‘Zombie-language a bheidh sa Ghaeilge má leantar ag séanadh ghéarchéim na Gaeltachta’ – Ó Cuirreáin

Cothrom an lae inniu cúig bliana ó eagraíodh an mórshiúl ‘Dearg le Fearg’ i ndiaidh do Sheán Ó Cuirreáin éirí as oifig an Choimisinéara Teanga mar agóid i gcoinne fhaillí an Stáit, tá a thuairim tugtha aige faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta

‘Zombie-language a bheidh sa Ghaeilge má leantar ag séanadh ghéarchéim na Gaeltachta’ – Ó Cuirreáin

Deir an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin go bhfuil an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina ‘Zombie-language’ má leantar ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta.

Tá Ó Cuirreáin ag labhairt inniu ag comhdháil teanga i bParlaimint na Breataine Bige cothrom an lae cúig bliana ó eagraíodh an mórshiúl ‘Dearg le Fearg’ i ndiaidh dó éirí as oifig mar agóid i gcoinne fhaillí an Stáit i leith na Gaeilge.

Seo an chéad uair d’Ó Cuirreáin óráid mar seo a thabhairt ó d’éirigh sé as oifig mar gheall ar easaontas faoi pholasaí stáit, an chéad ombudsman i stair na tíre a rinne a leithéid.

Deir Ó Cuirreáin nach bhfuil aon bhiseach i ndán don Ghaeilge nó go ngéilltear ar dtús go bhfuil géarchéim ann, rud nach bhfuil déanta ag aon aire go fóill.

“Ní straitéis an dóchas” a deir Ó Cuirreáin, go háirithe má bhíonn an dóchas bunaithe “ar sheachmall, ar sheachrán, ar scéalta ficsin agus ar thuiscintí bréige”.

“Beidh daoine fós ag foghlaim agus ag sealbhú na Gaeilge amach anseo ach ceist eile ar fad é an mbeidh sí ina príomhtheanga phobail sa Ghaeltacht. Is ar éigean go bhféadfadh aon duine a mbeadh fiú tuiscint fhánach féin aige ar na fíricí a shéanadh go bhfuil géarchéim ann maidir lena bhfuil i ndán don Ghaeltacht mar phobal teanga. Tá an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina Zombie-language, nó Zombaítheanga, gan í beo ná marbh, má scaoiltear le meath na Gaeltachta. Cén fáth nár admhaigh aon aire go dtí seo go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht?”.

Cuireann Ó Cuirreáin an cheist an ligfeadh “aon stát neamhspleách eile a mbeadh meas ar bith aige air féin dá dteanga féin imeacht as”. 

“Tá sé thar am a admháil go bhfuil sé dainséarach a bheith ag scaipeadh dóchas gan bhunús faoin nGaeilge agus tosú ag baint leas as taighde a bhfuil fianaise ag dul leis chun dul i ngleic leis an ngéarchéim mar atá.”

Maidir leis an bhfianaise ar ghéarchéim na teanga, luann Ó Cuirreáin 15 píosa eolais faoi staid na teanga. I measc na bhfíricí sin tá an laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa daonáireamh deireanach, titim a tharla i ngach réimse ach a bhí níos measa sa Ghaeltacht, mar a raibh laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais. Luann an t-iarChoimisinéir chomh maith taighde a rinne Tuairisc.ie faoina laghad post sa státseirbhís a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo agus a laghad Gaeilge a labhraítear sa Dáil. Tagraíonn sé freisin don laghdú 10% a tháinig ar lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 2014-2018 agus an laghdú atá tagtha ar lucht féachana TG4, atá sáinnithe faoi 2%.

Lena chois sin, tráchtann sé ar an ngéarchéim maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí atá ábalta ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge, ar an uiscealú atá déanta ar Ghaeilge na hArdteiste agus ar an scéala nach bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.5% de dhaltaí iarbhunscoile an stáit.

Ar na comharthaí sóirt eile aige den drochbhail atá ar an teanga, tá a laghad Gaeilge a chloistear sna cúirteanna, an fanacht fada ar leasú ar an Acht Teanga agus ar an nós nua nach gá Gaeilge a bheith ag an aire sinsearach ná sóisearach i Roinn na Gaeltachta.

Maidir leis an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht deir Ó Cuirreáin gur “céim ar gcúl” agus córas “mí-ionraic” atá ann toisc go bhfuil an Stát “ag caitheamh a hata leis an Ghaeltacht agus an fhreagracht á cur acu ar an bpobal”. 

Dar le Ó Cuirreáin go bhfuil an fhianaise maidir leis an drochbhail atá ar an teanga soiléir do chách agus gurb í an fhadhb ná go roghnaíonn daoine gan é sin a aithint.

