Tá dhá rud le déanamh go práinneach sa Ghaeltacht…

Is tairbheach go mbeadh muid ag dul siar ar an stair ach is riachtanaí go mór fada go bhfoghlaimeodh muid ceachtanna na staire

Tá dhá rud le déanamh go práinneach sa Ghaeltacht…

Seosaamh Ó Cuaig i mbun cainte ag comóradh 50 bliain Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gCois Fharraige Dé Domhnaigh seo caite. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

As an gcomóradh ar fad  atá déanta ar bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta caoga bliain ó shin sílim gurbh í an chaint a rinne an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ar 7 Lá ar TG4  ba thábhachtaí ar fad.

Is maith agus is rímhaith, go deimhin is cuí agus is tairbheach, go mbeadh muid ag dul siar ar an stair ach is riachtanaí go mór fada go bhfoghlaimeodh muid ceachtanna na staire agus go leagfadh muid amach beart i gcomhair an tsaoil atá ann anois agus an tsaoil a bheidh ann amach anseo.

Thug an tOllamh Ó Tuathaigh le tuiscint go bhfuil an t-am feiliúnach leis an iarann te a bhualadh aríst. Is fiú a chuid focal a fhoilsiú athuair.

Ar seisean: “Rud suntasach faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus an idé-eolaíocht agus an meon a chothaigh í, ná go rabhadar ag caint ar phobal – na hamhráin, na poirt agus na héilimh is sa chéad phearsa iolra a bhíodar ‘We shall overcome’ – an pobal mar dhream.

“D’imigh sin go mór ag deireadh na seachtóidí nuair a tháinig caithréim an mhargaidh agus caithréim an liobrálachais agus an indibhidiúlachais, nuair a thángamar isteach go dtí idé-eolaíocht na hiomaíochta ó dheireadh na seachtóidí ar aghaidh.

Tharlódh sé, a dúirt sé, go bhfillfeadh “leagan éigin”  den tuiscint ar céard is pobal ann a bhí ag lucht Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Agus is féidir, a dúirt sé, go bhfuil muid ag teacht go dtí deireadh na tréimhse sin “…caithréim an mhargaidh…de réir mar atá cúrsaí tithíochta ag teip agus cúrsaí sláinte ag teip agus mar sin de”.

Níl sé i bhfad ó labhair easpag Caitliceach ar an téad céanna a bheag nó a mhór, an tEaspag Dónal McKeown.

Dúirt seisean go bhfuil fadhbanna móra ag teacht as an múnla nualiobrálach atá sa tír seo.

Teastaíonn cúnamh ó dhaoine, a dúirt sé ‘to get some balance back rather than have this turbo-capitalism ravishing the place and destroying lives’.

An chaint sin a rinne an tOllamh agus an tEaspag, tá dúshlán inti dúinn ar fad.

Mar a dúirt Karl Marx, ní dhearna na fealsúnaithe ach an domhan a mhíniú ar bhealaí éagsúla. Is é an dualgas atá orainne an domhan a athrú.

Nuair a theip ar an gcóras Cumannach sa Rúis shíl na nuachoimeádaigh go raibh a lá tagtha. Mheas siad nach raibh aiséirí i ndán do leagan ar bith den chóras sin go brách na breithe aríst.

Scríobh an fealsúnaí polaitíochta agus eacnamaíochta Francis  Fukuyama leabhar dar teideal  The End of History and the Last Man. Ach tá amhras ag teacht anois ar an dream a shlog a theagasc go bhféadfadh sé go raibh dul amú air.

Fiú amháin i Meiriceá tá caint mhór ar an sóisialachas ar an aimsir seo – focal a bhí faoi their sa tír sin le blianta fada.

D’éirigh le Bernie Sanders an sóisialachas a chur i lár mhargadh na polaitíochta agus tá an bhean óg Alexandria Ocasio-Cortes á dhéanamh go binn agus go paiteanta í féin.

Anuraidh chuir pobalbhreith a rinne Gallup scéin an bhainbh dhóite sa dream a bhfuil imní á mbualadh faoi bhuaineadas chóras an rachmais.

Ar Mheiriceánaigh idir 18-29 bliain d’aois a díríodh an suirbhé. Léirigh an phobalbhreith go raibh meas ag 51% acu ar an sóisialachas. Níor dhúirt ach 45% acu an rud céanna faoin rachmasaíocht.

I bpobalbhreith a rinneadh anseo in Éirinn léiríodh go bhfuil tacaíocht láidir ag Sinn Féin ó dhaoine as an aoisghrúpa céanna.

Ceist eile ar ndóigh ar sóisialaigh iad Sinn Féin?

