Léargas ar staid an oideachais lán-Ghaeilge i bhfigiúirí nua

De réir figiúirí nua a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie is beag méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas

Léargas ar staid an oideachais lán-Ghaeilge i bhfigiúirí nua

Tugtar léargas i bhfigiúirí nua ar líon na ndaoine atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge sa Stát faoi láthair.

De réir na bhfigiúirí a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie is beag méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

58,333 dalta scoile atá cláraithe le scoileanna ina bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu.

Fágann sin gur 6% de dhaltaí an Stáit, idir dhaltaí bunscoile agus dhaltaí iarbhunscoile, atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. 8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ach níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.5% de dhaltaí iarbhunscoile an Stáit.

Tá níos lú ná 10,000 dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.

45,278 dalta as an mbeagnach 560,000 dalta bunscoile sa Stát atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair agus 13,055 as an mbeagnach 360,000 dalta iarbhunscoile atá ag déanamh amhlaidh.

De réir na bhfigiúirí nua níor tháinig ach 2.6% d’ardú ar líon na ndaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge  ó 2016 i leith agus 4.8% de mhéadú a tharla ag leibhéal na hiarbhunscoile sa tréimhse chéanna.

100 bunscoil atá ag cur oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do 7,344 dalta sa Ghaeltacht i gcomparáid le 102 scoil agus 7,341 dalta in 2016. Gaelscoil amháin lasmuigh den Ghaeltacht sa bhreis atá ann ó 2016 agus 1,150 dalta breise atá sa chóras Gaelscolaíochta anois le hais dhá bhliain ó shin.

597 dalta breise atá ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, ó 2016 agus scoil bhreise amháin atá i gceist agus an scoil sin sa Ghaeltacht.

Léiríonn na figiúirí nua go bhfuil maolú le tamall ar an bhfás a bhí ar an ngaeloideachais san am a caitheadh. Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh i measc tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil.

LÍON NA nDALTAÍ SA STÁT ATÁ AG FÁIL OIDEACHAS LÁN-GHAEILGE
Bunscoil 2016 2017 2018
Daltaí Scoileanna Daltaí Scoileanna Daltaí Scoileanna
Sa Ghaeltacht 7,341 102 7,389 101 7,344 100
Lasmuigh den Ghaeltacht 36,784 146 37,234 147 37,934 147
Iomlán 44,125 248 44,623 248 45,278 247
Iarbhunscoil 2016 2017 2018
Daltaí Scoileanna Daltaí Scoileanna Daltaí Scoileanna
Lasmuigh den Ghaeltacht 9,414 28 9,731 28 9,990 28
Sa Ghaeltacht 3,044 20 3,050 20 3,065 21
Iomlán 12,458 48 12,781 48 13,055 49

Fág freagra ar 'Léargas ar staid an oideachais lán-Ghaeilge i bhfigiúirí nua'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Bhí tráth ann agus ba ghluaiseacht í Gluaiseacht na nGaelscoileanna a bhunaigh scoileanna agus a bhain aitheantas amach dóibh ina dhiaidh sin.
    D’imigh sin. D’imigh na daoine misniúla sin.
    Anois cloistear caint ar ‘earnáil na gaelscolaíochta’, scáth den Státchóras, shílfeá.
    Tá an t-éileamh ann i measc an phobail ar scolaíocht trí Ghaeilge, rud is léir ó na liostaí feithimh.
    Teastaíonn dúiseacht agus gluaiseacht.

  • Credo

    De réir an ESRI tá ar a laghad 23% de thuistí óga na 26 condae ar mhaith leo go mbeadh Gaelscoil ar fáil dá bpáistí agus faoi láthair níl ach 8% des na daltaí bunscoile sna 26 condae ag freastal ar bhunscoil lánGhaelach!
    Eite láidir frithGhaelach i gcomhrialtas FG-FF is cúis leis an an neamhaird siniciúil seo.

  • Marc O'Broithe

    Níl na muinteoirí Gaeilge le fáil chun na phoist a líonadh da mbeadh suim againn na figúirí seo a árdú.