FÍSEÁN: ‘Éagórach ar fad a bheith ag súil go dtabharfaidh dream áitiúil an teanga slán’ – Ó Tuathaigh

Dar leis an staraí Gearóid Ó Tuathaigh gurb í an teip atá i ndán don chóras pleanála teanga sa Ghaeltacht

FÍSEÁN: ‘Éagórach ar fad a bheith ag súil go dtabharfaidh dream áitiúil an teanga slán’ – Ó Tuathaigh

Is é Gearóid Ó Tuathaigh, duine de mhórstaraithe na hÉireann, an saineolaí is déanaí a bhfuil ráite aige gurb í an teip atá i ndán don chóras pleanála teanga sa Ghaeltacht toisc ró-ualach a bheith á leagan ag an Stát ar an bpobal.

Dúirt Ó Tuathaigh ar an gclár 7Lá go raibh sé “éagórach ar fad ar fad” a bheith ag súil go dtabharfadh “dream áitiúil” pobal teanga slán.

Mar staraí iomráiteach, iarchathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta, ar Bhord na Gaelilge agus ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta, is beag duine eile a mbeadh an mórléargas céanna aige ar chás na teanga agus is cinnte go gcuirfidh a thuar leis an amhras atá ar dhaoine áirithe faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is ar eagrán speisialta den chlár 7Lá faoi chomóradh 50 bliain bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a chaith Ó Tuathaigh amhras ar chur chuige an Stáit i leith shlánú na Gaeltachta.

“Níl an státchóras faoi láthair ag déanamh na hoibre sin. Is dóigh liom gur chóir dúinn a bheith cúramach gan a bheith ag brath an iomarca ar choistí deonacha agus sin an imní a bheadh ormsa faoi chúrsaí pleanála teanga.

“Tá pleanáil teanga chomh cuimsitheach sin ag pobal leochaileach ar bith go bhfuil sé éagórach ar fad ar fad a bheith ag iarraidh ar dhream áitiúil, ar bheagán airgid agus ar bheagán acmhainní, pobal iomlán a shlánú mar bhunphobal teanga. Ní tharlóidh sé. Tá an stát le cur faoi bhrú arís agus is féidir go dtarlóidh ach beidh gá le beart éigin níos radacúla ná mar atá déanta go dtí seo.”

Dúirt Ó Tuathaigh gur furasta “lagmhisneach a theacht ar dhaoine” maidir lena bhfuil i ndán don Ghaeltacht in ainneoin “liosta fada” gaiscí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

“Tá is dócha le cur san áireamh anseo nach féidir le heagraíochtaí deonacha ach méid áirithe a dhéanamh. Tá an státchóras go ginearálta agus na fórsaí seachtracha seo an-láidir ar fad agus, tríd is tríd, in ainneoin na ngaiscí a dhein gluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta agus na hinstitiúidí a bunaíodh nó a d’eascair as an ngluaiseacht sin, bhí fórsaí an stáit agus na fórsaí seachtracha ró-láidir ar deireadh thiar thall le go bhféadfaí na pobail seo, mar phobail teanga, a shlánú. Tá gá le bearta i bhfad níos cuimsithí.”

Dúirt Ó Tuathaigh gur “suarach”  an gníomh atá déanta ag an Stát ar mhaithe le slánú na Gaeltachta agus nach raibh “dabht ar bith” ach go bhfuil an státchóras tar éis “cúlú” go mór ón obair. Dúirt sé go raibh “corr-eisceacht anseo agus ansiúd” ach gur eisceachtaí iad a bhí ann “de thoradh brú ó ghníomhairí pobail”.

“Cur chuige láidir comhtháite” a theastaigh chun “na pobail Ghaeltachta a neartú”,  a dúirt sé.

Dúirt an staraí nárbh ionann an tuiscint a bhí ag daoine ar cad ba phobal ann aimsir na gcearta sibhialta agus an tuiscint a tháinig i réim ina dhiaidh sin.

“Rud suntasach faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus an idé-eolaíocht agus an meon a chothaigh í ná go rabhadar ag caint ar phobal – na hamhráin, na poirt agus na héilimh is sa chéad phearsa iolra a bhíodar. ‘We shall Overcome’ – an pobal mar dhream.

“D’imigh sin go mór ag deireadh na seachtóidí nuair a tháinig caithréim an mhargaidh agus caithréim an liobrálachais agus an indibhidiúlachais, nuair a thángamar isteach go dtí idé-eolaíocht na hiomaíochta ó dheireadh na seachtóidí ar aghaidh.”

Dúirt Ó Tuathaigh go ráineodh go bhfillfeadh “leagan éigin” den tuiscint ar cad is pobal ann a bhí ag leithéidí lucht Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Agus is féidir go bhfuilimid ag teacht go dtí deireadh na tréimhse sin… caithréim an mhargaidh… de réir mar atá cúrsaí tithíochta ag teip agus cúrsaí sláinte ag teip agus mar sin de.

“Is féidir go bhfuil an rud seo, tuiscint ar cad is pobal ann agus comhpháirtíocht agus comharchumannachas, go bhfuil leagan áirithe dó sin le teacht i dtreise anois tar éis tréimhse cuibheasach fada de chaithréim an indibhidiúlachais.”

