An Ghaeilge – teanga an ghrá?

FRIOTAL: Is iomaí cumann grá nach bhfuil focal air i nGaeilge, a deir ár gcolúnaí

Cartun Bus stop

Dhá leagan atá leitheadach sa chaint ach nach bhfuair cead isteach sna foclóirí go fóill ná ‘buachaillchara’ agus ‘cailínchara.’ Fiú foireann www.focloir.ie, a bhfuil modh oibre breá daonlathach acu, níor thug siad aon aitheantas dóibh. Is maith sin; glactar lena lán leaganacha má líonann siad bearna i stór focal na Gaeilge, ach cén locht atá ar leithéidí ‘Ar casadh buachaill nua Aoife ort go fóill?’ le go gcuirfí ‘buachaillchara’ ina áit?

Deacracht a bhaineann leis na leaganacha seo ná go bhfuil blas beag leanbaí ar ‘buachaill’ agus ‘cailín’. An bhfuil sé inghlactha, fiú amháin, ‘cailín’ a thabhairt ar bhean óg níos mó? Ní go neafaiseach a chuirim an cheist sin; déarfadh a lán feimineach gur nós díspeagúil é agus cuid mhór den cheart acu, dar liomsa. Is cuma cén dearcadh a bheadh agat faoin chomhionannas idir fir is mná, b’ait leat fear sna caogaidí a rá leat i lúb chuideachta, ‘Ar casadh mo chailín (nó mo bhuachaill) nua ort go fóill?’

Dá mba i mBéarla a bheadh sé ag caint, seans go ndéarfadh sé Have you met my new partner? Admhaím gur leagan é sin nár théigh mo chroí leis riamh, agus faighim blas níos dlíthiúla fós ar ‘páirtí’ na Gaeilge. Seans gur canúnachas nó idióileict is cúis leis an dearcadh sin a bheith agam, nó is minic a bhíonn tuiscint róchúng againn ar fhocail. Ar a laghad ar bith, samhlaím gur caidreamh fada, pas beag foirmeálta, a bheadh idir beirt a thugann ‘partner’ ar a chéile. ‘One member of a cohabiting couple’ an chéad sainmhíniú a thugtar ar www.focloir.ie. An dara ceann ná ‘sb you have sex with’. Á, leaids, an bhfuil an rómánsaíocht marbh ar fad ar fad?

Is iomaí athrú a tháinig ar an chaidreamh gnéis idir daoine le blianta anuas. An phríomhfhoinse eolais a bhíonn ag an Éireannach maidir leis na hathruithe sin ná irisí agus scannáin Bhéarla. Tá a shliocht orainn: is deacair dúinn coinneáil bord ar bord leis na cumainn nua a bhíonn á snaidhmeadh idir daoine: friends with benefits, toy boy agus a lán eile.

Is mór le rá na castaíochtaí cultúir a bhaineann le cuid den fhriotal seo. Féach beard, cuir i gcás: fear nó bean a ‘shiúlann amach’ le duine eile chun a cheilt gur homaighnéasach nó leispiach atá sa duine sin. Ní hé nach mbíodh a leithéid ann san am atá thart (beard cruthanta a bhí in Constance Wilde, bean chéile Oscar) – níl ann ach nach ndéantaí trácht air.

Fágann sin go bhfuil an-chuid bearnaí sna foclóirí Gaeilge. Cuid mhór de na focail a cumadh níl siad thar mholadh beirte, dar liom – mar shampla ‘geandáil Idirlín’ ar internet dating. Ní furasta dúinn fiú rud chomh coitianta le ex a chur in iúl (samhlaím ciall eile le seanbhuachaill agus seanchailín).

‘Tá focail ann dá mb’eol dom iad,’ a scríobh Seán Ó Ríordáin. Chítear dom gur féidir go bhfuil leaganacha in úsáid i measc lucht na Gaeilge nár nocht sna foclóirí go fóill. Bíodh cluas le héisteacht orainn, mar sin, ach go sábhála mac Dé sinn ar ‘iar-bhuachaillchara’.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge – teanga an ghrá?'

  • Alex HIjmans

    “Mo leathbhádóir” a thugaimse ar “partner” i nGaeilge.

  • philip

    Tá baicle bheag ‘friendgirls’ agam nach ‘girlfriends’ iad, go bhfios do mo bhean (chéile). Agus diúltaím fosta do ‘pháirtí’ a thabhairt ar mo bhean (chéile) ós rud é nach cúrsaí gnó a bhíonn ar bun againn. Moltaí ar bith ar ‘friendgirl’ nó an leor ‘cara’ nó ‘cara mná’?

  • Páid Ó Donnchú

    Tá an Ghaeilge thar a bheith rómánsach ach caithfear tóir san áit cheart.
    Foclóir Uí Dhónaill,cuir i gcás.

    Is ann a fhaightear an focal iontach torpóg agus sampla dá úsáid.

    Gheobhaidh sé torpóg in áit éigin. He will get a lump of a lass somewhere.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bhoil, ní bheinn sásta glacadh leis an téarma ‘lump of a lass’ am ar bith, gan trácht ar an leagan Ghaeilge. I bhfad barraíocht aithriseoireacht ar téarmaí Béarla ‘teanga an ghrá’ (nó an gnéis) an lae inniu, mór an trua. Nach bhfuil téarmaí deasa againn ón dúlra? Tugtar ‘féileacán (fómhair) ar ghirseach dhóighiúil (nó ar dhuine iontach éadrom). …Tá neart téarmaí drochmheasúla ar mhná san fhoclóir Uí Dhónaill fosta…