Tranglam foirne ag barr thábla an URC

Tá Cúige Laighean agus Cúige Mumhan as baile agus tá na Lions sa mbaile fós le himirt ag na Connachtaigh, cluichí nach mbeidh éasca

Tranglam foirne ag barr thábla an URC

Ní raibh cúrsaí chomh teann ariamh ar thábla an URC agus atá siad roimh thús an 15ú babhta an deireadh seachtaine seo. Ní scarann ach pointe amháin Cúige Laighean (54) atá ar bharr an tábla agus Glaschú (53) atá sa dara háit. Níl ach trí phointe idir Benetton (42) atá sa chúigiú háit agus na Lions (39) atá san 11ú háit. Go deimhin tá cúig fhoireann ar 39 pointe. Tá Cúige Chonnacht sa naoú háit agus Cúige Uladh sa deichiú háit faoi bhrú ag iarraidh dóthain pointí a bhailiú sa gceithre chluiche réamhbhabhta atá fós le n-imirt chun iad féin a bhrú isteach san ochtú háit, agus sna cluichí cáilithe, nó ceathrú ceannais más maith leat.

Sa mbaile atá na hUltaigh arís anocht agus iad ag tabhairt faoin Benetton agus fios maith acu go mbeidh géarghá le hardú suntasach ar a gcaighdeán imeartha ón taispeántas fíorlag a thug siad uathu i gcoinne Caerdydd an Aoine seo caite. Bhí an t-ádh dearg ar Chúige Uladh bua le dhá phointe, bua nach raibh tuillte acu, a chlárú, a bhuíochas sin do bhróga John Cooney a fuair cic éirice sa nóiméad deiridh den chluiche. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir Benetton, foireann atá sa chúigiú háit agus Caerdydd, foireann atá sa dara háit déag. Tá dúshlán mór roimh Chúige Uladh anocht.

Tá Cúige Mumhan agus Cúige Laighean fós san Afraic Theas agus cluichí crua rompu amárach. Is cinnte go mbeidh na Muimhnigh ag iarraidh cur leis an sárthoradh le pointe bónais a bhí acu i gcoinne na mBulls an Satharn seo caite, bua a d’ardaigh go dtí an tríú háit ar an tábla iad.

Ní bheidh tada éasca ag baint leis an dúshlán atá rompu amárach ag iad ag imirt ar thalamh ard Johannesburg i gcoinne na Lions, foireann a thug léasadh (42-12) do Chúige Laighean seachtain ó shin. Ach an oiread le Benetton agus Caerdydd, ní féidir comparáid ach oiread a dhéanamh idir foireann chéad rogha na Mumhan agus na hógánaigh a chuir Cúige Laighean chun páirce i gcoinne na Lions.

Ní hamháin sin, tá mise cinnte gur mheas bainistíocht Chúige Mumhan i gcónaí go mbeidís in ann an ceann is fearr a fháil ar na Lions, foireann atá san 11ú háit sa tábla. Caithfidh Cúige Mumhan a bheith cúramach ach ag an am céanna ní féidir an dara bua san Afraic Theas a chur as an áireamh.

Seans go bhfuil Cúige Laighean ag teacht chucu féin ón ngeit a baineadh astu agus greadadh á thabhairt ag na Lions dóibh i mBabhta 14. Cé nach raibh mórán ag tuar bua d’fhoireann Átha Cliath, ní raibh súil ar bith go mbeadh bearna tríocha pointe idir iad agus an freasúra ag deireadh an chluiche.

Bhuel, ní bheidh aon leithscéal acu faoi bheith ag imirt ar thalamh ard ó tharla gur le farraige i gCape Town a bheas siad i gcoinne na Stormers amárach. Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuil ceithre phointe dhéag idir na foirne seo. Ní hamháin sin ach chaill na Stormers i gcoinne na nOspreys seachtain ó shin agus iad sa mbaile. Más le Cúige Laighean fanacht ar bharr an tábla nó gar dó, caithfidh siad tréan-iarracht a dhéanamh pointí de chineál éicint a aimsiú sa gcoimhlint seo. Sin rud nach mbeidh éasca.

Thall sa mBreatain Bheag i gcoinne na nDragons, foireann atá sa dara háit déag, a bheas Cúige Chonnacht amárach. Tá sé chomh simplí leis seo. Tá Cúige Laighean agus Cúige Mumhan as baile agus na Lions sa mbaile fós le n-imirt ag na Connachtaigh, cluichí nach mbeidh éasca. Ciallaíonn sin go gcaithfidh Cúige Chonnacht dul sa tóir ar bhua le pointe bónais amárach le seans ar bith a thabhairt dóibh féin na babhtaí cáilithe a bhaint amach. Ach níl a fhios agamsa ar leor sin! Ach an oiread le Cúige Uladh seans go mbeidh siad ag brath freisin ar thorthaí cluichí a imreofar idir foirne eile le háit a fháil sna babhtaí cáilithe!

Fág freagra ar 'Tranglam foirne ag barr thábla an URC'