Maidir linne sa nGaeltacht,  sílim go bhfuil dhá rud le déanamh againn go práinneach, chuile thacaíocht a thabhairt do Thuismitheoirí na Gaeltachta leis an nGaeilge a choinneáil beo agus eagraíocht nua a bhunú agus a leathadh ar fud na tíre le cearta a bhaint amach do na pobail thuaithe.

Conradh na Tuaithe a thabharfainn ar a leithéid d’eagraíocht. Thiocfadh an lá luath go leor a mbeadh deichniúr Teachtaí Dála againn a bheadh ag seasamh le chéile ar chlár oibre aontaithe tuaithe agus a mbeadh cothromaíocht na cumhachta acu tar éis olltoghcháin.

Sin é an uair a mbainfí deannach as an dream atá ag magadh fúinn le fada.

Fág freagra ar 'Tá dhá rud le déanamh go práinneach sa Ghaeltacht…'

  • Múscail do Mhisneach a Bhanba.

    Rud tábhachtach eile a dúirt an staraí Gearóid Ó Tuathaigh ar 7Lá ná-

    “Tá pleanáil teanga comh cuimsitheach i bpobail leochaileach ar bith go bhfuil sé éagórach ar fad ar fad a bheith ag iarraidh ar dhream áitiúil ar bheagán airgid agus ar bhegán acmhainní pobal iomlán a shlánú mar bhunphobal teanga. Ní tharlóidh sé. Tá an stát le cur faoi bhrú arís…ach beidh gá le beart éigin níos raidiciúla ná mar atá déanta.”

    Is rud dearfach é gur mhínigh an t-Ollamh Ó Tuathaigh (agus go leor saineolaithe eile) do phobal na Gaeltachta go bhfuil teip in ann don “phleanáil teanga” bréagach seo atá caite sa mullach ar eagraíochtaí dheonacha sna Gaeltachtaí. Ní “dioscúrsa an éadóchais” a bhí ar bun ag na saineolaithe teangeolaíochta mar a mhaígh An t-Ollamh Denvir ar 7Lá ach cur síos réadúil faoi neamhpholasaí an Stáit i leith na Gaeltachtaí agus cur síos cruinn nach cheileann an fhírinne maidir le géarchéim na Gaeilge sna Gaeltachtaí.

    Ní mór dúshlán an rialtais agus Fhianna Fáil a thabhairt faoin “phleanáil teanga” bhréagach seo toisc go bhfuil fuinneamh an phobail á ídiú leis.
    Ba chóir na pleananna cuimsitheacha réadúla a réitigh na saineolaithe agus ar dhiúltaigh an Establishment dóibh a bhrú go fíochmhar ar Fine Gael agus ar Fhianna Fáil agus a rá leo gur leath-iarracht suarach atá sa “pleanáil teanga” faoi láthair agus gurb é cur i bhfeidhm na moltaí chuimsitheacha sna pleananna a réitigh na saineolaithe a theastaíonn go géar anois.

    Teastaíonn brú-ghrúpa raidiceach chun na Gaeltachtaí a chur chun cinn agus iad sásta a admháil go poiblí gurb í an Ghaeilge an acmhainn cultúrtha agus eacnamaíochta is luachmhaire atá sna Gaeltachtaí agus troid ar son pleanáil teanga réadúil tomhaiste i measc na rudaí eile atá tábhachtach.

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Aontaím go iomlán go bhfuil géar ghá le brú-ghrúpa raidiceach chun dúshlán a thabhairt do pholasaithe rialtais, ach tá sé deacair go leor muintir na Gaeltachta a fháil le freastal ar chruinnithe, gan a bheith ag caint ar pháirtíocht i ngluaiseacht raidiceach.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Ní ar mhuintir na Gaeltachta amháin a bheadh Conradh na Tuaithe ag brath ach ba bhreá an rud dá mbeadh muintir na Gaeltachta i gceartlár an fheachtais. Cuimhnigh gur thug muid lán 7 mbus as Conamara go Bleá Cliath nuair a bhí léirsiú ansin faoi na dabhchanna séarachais.

  • Múscail do Mhisneach a Bhanba.

    @Dónal Ó Cnáimhsí
    D’fhreastail cuid mhaith daoine ar na cruinnithe faoin “phleanáil teanga” sna Gaeltachta nuair a fógraíodh an scéim ar dtús.
    Tiocfaidh daoine chun cinn ar fud na Gaeltachtaí má cheapann siad go bhfuil aidhmeanna soiléara ag an bhrú-ghrúpa agus fonn orthu dúshlán an rialtais a thabhairt chun na haidhmeanna sin a bhaint amach.

  • Pádraig

    Na fógraí ar thaobh dheas an scáileáin a phreabann aníos. Iadsan a bhfuil dathanna geala orthu. Cuireann siad isteach orm agus mé ag iarraidh alt a léamh.