‘Obair thábhachtach is ea í agus is pribhléid a bheidh ann’ – Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha do Chiarraí Thiar

Is é John Prendergast an naoú duine a ceapadh ina oifigeach pleanála faoin Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

‘Obair thábhachtach is ea í agus is pribhléid a bheidh ann’ – Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha do Chiarraí Thiar

John Prendergast

Is é John Prendergast atá ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí.

Is é Prendergast an naoú duine atá ceaptha ina oifigeach pleanála faoin Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt an Ciarraíoch tráthnóna inné go raibh “ríméad” air an post a fháil agus go mbeidh sé ag tosú ina ról nua faoi cheann cúpla mí.

Tá Prendergast, arb as Trá Lí dó, ina Theagascóir Gaeilge le Fulbright in Ollscoil Notre Dame in Indiana faoi láthair.

“Táim ag tnúth go mór le tabhairt faoin obair. Obair thábhachtach is ea í agus is pribhléid a bheidh ann domsa a bheith ina bun agus, le cúnamh Dé, beidh linn agus beidh ré mhaith i ndán dúinn.”

Is é Prendergast a bheidh i bhfeighil ar phlean teanga Chiarraí Thiar a chur i bhfeidhm agus deir sé gur ceann de na spriocanna is tábhachtaí a bheidh aige ná labhairt na Gaeilge a spreagadh i measc aosa óig an cheantair.

“Ba dheas liom go mbeadh sé sin neartaithe go mór agus beidh an dul chun cinn le haithint fad agus a bheidh an obair á déanamh againn, le cúnamh Dé. Ba dheas liom go mbeadh an pobal ar fad ag tarraingt le chéile chun an mhórsprioc seo a bhaint amach.”

Tá céim sa dlí agus sa Ghaeilge ag Prendergast ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá sealanna caite aige ag teagasc na Gaeilge in Éirinn, i Meiriceá, i gCeanada agus sa Bhreatain Bheag.

Cé gur as Trá Lí do Prendergast tá ceangal láidir aige le Corca Dhuibhne, óir is as an gceantar sin a mháthair chríonna.

“Is as Trá Lí dom féin ach bím siar agus aniar gach aon uair go mbím ag baile. Tá cur amach agam ar an gceantar ach b’fhéidir go mbeadh léargas difriúil ag duine nach ón áit é,” arsa Prendergast. “B’fhéidir go mbeadh léargas eile nó rud éigin le baint as sin ach tá mo chroí san áit agus níl uaim ach an rud is fearr don cheantar a dhéanamh.”

D’fhreastail na hoifigigh pleanála teanga atá ceaptha go dtí seo an tseachtain seo ar chruinniú eolais agus oiliúna i mBaile Chláir na Gaillimhe, cruinniú a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta.

Táthar ag súil le fógra go luath faoi cheapachán Oifigigh Pleanála Teanga i gCiarraí Theas agus ar an gCeathrú Rua i nGaillimh

Faoin gcóras pleanála teanga, a tugadh isteach faoin Acht Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga agus tá an plean sin ullamh anois i leath de na ceantair sin.

Fág freagra ar '‘Obair thábhachtach is ea í agus is pribhléid a bheidh ann’ – Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha do Chiarraí Thiar'