Rúiseach ceaptha mar an deichiú hoifigeach pleanála teanga sa Ghaeltacht

Tá Victor Bayda, scoláire agus léachtóir Gaeilge as Moscó, ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga in Uíbh Ráthach

Rúiseach ceaptha mar an deichiú hoifigeach pleanála teanga sa Ghaeltacht

Dr. Victor Bayda. Pictiúr: Valerie Ní Shúilleabháin

Tá scoláire Gaeilge as Moscó na Rúise ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga in Uíbh Ráthach chun plean teanga an cheantair sin a chur i gcrích.

Is é Victor Bayda, léachtóir Gaeilge in Ollscoil Mhoscó, atá ceaptha ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a chaomhnú sa cheantar agus borradh a chur athuair faoi labhairt na teanga.

Thosaigh Victor Bayda, a rugadh i Moscó i 1981, ag foghlaim a chuid Gaeilge san ollscoil stáit ansin ach ba tar éis dó téarma a chaitheamh i mbun staidéir i gColáiste na Tríonóide a luigh sé isteach i gceart ar fhoghlaim na teanga.

Bhain sé PhD amach dá thráchtas faoin nGaeilge agus faoin Íoslainnis agus tá sé ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Mhoscó le 15 bliain.

Deir sé gur ó Raidió na Gaeltachta agus TG4 a d’fhoghlaim sé go leor dá chuid Gaeilge agus is iomaí turas atá tugtha aige ar Éirinn.

Bhí spéis ag Bayda i dteangacha ó bhí sé óg agus ba iad na teangacha Ceilteacha is mó a phrioc a shuim nuair a bhí sé sna déaga.

Thug an Ghaeilge léargas eile ar an saol dó nuair a thosaigh sé á foghlaim, a deir sé.

“Tá mé ag ceapadh gur mór is fiú Gaeilge a fhoghlaim mar is meon eile smaointeoireachta atá sa teanga agus is iontach an rud é a bheith in ann do chuid smaointe a lúbadh agus a chur in iúl ar chaoi eile seachas mar a dhéantar i mórtheangacha na hEorpa. Is mór is fiú í a shábháil go bhfanfaidh sí ina teanga bheo,” a dúirt an Baydach le Tuairisc.ie.

Dúirt an Rúiseach go raibh súil aige go n-éireoidh leis na “scileanna agus na smaointe” atá aige a chur i bhfeidhm ar mhaithe le “caomhnú agus láidriú na teanga” in Uíbh Ráthach.

Níor mhór don phleanáil teanga a bheith “nasctha go dlúth” le “forbairt shóisialta agus eacnamaíochta an phobail”, a deir sé, go háirithe i gceantar ina bhfuil laghdú 40% tagtha ar an daonra ó lár an chéid seo caite.

Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ó 8.5% in 2011 go dtí 6.9% in 2016, rud a fhágann go bhfuil an limistéar pleanála teanga a bheidh faoina chúram ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is laige ó thaobh ma teanga sa tír.

“Tá an Ghaeltacht seo lag ó thaobh na teanga de ach ón méid atá feicthe agam go dtí seo tá an Ghaeltacht seo an láidir ó thaobh fhuinneamh an phobail atá tiomanta an fód a sheasamh agus an ghaoth a chur i seolta an cheantair seo arís.”

Deir sé nach féidir an teanga a choinneáil beo aon áit gan toil an phobail.

“Agus ní chreidim nach féidir an toil chéanna a mhúscailt,” a deir sé.

“Tá go leor de múscailte cheana féin. Feicim sin in obair Chomhchoiste Uíbh Ráthaigh agus tá mé thar a bheith sásta a bheith i mo bhall anois den fhoireann iontach gníomhach tiomanta seo agus an deis a bheith agam mo chuid a dhéanamh le cur leis an obair iontach atá á déanamh acu.”

Is é Victor Bayda an deichiú duine atá ceaptha ina oifigeach pleanála faoin Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Ba é John Prendergast, a ceapadh ina Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí, an naoú duine.

D’fhreastail oifigigh pleanála teanga le déanaí ar chruinniú eolais agus oiliúna i mBaile Chláir na Gaillimhe, cruinniú a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta.

Faoin gcóras pleanála teanga, a tugadh isteach faoin Acht Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga agus tá plean ullamh i leath de na ceantair sin.

Fág freagra ar 'Rúiseach ceaptha mar an deichiú hoifigeach pleanála teanga sa Ghaeltacht'

  • Vitaly

    Is breá liom an scéal seo a léamh – Rúiseach mar Oifigeach pleanála teanga! Níl aithne pearsánta agam ar Victor (is Rúiseach mé féin), ach taim cinnte go ndéanfaidh sé a dhicheall. Níl “caomhnú” ach “aiséirí” ag teastáil ó Ghaeilge sa cheantar seo, áfach. Ach níl an Ghaeilge marbh go léir ann gan dóchas ann. Bhíos féin ag caint le cúpla Gaeilgeoirí in Uibh Ráthach. Bhaineas úsáid as Gaeilge sa tigh mo chairde i nDún Géagán agus sa reilig ar Oileán na Mainistreach (duine beo atá i gcéist agam – bhuaileas le Gaeilgeoir ón Dromad). Go deimhin, beidh sé thar a bheith deacair do Victor “borradh a chur athuair faoi labhairt na teanga”. Ach tá súil agam go mbeidh “foireann iontach gníomhach tiomanta Chomhchoiste Uíbh Ráthaigh” rud beag níos iontaí gníomhaí tiomanta.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Fair Play dhuit a chara – Maith thú. Tógann sé Rúiseach teacht i gcabhair orainn chun sinn a spreagadh ár dteanga féin a labhairt. Is iontach an rud go bhfuil duine mar seo le meas mór ar an dteanga againne agus atá mór chríoch an fód a sheasamh agus oibriú ar ‘son na cúise’. An bhféadfá ao’rud a mholadh don Rialtas? Go raibh an t-ádh leat.