Bíodh an fheamainn ag na gadhair! Cuirfidh sí slíocadh ar an bhfionnadh, géaróidh sí an goile agus músclóidh sí an giúmar. Go deimhin, is maith an oidhe é sin ar na gadhair; ní móide go bhfuil ainmhí níos ceanúla, ná níos dílse ná é, ar dhroim na cruinne.
Bhí ómós don ghadhar i gcónaí i dtithe na tuaithe ach b’fhéidir nach bhfuair sé mórán thar a chuid le n-ithe scaití; ní bhíodh an bheatha chomh fairsing agus atá anois. Agus cé a chuimhneodh ar an bhfeamainn mar bheatha don ghadhar?
D’athraigh an saol.
Ní fada go dtiocfaidh beirt fhiontraithe as Cill Mhantáin go Carna, in iarthar Chonamara, agus iad ag déanamh forbairt ar thionscal nua – feamainn do ghadhair.
Tádar ag teacht, James Keoghnan agus Tom Shearer, a dúradar mar go mbeidh neart spáis acu i monarcha ar an eastát tionsclaíochta. Beidh siad níos gaire don ábhar a theastaíonn. Ach a mbeidh an tionscnamh tosaithe, meilfear an fheamainn agus meascfar é ina bhrúitín le hábhair eile. Ansin, cuirfear amach as Carna é go dtí pé áit a mbeidh glaoch air. Beidh an compás dírithe go háirithe ar Mheiriceá.
Sin feamainn Ghaeltachta do ghadhair an domhain.
Ach an oiread le háiteacha eile ar fud na tuaithe, bhí an gadhar ag teastáil I gcónaí sna tithe sa nGaeltacht, mura mbeadh ann ach go dtosódh sé ag tafann nuair a bheadh duine éicint ag teacht chun na tí oícheanta geimhriúla.
Bhí a leagan féin ag Seosamh Ó Cuaig ar an tuiscint pholaitiúil a fuair tú agus tú ag teannadh le doras tí ag canbhasáil. Nuair a thosaíodh an gadhar ag tafann, a deir Seosamh, d’fhéadfá ceann de dhá rud a chloisteáil ón taobh istigh: “Tóg go bog é, Fido!” (teach deisiúil a raibh ‘áitritheoirí’ nua ann, b’fhéidir), agus dá gcloisfeá “lie down you bas…d” bhí tú ag teannadh le teach fíorGhaeltachta! Bhí tú in ann ansin an leagan a bheadh agat de do theachtaireacht chanbhasála a bhunú ar an teagmháil a rinneadh leis an ngadhar.
Ní chloistear amhrán Gaeilge agus Gaelach a bhaineann leis na gadhair sa nGaeltacht. Ach tá amhrán as an taobh ó thuaidh de Chonamara a chastar ar fud Chonamara uilig, agus i bhfad i gcéin freisin, atá bunaithe ar ghadhair – nó cúite [cúnna] sa gcás seo. Sin é ‘The Bogs of Shanaheever’, baile fearainn [Seanadh Chiamhair] atá beagán ó thuaidh den Chlochán.
Síleann cuid mhaith daoine gur mná agus grá atá i gceist san amhrán seo. Ní hea. Baineann sé le fiach ar na sléibhte thart ar phortaigh Sheanadh Chiamhair, agus an gaisce a bhí na cúite in ann a dhéanamh, Diana agus Victor. Ach tharla sé go ndeachaigh Victor in aghaidh a mhullaigh síos le fána aille agus gur maraíodh ar an toirt é.
‘The day that Victor died my coursing days were over,
I sat down and cried like a broken-hearted lover,
We took Victor to his grave and laid him down forever,
I booked my passage to New York, far away from Shanaheever.’
B’fhéidir go scríobhfadh duine ábalta éigin leagan Gaeilge den amhrán amach anseo.
Ar na saolta seo, tá gadhair ag fáil aire na gloine. An iomarca, b’fhéidir. Cuirtear cultacha ar chuid acu, go háirithe na gadhair bheaga. Dúirt fear liom le gairid go bhfuil deirfiúr aige féin agus go bhfuil cultacha éagsúla aice le haghaidh an ghadhair – ceann le haghaidh aimsir oíche Shamhna, ceann eile le haghaidh na Nollag, ceann le haghaidh an earraigh, agus mar sin. Tá daoine feicthe agus gadhair bheaga acu ag imeacht i bpramanna. Níos suntasaí fós, tá scéalta ann go bhfuil lánúin anseo agus ansiúd ag socrú nach mbeidh gasúir acu, ach go mbeidh gadhar acu ina leaba sin. Leo féin an cinneadh sin a dhéanamh.
Ach níor iarr an gadhar bocht ariamh go mbeadh cóir mar sin ag dul air agus tá saineolaithe ainmhithe ann a deir nach ceart a bheith ag cur éadach ar ghadhair; éiríonn siad an-mhíchompordach. Tá fionnadh orthu agus an nádúr a chuir an fionnadh sin orthu.
Baineann an tionscnamh feamainne agus beatha na ngadhar le hiarrachtaí atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta le fuinneamh a chur i bpobail in iarthar Ghaeltacht Chonamara. Ní chuireann na stiúrthóirí an lear postanna a bheidh acu i gCarna thar 6 cinn, as seo go ceann tamaill ar chuma ar bith. Creideann siad nach ceart a bheith ag cur cait i bhfuinneoga, agus gan ach tionscal na ngadhar agus na feamainne ina thús.
Beidh chuile dhuine ag súil go dtiocfaidh borradh faoin iarracht neamhghnách seo. Murach fiontraithe, bheadh an saol níos dorcha, níos duibhe agus níos boichte.
Go gcuire an t-ábhar a thiocfaidh as cladai Chonamara rath ar na gadhair; bíodh an fheamainn acu.
Fág freagra ar 'Bíodh an fheamainn ag na gadhair – feamainn Ghaeltachta!'