0.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i nGaeilge, 99.5% i mBéarla – taighde nua

EISIACH: De réir taighde nua atá déanta ag Tuairisc.ie. den 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil sa dara leath den bhliain seo caite, ní raibh ach 14,723 díobh i nGaeilge

0.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i nGaeilge, 99.5% i mBéarla – taighde nua

Is ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt anois i nDáil Éireann, de réir taighde cuimsitheach atá déanta ag Tuairisc.ie ar an taifead oifigiúil de dhíospóireachtaí an téarma Dála seo caite.

De réir an taighde nua seo, as an os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil le linn an 38 lá a raibh sí ina suí sa dara leath den bhliain seo caite, níor labhraíodh ach 14,723 focal i nGaeilge.

Fágann sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin, idir an 11 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig 2017.

Chomh maith leis sin, léirigh an scagadh a rinne Tuairisc.ie ar gach díospóireacht a bhí sa Dáil le linn an 38 lá seo go raibh an Dáil ina suí gur ar éigean go raibh aon chaint as Gaeilge ann ach amháin an uair fhánach sin go raibh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta á bplé.

Seachas sin baineann formhór na Gaeilge a labhraítear anois i nDáil Éireann le mionchaint, beannachtaí, focail bhuíochais agus focail chomhbhróin.

Mar shampla, labhraíodh an céatadán is airde Gaeilge (6.2%) ar an 5 Deireadh Fómhair, an lá a ndearnadh ráitis chomhbhróin faoi bhás an iarThaoisigh Liam Cosgrave. Seachtain ina dhiaidh sin, áfach, ar an 12 Deireadh Fómhair, ní raibh oiread agus abairt amháin Gaeilge i measc an 53,000 focal a labhraíodh.

Bhí trí lá eile ann le linn na laethanta a bhfuil scagadh déanta orthu ag Tuairisc.ie gur úsáideadh níos lú ná deich bhfocal Gaeilge. Os cionn 136,000 focal a labhair Teachtaí Dála san iomlán le linn na dtrí lá sin. Níor labhraíodh os cionn míle focal Gaeilge (thart ar chúig nóiméad cainte) sa Dáil ach ar chúig lá idir an 11 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig 2017. Cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a bhí i gceist i gcás ceithre cinn de na laethanta sin.

Ba ar an 30 Samhain ba mhó a raibh Gaeilge le cloisteáil sa Teach agus Bille Éamoin Uí Chuív maidir le riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin in OÉ, Gaillimh faoi chaibidil. 2,498 focal Gaeilge, nó 4.26% de dhíospóireachtaí iomlána an lae, a labhraíodh le linn na díospóireachta sin.

Ar Lá an Bhuiséid anuraidh, as an 83,704 focal a labhraíodh sa Dáil ní raibh ach 1,021 díobh i nGaeilge – 1.2% den iomlán ann.

Tá Gaeilge líofa ag timpeall 30 Teachta Dála den 155 ionadaí tofa sa 32ú Dáil, de réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie tráth an toghcháin dheireanaigh. B’ionann Gaeilge líofa a bheith ag duine sa suirbhé sin agus dóthain Gaeilge a bheith aige chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

 

 

Fág freagra ar '0.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i nGaeilge, 99.5% i mBéarla – taighde nua'

  • Seanán Ó Coistín

    Tá sé náireach do stát ina bhfuil sé luaite go soiléir ina bhunreacht gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil.

    Níl ach leigheas amháin ar an scéal seo. Caithfear Teachtaí Dála le Gaeilge líofa agus a bhfuil mar rún ach gan ach an Ghaeilge a labhairt os comhair na Dála a thoghadh. Sin an t-aon bhealach a athrófar an scéal truamhéileach seo. Má labhraíonn líon beag de Theachtaí Dála Gaeilge, spreagadh sé Teachtaí Dála eile í a labhairt.

    Ach faraor, ní dóigh liom go bhfuil aon spéis ag lucht na Gaeilge dul sa bhfiontar agus seasamh i dtoghcháin.