Bhuel tá an deireadh seachtaine is tábhachtaí i mbliain na hiomána buailte linn. Bhí sé an-soiléir ó thús an tséasúir go raibh Luimneach ar mhisean, tar éis dóibh cluiche ceannais eipiciúil na Mumhan a chailleadh an bhliain roimhe sin, agus tar éis dóibh taispeántas lag, neamhghnách, a thabhairt i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Bhaile Átha Cliath.
Bhí caint ann faoi daoine ag éirí as, faoi athruithe, agus faoi dheireadh ré b’fhéidir. Ach an rud a chonaiceamar ón tús ná fuinneamh, spiorad agus díocas chun oibre. Na himreoirí céanna a bhí tar éis cúig bhua a fháil i gcluichí ceannais na hÉireann, agus Luimneach ag imirt le cuspóir, leis an dúil gan deireadh chéanna a bhíonn iontu i gcónaí, agus iad ag buachan gach rud rompu, Sraith na Mumhan, an tSraith Náisiúnta agus Craobh na Mumhan.
Agus anois, agus roinnt mhaith den ádh acu in aghaidh an Chláir, tá siad sa chlucihe ceannais arís.
Bhí Gaillimh, gan dabht, ar an ngearrliosta le bheith san iomaíocht i mbliana. Thug an meascán seo d’imreoirí óga agus d’imreoirí nach bhfuil chomh hóg sin roinnt taispeántas ar ardchaighdeán i rith na bliana, ach is dócha nár bhain siad an leibhéal sin amach d’aon chluiche iomlán amháin. Bhí leathanna sórt bocht acu i roinnt cluichí, agus ansin leathanna i bhfad níos fearr sa dara cuid de na cluichí céanna.
Ach choimeád siad a dtaispeántas is fearr den bhliain don chluiche leathcheannais, inar scrios siad Corcaigh. Bhí spleodar le brath, mar a chonaiceamar i bPáirc an Chrócaigh, nuair a seinneadh N17 arís agus arís eile ar an gcóras fógartha.
Agus anois, tá cluiche ceannais romhainn agus gach seans acu.
Tháinig an dá fhoireann le chéile i Roinn 1A den tSraith, i gcluiche a bhí lán dáiríre. Bhí an Ghaillimh 11 phointe taobh thiar tráth amháin, ach tháinig siad ar ais go hiontach agus bhí seans acu fiú an cluiche a bhuachan le poc saor déanach. Chríochnaigh an cluiche le Luimneach ar 2-27 agus Gaillimh ar 31 pointe. Do Luimneach scóráil Aaron Gillane agus Cathal O’Neill 2-10 eatarthu, agus bhí ról tábhachtach ag Cathal Mannion, Aaron Niland agus Darren Neary in athbheochan mhuintir na Gaillimhe.
Ar an ócáid áirithe sin, bhí dháréag tosaitheoirí ar an dá thaobh a thosaigh arís sna cluichí leathcheannais coicís ó shin. Mar sin, cluiche suntasach a bhí anseo, a imríodh ag deireadh shéasúr na Sraithe, agus is léir nach raibh mórán cur i gcéill ar siúl ag ceachtar den dá fhoireann.
Ba dhá fhoireann iad seo a bhí gar go maith dá lán-neart, agus ba chluiche é a chríochnaigh le Luimneach dhá phointe chun cinn. Más leid ar bith dúinn é sin.
Ceapann na gheallghlacadóirí go mbuafaidh Luimneach. Ach, mar a chonaiceamar coicís ó shin, bhí na geallghlacadóirí mícheart nuair a tháinig sé go Corcaigh agus Gaillimh. Níl Luimneach ina rogha chomh láidir sin, ná chomh láidir is a bhí Corcaigh coicís ó shin.
Chuir sé ionadh orm cé chomh maith is a d’imir Gaillimh don chluiche ar fad. Bhí a gcuid beartaíochta thar a bheith cruinn. Trí Cathal Mannion a imirt mar chineál ‘quarterback’, d’éirigh leo smacht éigin a chur ar Chorcaigh, cé gur scóráil Brian Hayes (an phríomhsprioc a bheadh ag baint le ról Chathal Mannion) cúig phointe sa chéad leath. Mar sin, níor gearradh an soláthar chuige amach chomh maith sin, i ndáiríre.
Cé go nglactar leis go forleathan go raibh ról Mannion ríthábhachtach i dtaispeántas na Gaillimhe, nílim cinnte go n-aontaím leis sin céad faoin gcéad.
An rachaidh siad leis an mbeart sin arís? Má dhéanann, beidh Luimneach go hiomlán feasach air. Mar sin, b’fhéidir, agus an oiread sin taithí ag Micheál Donoghue agus ag a fhoireann bainistíochta, go mbeidh orthu rud éigin pas beag difriúil a dhéanamh an babhta seo.
Mar a fheicimse anois é, tá an úire agus an spleodar sin ag Gaillimh a bhaineann le foireann nua, foireann a bhí an-mhaith ina gcluiche deireanach, agus a raibh tréimhsí an-láidir acu i rith an tséasúir ar fad.
Ar an taobh eile de, is é Luimneach an sean-Luimneach, i ndáiríre, an Luimneach a chonaic mé ag briseadh na mallachta in 2018, agus gan ach fíorbheagán athruithe déanta ó shin. Tá a fhios againn cad a gheobhaimid ó Luimneach. Nílimid céad faoin gcéad cinnte cad a gheobhaimid ó Ghaillimh.
Sea ceapaim go bhfuil a n-áit sa chluiche ceannais tuillte ag an nGaillimh agus ag Luimneach. Tá sean-eolas againn ar ábaltacht leaideanna Luimnigh. Más féidir leis an nGaillimh fanacht sa choimhlint go dtí déanach sa chluiche thabharfainn seans dóibh ach beidh ionadh orm mura mbuann Luimneach ag deireadh na dála.
Fág freagra ar 'Tá a fhios againn cad a gheobhaimid ó Luimneach, nílimid céad faoin gcéad cinnte faoi Ghaillimh'