Tá sé dealaithe leis go dtí Slí na Fírinne, ‘Séamus Mhicil Tom’, an carachtar ba mhó de chuid Ros na Rún a raibh cion air i chuile choirnéal den tír. Carachtar a chruthaigh sé féin is nach raibh aon rogha ag scríbhneoirí ach scripteanna a chur in oiriúint dó.
Rud a bhain deatach astu go minic, mar ba léir ó na fotheidil. Chinn sé orthu aon mheabhair a bhaint as na seanleaganacha a bhí ar a thoil ag Diarmuid.
“Chloisfinnse mé féin ar Ros na Rún chuile sheachtain mar is ar mo chuid Béarla briste a bhíodh sé ag aithris,” a dúirt seanchara leis go bródúil ar a thórramh an oíche cheana.
Creidim é, mar bhíodh pian i mo thaobh ag gáire ag Diarmuid agus é ag cur síos ar thráthúlacht na cosmhuintire a bhíodh isteach sa teach ósta aige, ‘Tigh Dáirbí’, i mBéal an Daingin.
Fear misniúil a raibh an-dul chun cinn ann. Chas na bannaí ceoil ba mhó agus ba cháiliúla sa halla damhsa ar thóg Diarmuid an chuid ba mhó de lena dhá láimh féin thiar i mBéal an Daingin.
Fear stuama agus ealaíontóir a dhear agus a shnigh seoda as crua-adhmad a bhfuil tóir mhór orthu.
Fear farraige agus iascaire a chuir ordóg go minic i ngeolbhach bradáin, go dleathach agus go mídhleathach.
Ceoltóir a bhain port as mórchuid uirlisí ab ea é agus b’amhránaí é a mbíodh bród air ag casadh ‘Deoraí Bhéal an Daingin’ – amhrán a chum sé féin.
Fear a bhain sásamh as chuile lá dá shaol. Ach mar a dúirt a sheanchomrádaí, Johnny Chóil Mhaidhc:
Tagann an bás,
Gan chás, gan chuireadh,
Is ní mórán spás,
Bhíonn i ndán
Don duine.
Chuir an bheirt acu drámaí ar ardán i chuile halla i gConamara agus i bhfad ó bhaile.
Iadsan agus a léithéid a choinnigh an dé sa ngríosach i gcaitheamh an tsaoil – an ghríosach as ar las TG4 faoi dheireadh.
Ba theistiméireacht ar a gcumas ag freastal ar phobail Ghaeltachta go mbíodh chuile halla lán go doras. Greann ina shnáth mara ina gcuid cainte.
Bhí sé d’ádh orm féin gur éirigh liom a bheith ar an ardán ina theannta sa Taibhdhearc, i mBleá Cliath, i gConamara, Dún na nGall, Maigh Eo agus Ciarraí. Tháinig ocht gcéad duine chomh fada linn thall i mBoston agus is beag duine acu sin a d’fhág an halla gan láimh a chroitheadh le Diarmuid.
Sílim go measann cuid de Ghaeilgeoirí na nua-aoise gur chóir do na sean-Ghaeil a bhfriotal a athrú agus a dhul i gcleachtadh an liathuisce.
Léirmheastóirí ina measc nár thuig focal de na leaganacha dúchasacha a bhí ag Diarmuid. Thuig an chosmhuintir chuile fhocal uaidh.
Cur i géill a bheith ag caoineadh bás na Gaeltachta ar láimh amháin agus ag déanamh beag is fiú de shaibhreas cainte na cosmhuintire ar an láimh eile.
Aireoidh muid uainn an scairtíl gháirí a bhí mar shaibhriú saoil againn i gcomhluadar Dhiarmada.
Cailliúint mhór dá bhean Máirín, dá chlann Caomhán, Gráinne agus Diarmuid, dá gharchlann agus dá bheirt deirfiúr.
Is iomaí duine mór le rá i gcúrsaí léinn agus gnó nó in aon aicme eile den tsaol nach mbeidh an oiread caitheamh ina ndiaidh agus atá ag mórchuid de phobal na hÉireann i ndiaidh Shéamais Mhicil Tom.
Suaimhneas síoraí go raibh agat, a Dhiarmuid.
Fág freagra ar '‘Aireoidh muid uainn an scairtíl gháirí a bhí mar shaibhriú saoil’ – Joe Steve Ó Neachtain'