‘An Stát ag cúlú ón nGaeilge agus ón nGaeltacht agus na heagraíochtaí teanga curtha ina dtost’

Ag labhairt dó i gCaerdydd inniu, deir an Dr John Walsh nach bhfuil in earnáil na Gaeilge ach a scáil agus gur easpa comhordaithe agus maoinithe na comharthaí sóirt atá ar an bpleanáil teanga

‘An Stát ag cúlú ón nGaeilge agus ón nGaeltacht agus na heagraíochtaí teanga curtha ina dtost’

An Dr John Walsh

Tá cur chuige an Stáit i leith shlánú na Gaeilge lochtach ó bhonn agus tá na heagraíochtaí teanga curtha ina dtost, dar leis an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh.

Ag labhairt dó ag comhdháil faoi chúrsaí teanga atá ar siúl i gCaerdydd na Breataine Bige inniu, deir an Dr Walsh nach bhfuil in earnáil dheonach na Gaeilge ach a scáil ó tugadh isteach córas nua na sé cheanneagraíocht in 2014 agus go bhfuil na heagraíochtaí teanga curtha ina dtost ag an gcóras sin.

Deir an sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gur annamh a chloistear anois aon cháineadh ar pholasaithe ach amháin ó na heagraíochtaí Gaeilge sin ar cuireadh deireadh lena maoiniú.

Ba é an toradh a bhí ar chóras nua maoinithe an Fhorais ná go gcuireann sé an-srian le cumas daoine aon cháineadh a dhéanamh ar pholasaithe teanga, a deir an Dr Walsh.

Is deacracht í seo a bhaineann leis an earnáil dheonach trí chéile agus nach bhfuil teoranta don Ghaeilge, dar leis.

Níor chuireann sé aon fhiacail ann ach oiread faoin gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Deir sé gur sampla é ról Údarás na Gaeltachta sa phleanáil teanga de chúlú an Stáit de réir a chéile ó aon bhaint dhíreach a bheith aige le caomhnú na teanga sa Ghaeltacht. Cé go bhfuil an dá chúram anois ar an Údarás – an fhiontraíocht agus an phleanáil teanga – dar le Walsh gur díol suntais é nach iad an tÚdarás féin a bhíonn ag cur pleananna teanga i gcrích.

“Is é an caveat mór ná nach gcuireann Údarás na Gaeltachta féin an phleanáil teanga i bhfeidhm. Ina áit sin, cuirtear an obair amach go dtí coistí agus grúpaí deonacha pobail, a bhformhór nach bhfuil aon saineolas teicniúil acu sa phleanáil teanga in ainneoin a dtiomantais don Ghaeilge.

“I bhfocail eile, cuireann an Stát fad a sciatháin idir é féin agus formhór d’obair phraiticiúil na pleanála teanga sa phobal, obair nach ndéantar comhordú ceart uirthi agus gur bocht an maoiniú atá ar fáil di.”

Deir Walsh go bhfuil conarthaí gearrthéarmacha á dtabhairt d’oifigigh pleanála teanga agus go bhfuil srian mór curtha leis an méid gur féidir leo a bhaint amach mar gheall ar a laige is atá an creat reachtaíochta agus mar nach bhfuil dóthain maoinithe curtha ar fáil dóibh.

“Tá seo go léir ag tarlú toisc, mar dhea, go bhfuil cumasú agus páirtíocht an phobail á gcothú, ach ina ionad sin is amhlaidh gurb í an tsoiniciúlacht agus an phatuaire i dtaobh an phróisis an toradh atá air.”

Deir an sochtheageolaí gur sampla an cinneadh freagrachtaí a leagan ar Fhoras na Gaeilge agus ar Údarás na Gaeltachta den bhealach a bhfuil an státchóras á dhícheangal féin óna pholasaí teanga féin.

Deir sé gur tromchúisí an scéal seo i gcás Fhoras na Gaeilge mar go bhfuil a gcuid feidhmeanna fite fuaite leis an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Deir Walsh gur cuid é cúlú an Stáit ó obair na Gaeilge den fhealsúnacht nualiobrálach atá tagtha chun cinn sa pholaitíocht le tamall maith blianta.

“Tá iarracht ar siúl an chuma a chur ar an bpróiseas pleanála teanga gur cumasú pobail go háitiúil atá i gceist.

Creidimse nach bhfuil ann ach sampla eile den choilleadh atá á dhéanamh ar an earnáil dheonach agus pobail trí chéile de bharr an claonadh chun an nualiobrálachais i gcúrsaí eacnamaíochta le tríocha bliain anuas.”

Sampla é Conradh na Gaeilge, a deir Walsh, d’eagraíocht dheonach a bhí breá bríomhar neamhspleách roimh 1922 ach ar éirigh leis an aos polaitiúil a chinntiú ina dhiaidh sin go mbeadh sí ag brath ar an Stát seachas a bheith ag tabhairt a dhúshláin.

Dar le Walsh gur fágadh na heagraíochtaí teanga ar lár ón gcomhpháirtíocht shóisialta, a bunaíodh i 1987, agus nach ar mhaithe lena neamhspleáchas a bhí sé sin ach a mhalairt.

“Is í fírinne an scéil, áfach, go bhfuil siad sáite i gcóras eile nach bhfuil ann ach comhpháirtíocht shóisialta a chodail amuigh, córas atá á stiúradh ag áisíneachtaí Gaeilge an Stáit. Níl i gcóras maoinithe Fhoras na Gaeilge ach mionsamhail den chomhpháirtíocht shóisialta nach bhfuil an stádas ná an tionchar céanna ar bheartais an rialtais aige is atá ag an bhfíor-chomhpháirtíocht shóisialta.

