolainne. Is dóigh liomsa go bhfuil sé in am. Táimid marbh ag an dea-thoil leamh gan mórán éifeacht. Léireodh reifreann cá sheasann pobal na tíre i ndáiríre. Dá ndéanfaí soiléir go mbeadh rogha ann idir scaoileadh leis go hiomlán mar theanga oifigiúil nó neart an chórás stáit a chur taobh thiar de chothú agus neartú na Gaeilge ar bhonn dáiríre atá maoinithe agus go bhfuil faghairt taobh thiar dhó. Ar a laghad bheadh fhios ag na’ haoinne cá sheasann siad.
    Ach dar ndóigh, canathaobh go ndéanfadh an rialtas seo a leithéid de reifreann a reachtáil agus an Ghaolainn ag tabhairt na gcor mar is áil leo…

  • JP

    Tá mé féin den tuairim go raibh an lucht ortsa — ní raibh aon fhadhb agamsa san oifig chéanna agus fuair mé mo cheadúnas i nGaeilge cúpla lá tar éis dom cuairt a thabhairt orthu den chéad uair.

    Tá sé ráite ar an suíomh Idirlín arís is arís eile go gcaithfidh na seoltaí a bheith DÍREACH mar an gcéanna. Ní chiallaíonn sé sin gur féidir leatsa (nó leis an duine taobh thiar den chuntar) aistriúchán a dhéanamh air ar an láthair.

    Úsáid do sheoladh Gaeilge i gcónaí agus beidh leat.

    Is iomaí fadhb a bhíonn ag lucht an Bhéarla leis an bpolasaí seo freisin toisc go ndeir NDLS nach féidir leo ach an seoladh atá luaite ar an mbille/litir a thugtar dóibh a chur ar an gceadúnas, fiú amháin mura bhfuil an seoladh sin litrithe i gceart.

    Más mian leat bheith ag gearán faoi rud éigin, bí ag gearán nach bhfuil de cheart ag saoránaigh a gcuid gnó a dhéanamh le NDLS i nGaeilge.

  • JP

    *an locht! Diabhal autocorrect.

  • Bríd

    Píosa scríbhneoireachta den scoth.

    D’éirigh go breá liom féin le mo sheoladh Gaeilge le fada an lá, seachas iarracht a rinne mé rud a ordú ón bhFrainc – dúirt Giollaí na Fraince liom nach ann dom féin ná m’áit chónaithe agus b’shin sin.

    Ach murach go raibh mé cláraithe i nGaeilge leis an mbanc an chéad lá riamh, is minic a bhéinn i bponc.

  • Fear Galltachta

    Tá brón orm, a scríbhneoir, ach taibhsítear dom go raibh an ceart ag an ngiolla deacair sa chás san. Tá gach cuma ar an scéal nach raibh ann ach íochtarán (‘fear óg’ ab ea é, dar leatsa) agus is léir gur tugadh treoracha soiléire dó (treoracha amaideacha b’fhéidir, ach soiléire leis) mar gheall ar an sórt cruthúnais ar sheoladh baile a bhí ag teastáil. Ní raibh sé ag tabhairt drochmheasa ar an nGaolainn – i ndáiríre, ceapaim go raibh sé sásta deis a fháil úsáid a baint as a cuid Gaolainne -, ach ní raibh an cruthúnas ceart agat. Thairis sin, sílim go mbeadh an fhadhb chéanna ag an té a bheadh ag iarraidh seoladh i mBéarla a fháil agus litir scríte i nGaolainn aige.

    Maidir leis an méid atá scríte agat fé cad atá ar siúl i gColáiste Phádraig, áfach, aontaím go hiomlán leat. Má tá fonn orthu daoine a dhéanamh ré le haghaidh múineadh na Gaolainne “as a first or second language in Naíonraí”, is léir go bhfuil seachrán orthu fén saghas oiliúna atá ag teastáil…

    • Fear Galltachta

      *a chuid Gaolainne (dar ndóigh)

  • Feardorcha

    Fileata

  • Feirsteach

    Déan teagmháil linn, a Róisín, beidh naíolann lán-Ghaeilge sa phríomhchathair gan rómhoill! Ionadttbac@gmail.com / 083 4437523 (Seán)

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Ná ní dhéanfadh éinne é sin ach stumpa amadáin?