Is é Gearóid Ó Tuathaigh an saineolaí is déanaí a bhfuil amhras mór caite aige ar chóras na pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Dúirt an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin le déanaí gur “céim ar gcúl” agus córas “mí-ionraic” a bhí ann toisc go bhfuil an Stát “ag caitheamh a hata leis an Ghaeltacht agus an fhreagracht á cur acu ar an bpobal”. 

Dar leis an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh gur sampla é ról Údarás na Gaeltachta sa phleanáil teanga de chúlú an Stáit de réir a chéile ó aon bhaint dhíreach a bheith aige le caomhnú na teanga sa Ghaeltacht. Dar le Walsh gur díol suntais é nach iad an tÚdarás féin a bhíonn ag cur pleananna teanga i gcrích.

“Is é an caveat mór ná nach gcuireann Údarás na Gaeltachta féin an phleanáil teanga i bhfeidhm. Ina áit sin, cuirtear an obair amach go dtí coistí agus grúpaí deonacha pobail, a bhformhór nach bhfuil aon saineolas teicniúil acu sa phleanáil teanga in ainneoin a dtiomantais don Ghaeilge. 

“I bhfocail eile, cuireann an Stát fad a sciatháin idir é féin agus formhór d’obair phraiticiúil na pleanála teanga sa phobal, obair nach ndéantar comhordú ceart uirthi agus gur bocht an maoiniú atá ar fáil di.” 

I measc na saineolaithe eile a bhfuil locht mór faighte acu ar an gcóras pleanála teanga, tá an tOllamh emeritus Dónall Ó Baoill, agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin.

Tá ráite go minic ag an Ollamh Ó Giollagáin gurbh fhearr leis na forais stáit nach mbeadh aon fhreagracht orthu maidir le cruachás na Gaeltachta agus dar leis gurb é an córas pleanála teanga “an sampla is fearr den mhímhacántacht oifigiúil seo”.

Maíonn Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus Údarás na Gaeltachta go bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Faoin gcóras, a tugadh isteach faoin Acht Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga. Tá plean ullamh anois i leath de na ceantair sin agus oifigeach pleanála teanga fostaithe i ndeich gcinn acu.

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le hocht bplean eile a chur bhráid na Roinne roimh dheireadh 2019.

Tá €1.49 milliún ceadaithe d’fheidhmiú na 13 bplean atá ceadaithe go dtí seo ach níl ach cuid bheag den airgead sin caite go fóill ar na pleananna féin. 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Éagórach ar fad a bheith ag súil go dtabharfaidh dream áitiúil an teanga slán’ – Ó Tuathaigh'

  • Eoinín

    Aontaím leat. Éagórach go cinnte agus is trom an t-ualach é le leagan ar ghrúpa ar bith ar bheagán airgid agus acmhainní ní áirim an saineolas chun an beart a chur i gcrích. Níl anseo ach seilf ag an státchóras le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta a dhíbirt óna ndoras féin agus is cuma leo ar bás nó beatha dí.

  • Béarla teanga an Stáit

    Tá sé in am ag na coistí dheonacha sna pobail Gaeltachta an liathróid a chaitheamh ar ais i gcúirt chomhrialtais Fhine Gael/Fhianna Fáil agus a mhíniú dóibh nach féidir leo an Ghaeilge a shábháil sna Gaeltachtaí toisc go bhfuil dualgais eile orthu agus nach bhfuil an rialtas ná an Státchóras dáiríre faoin phróiséis.
    Mura ndéanann siad amhlaidh is cuid den fhadhb a bheidh ins na coistí dheonacha “pleanála teanga” feasta toisc go n-úsáidfear iad chun an fhírinne a cheilt.

  • Mairéad

    Tá ceist amháin bhunúsach nach mór a chur. An é feidhm an phróiséis pleanála teanga i ndáiríre, ná na gníomhaithe teanga agus na ceannairí pobail sna Gaeltachtaí a choinneáil gnóthach leis an bpleanáil teanga fhuarbhruite seo ionas go mbeidh siad sáinnithe ag an Státchóras fad is atá an ghéarchéim teanga sa nGaeltacht ag bailiú nirt bliain i ndiaidh bliana?

  • Pól Ó Braoin

    Ach is é an trua atá ann gur beag sundais a chuirfidh na meáin ná an rialtas féin in aon bhlas a deireann muid i nGaeilge. Móramh mór na mbéarlóirí sa tír seo ní chuirfeadh sé ionadh dá laghad orm mara raibh tada ar eolas acu faoi ghéirchéim ar bith sa ngaeltacht. Caithfear an scéal seo a inseacht i dteanga an rialtais seo agus ansin b’fhéidir go mbeidh seans ann greim a fháil ar chomhbhá na ndaoine sin i leith shlánú na teanga, cheapfainn féin.

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Ba i an Ghaeilge teanga oibre rannóg na Gaeilge o cheann ceann an lae fad is a bhí mise os a chionn agus bhain mé gach cuspóir teanga amach trí bheith mar ghníomhaí teanga go dtí 2013. Fíor!