“D’fhéadfaí an cás a dhéanamh, gur sampla níos measa fós de seo is ea próiseas pleanála teanga na Gaeltachta. Sa chás sin roghnaíonn Údarás na Gaeltachta ‘ceanneagraíochtaí’ sa Ghaeltacht (coistí deonacha go minic) chun pleananna teanga a réiteach agus ansin glacann siad leo nó ní ghlacann. Nuair a fhaomhann an Roinn plean, cuirtear maoiniú teoranta ar fáil d’Oifigeach Pleanála Teanga ar chonradh ar théarma seasta.”

Dar le Walsh go bhfuil an locht céanna ar struchtúir earnálacha na Gaeilge agus na Gaeltachta agus a fhaightear ar an gcomhpháirtíocht shóisialta, is é sin go laghdaíonn sé an seans go mbeidh an saoránach gníomhach, radacach agus criticiúil.

Maidir le Roinn na Gaeltachta, deir Walsh go raibh sí i gcónaí “ar an imeall” sa rialtas ó thaobh “cumhachta agus stádais”.

“An roinn a dtugtar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi láthair uirthi, is iondúil go bhféachann tráchtairí polaitiúla uirthi mar roinn gur beag an tábhacht a bhaineann léi agus gurb í ba thúisce a bhfaighfí réidh léi. Níl aon ghá don Aire a bheith ina chainteoir Gaeilge.”

Tá an Dr John Walsh i measc chainteoirí an lae inniu ag ceardlann de chuid ‘Revitalise’, gréasán taighde ar mhaithe le hathneartú teangacha agus an claochlú sóisialta, atá ar siúl i gCaerdydd sna laethanta amach romhainn.

Ar dhuine de na cainteoirí a bheidh amárach ann tá an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirréain.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist ag Ó Cuirreáin labhairt go poiblí faoi pholasaí teanga an Stáit den chéad uair ó d’éirigh sé as oifig mar agóid i gcoinne fhaillí an Rialtais i leith na Gaeilge agus chearta teanga.

Fág freagra ar '‘An Stát ag cúlú ón nGaeilge agus ón nGaeltacht agus na heagraíochtaí teanga curtha ina dtost’'

  • Ben Ó Ceallaigh

    Tá an ceart ar fad ag John anseo ar ndú. ‘Sé an cur chuige nualiobrálach a chuireann iachall ar stáit tarraingt siar ó dhualgaisí sóisialta is cúis le tréigean na teanga agus scriosadh na mbuiséad le blianta beaga anuas. Fadhb leis an gcóras eacnamaíochta féin atá ann, ní le polaiteoirí aonara, dá dhona iad sin freisin.

    Misneach an t-aon ghrúpa amháin i saol na Gaeilge atá ag déanamh na hargóna sin agus ag teacht le John faoi seo, feictear dom!

  • Pól Ó Braoin

    An fhírinne á hinseacht anseo dúinn… faraor… ach rud amháin a thugaim faoi deara… ní bhíonn focal ar bith faoin leatrom seo ar thodhchaí ár dteanga le feiceáil ná le cloisteáil i mbéarla ná ar na meáin bhéarla… nó an ea nach bhfuil suim dá laghad sa scéal ag éinne nach cainteoir Gaeilge é?

  • Béarla teanga an Stáit

    Tuigeann gach éinne gur cur i gcéill ar fad atá ar siùl ag an Stát faoin Ghaeilge ó 1960. Teastaíonn gníomh coincréideach neamhspleách anois. Bheadh eastát tithíochta uirbeach amháin lánGhaeilge go maith mar thús.

  • Peadar T Mac Ruairí

    Tá fíor-ardmheas agam go pearsanta ar John Walsh agus aontáim le go leor dá ndúirt sé i gCaerdydd an lá cheana ach is trua go ndeachaigh sé cineál i dtreo “Trumpachas’ agus Conradh na Gaeilge faoi thrácht aige le ráiteas míchruinn.

    Mar bhall gníomhach ó 1955/1956 go dtí inniu, agus é de phribhléid agam bheith im’ uachtarán 1998-2003, deirim gur ‘eagraíocht dheonach’ atá ‘breá bríomhar neamhspleách’ go fóill atá ann, in ainneoin iarrachtaí dreamanna éagsúla ‘polaitiúil’ agus eile ag tréimhsí áirithe thar na blianta.
    Ní miste léirmheas, fiú cáineadh, ach é a bheith dearfach agus bunaithe ar an bhfírinne, chun chabhrú linn uilig toradh níos fearr a bhaint amach. Níl glacadh agam, afach, bunaithe ar thaithí chóir-a-bheith 65 bliain, le maíomh den chineál “an t-aon ghrúpa amháin i saol na Gaeilge” chun an toradh atá uainn a bhaint amach.
    Ní cháinfinn ariamh grúpaí díograsacha. Tháinig dreamanna eile ar an saol thar na blianta – faoi thoscaí éagsúla agus le smaointí maithe go minic i gcásanna áirithe trínar baineadh torthaí fiúntacha amach – ach go fuarchúiseach léiríonn an stair chuimsitheach gur baineadh, go mbaintear agus go mbainfear na buantorthaí is tábhachtaí má fheidhmíonn muid uilig go héifeachtach le chéile tríd eagras, daonlathach, aontaithe, pobal – Conradh na Gaeilge.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    B’fhéidir go dtéann an cur i gcéill siar níos faide ná 1960 ná 1922! Céard faoi Forógra na Cásca 1916 mar thús le imeallú na Gaeilge i bpolaitíocht an náisiúnachais! Ní hamháin gur i mBéarla atá an forógra ach níl aon aitheastas tugthsa sa bhforógra céanna don Ghaeilge ná don 500,000 cainteoirí Gaeilge a bhí sa tír ag an am!