“Ní fíor don cliché gur gá ‘an fhírinne a insint do lucht na cumhachta’ mar tá an scéal ar eolas ag lucht na cumhachta cheana féin! Is ionann i gcónaí polasaí an Rialtais agus an státchórais maidir leis an nGaeltacht agus ‘Labhraígí Gaeilge eadraibh féin, ach seachain a labhródh sibh linne í!”

Maidir le Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, deir Ó Cuirreáin go bhfuil galar na heaspa fianaise céanna ag cur as di is atá ag cur as do pholasaí teanga an stáit i gcoitinne.

“Ní dhéantar aon iniúchadh neamhspleách ar Straitéis 20 Bliain an Rialtais ná ar an Phlean Gnímh Cúig Bliana a théann léi. Ina ionad sin, is Grúpa Maoirseachta den dream a bhfuil an dualgas orthu iad a chur i bhfeidhm a bhíonn i mbun monatóireachta ar an dul chun cinn maidir leis an bplean.

“Torthaí an tsaothair seachas an saothar féin an t-aon slat tomhais chun rath polasaí mionteanga a mheas. Tá sé den riachtanas go ndéanfaí iniúchadh neamhspleách ar phleananna agus ar scéimeanna teanga más fúinn a fháil amach dáiríre ar éirigh leo nó nár éirigh. An rud a thomhaistear déantar é.”

Tá Seán Ó Cuirreáin i measc chainteoirí an lae inniu ag ceardlann de chuid ‘Revitalise’, gréasán taighde ar mhaithe le hathneartú teangacha agus an claochlú sóisialta, atá ar siúl i gCaerdydd.

Ag labhairt dó ag an gceardlann chéanna inné, dúirt an sochtheangeolaí aitheanta an Dr John Walsh nach bhfuil in earnáil dheonach na Gaeilge ach a scáil ó tugadh isteach córas nua na sé cheanneagraíocht in 2014 agus go bhfuil na heagraíochtaí teanga curtha ina dtost ag an gcóras sin.

Fág freagra ar '‘Zombie-language a bheidh sa Ghaeilge má leantar ag séanadh ghéarchéim na Gaeltachta’ – Ó Cuirreáin'

  • Béarla teanga an Stáit

    Ní mór éisteacht le Seán Ó Cuirreáin (go háirithe ó bhí sé ina thost le cúig bhliain) agus é ag rá anois gur “córas mí-ionraic” agus “céim ar gcúl” atá sa bpróiséas phleanála teanga sna Gaeltachtaí.
    Tá sé in am ag na coistí dheonacha sna pobail Gaeltachta an liathróid a chaitheamh ar ais i gcúirt chomhrialtais Fhine Gael/Fhianna Fáil agus a rá leo
    “YE SOLD US A PUP agus ní féidir linne an Ghaeilge shábháil sna Gaeltachtaí toisc go bhfuil dualgais eile orainn agus níl an Stát dáiríre faoin phróiséis.”
    Mura ndéanann siad amhlaidh is cuid den fhadhb a bheidh ins na coistí dheonacha “pleanála teanga” feasta toisc go n-úsáidfear iad chun an fhírinne a cheilt.

  • Eoghan Ó Néill

    Nī haon ghéar-chéim ī seo dos na hAnglos leoga tá rudaí ag dul go seóigh leis an stratéis english-only sa tír seo atá I gcomhréir lena bhfuil ag tarlú i dTrumplandia I Leith ma Spáinise. No pasarán!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá dhá phost a fhógairt ag an stáit ar shuíomh gréasáin Tuairisc.ie faoi láthair – an dá cheann sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe:

    1. Príomhoifigeach Cúnta (Caighdeánach) (Gaeilge) leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus
    2. Bainisteoir Réigiún an Iarthair le hÚdarás na Gaeltachta

    Tá an dara ceann faoi chomhlacht earcaíochta Sigmar Recruitment – eagraíocht Béarla is cosúil, ach an t-eolas uilig faoin bpost fógraithe i nGaeilg amháin.

    Tá an chéad cheann ar shuíomh gréasáin na Roinne thuas ach, bíodh is go luaitear sa leabhrán eolais ‘Ní mór do na hiarratais go léir a bheith déanta i nGaeilge.’ tá leagan BÉARLA den bhfógra, den leabhrán eolais AGUS den bhfoirm iarratais ar fáil ón suíomh gréasáin??? Post sinsearach Gaeilge sa stáitseirbhís agus deis ag iarrthóirí iarratais a dhéanamh i mBéarla???!!!

    Cad chuige a bhfuil an t-aon rannóg stáit le freagrachtaí Gaeltachta ag brú an dátheangachas ar na réigiúin sin??? Nár cheart an dátheangachas bheith ar fud na tíre agus Gaeilge amháin sna ceantair Ghaeltachta???