    Nach minic, ‘A Dhia Chríost, go deo aríst!’ móidithe go dóite tar éis dhrochíde pé hoíche. Agus mar bharr ar an ochlán, áitítear gurb é is cúis leis an lionn dubh i ndeaghaidh an leanna, an t-iomard do lean an díothú teangan, an dísciú cultúrtha, féiniúlachta, is féinómóis, a dhein a shlí aniar ó chinedhíothú Chromail go dtí an nGorta Mór, go dtí an eisimirce agus an léan do lean. Gné dár nuadhéantús atá ag dó na geirbe againn le fada an lá, nach dán dá oíche teacht choíche, más fíor drochscéal.
    Ní haon treaspas atá san á dhéanamh ar ár máinneálaí cois toinne. Ná ní cás leis é. Mar nach é a chás é, ach cás na hÉireann. Níorbh eisean Éire, nach sine níosa shia ná an Chailleach Bhéarra. Níorbh ise a náisiún. Náisiún a chaith uaidh fadó a nóisean súd de cad ba náisiún ann.
    Cad é sin dósan Éire chun a bheith á cáiseamh? B’shiúd í an chrích alltarach a chrioslaigh a chrích chrioslaithe, ag dinceadh a cuid Béarla Ibeirní is a Weltanschauung Angla-Mheiriceánaí siar ina bráid.
    Ba neasa dhó an Domhan Toir, ar a gcuala trácht trí mheán na scéal ó bhéal. De bhua ag na Hoiméaraigh seanórtha taobh an iarta an taobh thoir a chur ar an dtaobh thiar ar iompó do bhaise.
    I dtaobh gur fada meáite an bua a bheith ag filí a gcnaipí a chur go dtí an sprioc béarfam cuireadh do dhuine acu aiséirí as an dtuama, agus mar ghoin a anchás ar Phól – ó sé ár n-insí é – a chur in iúil dúinn:
    Is aturise ghéar liom créachta crích’ Fódhla
    Fé scamall go daor is a gaolta clíbhreoite;
    Na cranna ba thréine ag déanamh dín dóibhsean
    Do gearradh a ngéaga is a bpréamha críonfheochta.
    Cé fada dhuit, ’Éire mhaorga mhín-nósmhar,
    Id bhanaltrain tséimh le féile, is síoreolas,
    Beir feasta acu id mhéirdigh, fé gach críonchóisir,
    Is gach ladrann caethach d’éis do chlídheolta.

    [Smut as an scéal: ‘An Tuile Do Léig Vénus ‘na Táclaí Anuas,’ as an nuachnósach, ‘De Chion Focal.’

  • dan tool

    Scríobhneoireacht den scoth. Bhaineas an sult as an alt seo.

  • Jacqui

    Cuireann go leor Gaeilgeoirí ar mire mé.
    Úsáideann siad an t-ainm i mBéarla in áit amháin, agus i nGaeilge in áit eile.
    An seoladh i nGaeilge le dream amháin agus i mBéarla le dream eile.

    Agus ansin bíonn siad ag clamhsán faoi dhaoine eile ….
    Mar a chéile leis na Gaelscoileanna. Déanann go leor acu cuid mhaith den teagasc as Béarla – é sin, nó aistrítear an téarmaíocht go Béarla sa gcaoi go dtuigfidh na daltaí na coincheapanna. A leithéid de chacamas.

    Bhí mé ag caint le cailín atá i mbliain 4 sa nGaelcholáiste is gaire le gairid. “Ní féidir liom Gaeilge a labhairt” ar sí liomsa, i mBéarla. Lean mé orm leis an nGaeilge, agus sa deireadh, le teann náire, lig sí roinnt Gaeilge amach.
    Gaeilge bhriotach, ar ndóigh.
    Is cosúil nach bhfuíl sé “cool” sa scoil sin Gaeilge a labhairt. Mar a chéile le go leor leor Gaelscoileanna. Agus níl sé “cool” ag údaráis na scoileanna riail na Gaeilge a chur i bhfeidhm.

    An toradh? Is bocht an cumas labhartha Gaeilge ag na daltaí.

    Ach bíonn muid ag clamhsán faoi dhaoine eile go minic nuair is orainn atá cuid mhaith den locht.

  • An Dubhaltach

    Ní ceist teanga í seo, ach gnáthfhadhb mhaorlathais.