Ochtar oifigeach pleanála teanga ceaptha sa Ghaeltacht

D’fhreastail na hoifigigh pleanála teanga atá ceaptha go dtí seo inniu ar chruinniú eolais agus oiliúna i mBaile Chláir na Gaillimhe

Ochtar oifigeach pleanála teanga ceaptha sa Ghaeltacht

Tá Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha anois in ocht gcinn den 26 ceantar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Is iad na daoine atá ceaptha go n-uige seo: Dónal Ó Cnaimhsí, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir;  Mícheál Mac Aoidh, Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Rósaí Nic Cárthaigh, Múscraí;  Hannah Ní Bhaoill, Ráth Chairn agus Baile Ghib; Irial Ó Ceallaigh, na Déise; Cristín Ní Eanacháin, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh; Laoise Ní Dhúda, Maigh Eo Thuaidh; agus Briocán Baireád, Conamara Láir.

Chomh maith leis sin tá beirt oifigeach cúnta pleanála teanga fostaithe go dtí seo, Cristín de Mórdha atá fostaithe ag Comharchumann Chorca Dhuibhne agus Oisín Mac Eó atá fostaithe ag Comharchumann Ghaoth Dobhair.

Táthar ag súil le fógra go luath maidir le ceapacháin i gCiarraí Theas, i gCiarraí Thiar agus ar an gCeathrú Rua.

D’fhreastail na hoifigigh pleanála teanga atá ceaptha go dtí seo an tseachtain seo  ar chruinniú eolais agus oiliúna i mBaile Chláir na Gaillimhe, cruinniú a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta.

Faoin gcóras pleanála teanga, a tugadh isteach faoin Acht Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga. Tá plean ullamh anois i leath de na ceantair sin, na hocht gceantar ina bhfuil ofigeach pleanála teanga fostaithe agus cúig cheantar eile: Cois Fharraige, Ciarraí Theas, Ciarraí Thiar, Árainn Mhór agus An Cheathrú Rua.

Tá trí phlean eile curtha faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta – plean Thuaisceart Dhún na nGall, plean Dhún na nGall Theas agus plean Cheantar na nOileán i gConamara.

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le hocht bplean eile a chur bhráid na Roinne roimh dheireadh 2019.

€1.49 milliún ceadaithe d’fheidhmiú na 13 bplean atá ceadaithe go dtí seo ach níl ach cuid bheag den airgead sin caite go fóill ar na pleananna féin. 

Comharchumann Ghaoth Dobhair Dónal Ó Cnaimhsí, Oisín Mac Éo (Oifigeach Cúnta)
Pobal Eascarrach Mícheál Mac Aoidh
Comhlucht Forbartha na nDéise Irial Ó Ceallaigh
Comharchumann Forbartha Mhúscraí Rosaí Nic Cárthaigh
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Cristín de Mórdha (Oifigeach Cúnta)
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Cristín Ní Eanacháin
Gaeilge Iorrais Laoise Ní Dhúda
Forbairt Chonamara Láir Briocán Baireád
Comharchumann Ráth Chairn Hannah Ní Bhaoill

Fág freagra ar 'Ochtar oifigeach pleanála teanga ceaptha sa Ghaeltacht'

  • Eóin Mooney

    I’m really sorry I can’t fully write this As Gaelige but I’ll try. Is as Luimneach mé ach táim i my chonaí i Cardiff agus ba mhaith liom dul go dtí ranganna gaelige anseo. Níl mé ábalta aon chursaí a fháil so I wondered if you could please help me. I can see that John Prendergast held some Irish classes back in 2015 but no luck finding anything else. Hope you can help. Mise le meas, Eóin