‘Ródhearfach’ a bhí tuar teanga 2007

Léireoidh taighde teangeolaíoch nua bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach gur in olcas atá cás na Gaeilge sa Ghaeltacht imithe

 

Gaektacht-RIP2

‘Ródhearfach’ a bhí an tuar a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007 nach raibh ach 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar phríomhtheanga na Gaeltachta, dar le duine d’údair an staidéir sin, an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin.

Tuigtear do Tuairisc.ie go léireoidh taighde nua atá bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach gur in olcas atá cás na Gaeilge sa Ghaeltacht imithe ó foilsíodh an bunthaighde sé bliana ó shin.

Ba é an tOllamh Ó Giollagáin féin, i gcomhar le saineolaithe ó Ollscoil Mhaigh Nuad, a chuir an tuarascáil nua, atá fós le foilsiú, i dtoll a chéile.

Léireoidh Nuashonrú ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch go bhfuil creimeadh déanta ar stádas Gaeltachta ceantair áirithe ó foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach féin.

Sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007 rangnaíodh na ceantair Ghaeltachta ar fad de réir trí cinn de chatagoírí – A, B agus C – bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna cheantair éagsúla Ghaeltachta.

Bronnadh stádas ‘Catagóir A’ ar na ceantair is láidre teanga agus cuireadh na ceantair is laige i ‘gCatagóir C’.

Léireoidh an t-athrangú atá déanta sa taighde nua gur isliú stádais atá i gceist i gcás cheantair éagsúla agus tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuil ardú stádais i ndán d’aon cheantar.

Tá laghdú tagtha chomh maith ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcuid de na ceantair i gCatagóir A, na ceantair is láidre ó thaobh na teanga.

Tugadh le fíos sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007 gur fiche bliain a bhí fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht muna ndéanfaí beart fónta láithreach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Nuair a foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach bhí daoine áirithe den tuairim gur ródhuairc a bhí an breithiúnas sin, ach tá an tOllamh Ó Giollagáin den tuairim anois gur ródhearfach a bhí an léamh sin ar an scéal.

Thug an tOllamh Ó Giollagáin le fios do Tuairisc.ie go bhfuil dréacht den Nuashonrú ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch curtha faoi bhráid Údarás na Gaeltachta aige.

Ba é an tÚdarás a choimisiúnaigh an taighde nua agus cé nach raibh an tOllamh Ó Giollagáin sásta tagairt go sonrach do thorthaí an taighde nó go bhfoilseofar é, dheimhnigh sé go gcruthaítear ann go bhfuil an “éigeandáil teanga” sa Ghaeltacht “ag leathadh”.

Idir an dá linn, is beag dóchas atá ag an Ollamh Ó Giollagáin go bhfuil an Stát toilteanach dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht agus tá sé in amhras gur ‘teanga gan stát’ anois í an Ghaeilge.

“Neamhpholasaí”, “cur i gcéill oifigiúil” agus “mímhacántacht oifigiúil” atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a dúirt sé.

“Neamhpholasaí atá sa Straitéis 20 Bliain. Tá an Stát ag iarraidh an chuma a chur ar an scéal go bhfuil siad ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb, ach an polasaí fírinneach atá acu ná gan idirghabháil a dhéanamh.

“Tharraing an Stát siar ón athbheochan sna seachtóidí agus anois tá an Stát ag tarraingt siar ó éigeandáil na Gaeltachta. Níl siad ag iarraidh tada a dhéanamh faoi.”

Dar leis an Ollamh Ó Giollagáin gurbh fhearr leis na forais stáit nach mbeadh aon fhreagracht orthu maidir le cruachás na Gaeltachta.

“Níl na forais stáit, a bhfuil cumhacht agus maoiniú acu, ag iarraidh go mbeadh aon dualgas orthu féin. An sampla is fearr den mhímhacántacht oifigiúil seo ná gur chuir siad an brú uilig maidir le pleanáil teanga ar na comharchumainn bheaga Ghaeltachta, dream nach bhfuil aon chumhacht ná maoiniú acu.”

D’fhoilsigh dhá cheann déag de ranna Rialtais tuarascáil ag deireadh na míosa seo caite inar cuireadh síos ar an dul chun cinn atá déanta maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain ó seoladh ceithre bliana ó shin í.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios gur léirigh na tuarascálacha seo an dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir leis an Straitéis.

“Is léir dom go nochtann na tuarascálacha dul chun cinn agus cur chuige soiléir fheidhmiú na Straitéise a imreoidh tionchar dearfach ar an teanga san fhadtréimhse,” a dúirt tAire McHugh.