19,795 post, 29 post Gaeilge – an státseirbhís ‘aonteangach’

EISIACH: De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua a bhaineann le 17 roinn rialtais, níl ach 0.15% de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh

19,795 post, 29 post Gaeilge – an státseirbhís ‘aonteangach’

Níl ach 29 post den 19,795 post atá sa státseirbhís aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua a bhaineann le 17 roinn rialtais, níl ach 0.15%, nó níos lú ná an cúigiú cuid d’aon faoin gcéad, de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh.

De réir na hanailíse atá déanta againn ar na freagraí a tugadh ar shraith nach mór 40 ceist Dála a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ar gach aire rialtais, tá seacht roinn rialtais ann nach bhfuil oiread is post amháin daingnithe acu mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Is iad na ranna sin nach bhfuil aon phost ‘Gaeilge’ iontu ná an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, ina bhfuil 866 duine ag obair; an Roinn Airgeadais, ina bhfuil 330 duine ag obair; An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ina bhfuil 418 duine ag obair; an Roinn Gnóthaí Leanaí agus Gnóthaí Óige, ina bhfuil 241 duine ag obair; An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, ina bhfuil 122 duine ag obair; an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, ina bhfuil 651 duine ag obair; agus an Roinn Cosanta, ina bhfuil 348 duine ag obair.

Post amháin as an 1,578 post sa Roinn Gnóthaí Eachtracha atá aitheanta go hoifigiúil mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis. Post amháin chomh maith atá aitheanta go hoifigiúil mar phost ‘Gaeilge’ sa Roinn Dlí agus Cirt ina bhfuil 2,318 duine ag obair; sa Roinn Sláinte ina bhfuil 433 duine ag obair; agus sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, ina bhfuil 513 duine ag obair.

Níl an chuid sin den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhfuil cúram na Gaeltachta orthu, oifigí na Roinne sin sna Forbacha, curtha san áireamh san anailís seo.

Cúig phost as 612 post, lasmuigh den Ghaeltacht, atá aitheanta go hoifigiúil mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Cúig phost ‘Gaeilge’ atá i gceist chomh maith sa Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, mar a bhfuil 376 duine ag obair.

Trí phost ‘Gaeilge’, as 6,382 post, atá sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Sé phost, as 3,111 post ar fad, atá aitheanta ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo.

Is iad na ranna eile a bhfuil níos mó ná post ‘Gaeilge’ amháin daingnithe acu ná an Roinn Oideachais agus Scileanna, mar a bhfuil ceithre phost as 1,300 aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo agus Roinn an Taoisigh, mar a bhfuil dhá cheann den 196 post aitheanta mar phoist ‘Gaeilge’.

Anuas ar an gceithre phost sa roinn oideachais atá aitheanta go hoifigiúil mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo, thug an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton le fios go raibh 24 síceolaí oideachais fostaithe ag a roinn a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus go raibh 48 cigire i rannóg cigireachta na roinne atá freagrach as scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt cuid mhór de na hairí eile go raibh roinnt daoine ina ranna a raibh Gaeilge acu agus a bhí sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ar bhonn ‘deonach’ nuair is gá sin. Thug cuid de na hairí le fios chomh maith go gcuirtear deiseanna ar fáil d’oibrithe a ranna le cúrsaí Gaeilge a dhéanamh.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, go léiríonn an anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar an eolas a fuair sé ó na ranna éagsúla go bhfuil “státseirbhís aonteangach anois againn” agus go bhfuil an Rialtas “ag ligean dó sin tarlú”.

Dúirt sé gur “teip iomlán” a bhí sa chóras earcaíochta a tugadh isteach in 2013 in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge. Faoin gcóras nua tá na ranna in ainm is poist a mheastar riachtanas Gaeilge a bheith ag baint leo a aithint i scéim teanga nó ina bplean lucht saothair.

Faoin gcóras nua earcaítear ó phainéil daoine a bhfuil Gaeilge acu do na poist a dhaingnítear mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Dar le hÉamon Ó Cuív gur gá anois an córas sin a chaitheamh i dtraipisí agus “polasaí agus plean lárnach” a leagan síos.

“Níl polasaí ná plean acu agus an toradh atá ar an gcóras, dá bhféadfá ‘córas’ a thabhairt air, a thug siad isteach ná go bhfuil státseirbhís aonteangach anois againn. Aithníonn aon duine a bhíonn ag iarraidh plé a dhéanamh leis na ranna i nGaeilge an méid sin. Ba cheart an méid sin a admháil agus plean gnímh ceart a chur i bhfeidhm láithreach.

“An rud atá ar siúl faoi láthair tá sé náireach. Ní féidir seirbhís cheart a chur ar fáil ar bhonn deonach. Dá mbeadh Francach ag obair i roinn éicint, an ndéarfaí go raibh an Roinn sin ag cur seirbhíse i bhFraincis ar fáil? Caithfear tosú as an nua agus éirí as an tseafóid seo é a fhágáil faoi na ranna a rá cé na riachtanais atá acu ó thaobh na Gaeilge. Caithfidh treoir teacht ón mbarr agus caithfidh polasaí lárnach a bheith ann a leagfadh dualgas soiléir orthu,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar '19,795 post, 29 post Gaeilge – an státseirbhís ‘aonteangach’'

  • Seán Mac Gearailt

    Tá ár bpolaiteoirí chomh fada san ag glacadh orduithe agus treoireacha ónár “gcairde” san A.E. nach féidir leo aon cheo a dhéanamh as a stuaim féin. Níl dealramh ar bith le bheith ag súil go ndéanfaidh siad aon rud fónta ar son na Gaeilge fiú dá mbeadh an dea-thoil ann (rud nach bhfuil).

  • Aililiú!

    Bliain na Gaeilge!

    101 bliain i ndiaidh Éirí Amach 1916!

    95 bliain i ndiaidh bhunú an Stáit (ó dheas… an ceann atá in ainm agus a bheith saor)!

    Bravo!

  • Patricia

    Chuireas iarratas isteach breis agus bliain ó shin (Feabra 2016) chun post a fháil mar EO a bhfuil Gaeilge air/uirthi agus táim fós ag feitheamh. De réir cosúlachta is duine sa chéad batch mé ach níor chuala mé tásc nó tuairisc uathu ó mheán fomhair ó bhain mé amach an t-agallamh. Docreidte ar fad.

  • Braoin

    Bliain na Gaeilge agus an Straitéis 20 Bliain… hí hí…

  • liamo

    Bliain na Gaeilge cúis céilúrtha ar an méid atá bainte amach hí hí hí … Ta Státseirbhís aonteangach Béarla ann, Aire Gaeltachta gan Ghaeilge, An Ghaeltacht buailte go dona leis an dífhostaíocht agus imirice , torthaí Daonáirimh ag léiriú titim tubaisteach na gcainteoirí laethúla in Éirinn, ní féidir leat déiléail leis an gcóras dlí trí Ghaeilge caithfidh tú ateangaire a fháil don chúirt , ganntanas muinteoirí oilte ata inniúil sa Ghaeilge, easpa maoiniú dosna pleananna treanga Bhí an Taoiseach i dteideal a bheith mar cheannasaí ar Choiste Rialtas na Gaeilge agus dá bharr sin mar cheannasaí ar an Stráiteis Fiche Bhliain ach chinn siad fáil réidh le sin agus anois ta sé doléir cé atá freagrach as ar chor ar bith