Siri le Gaeilge a fhoghlaim i gCarna agus ríomheolaí aitheanta ag teacht chun oibre sa Ghaeltacht

Tabharfaidh Kevin Scannell, an Ollamh leis an ríomheolaíocht in Ollscoil Missouri, sé mhí ag obair i gConamara an bhliain seo chugainn

Siri le Gaeilge a fhoghlaim i gCarna agus ríomheolaí aitheanta ag teacht chun oibre sa Ghaeltacht

Tá scoláireacht faighte ag mórcheannródaí na Gaeilge ar líne, Kevin Scannell, chun sé mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht ag obair ar thograí nua, forbairt áiseanna Gaeilge d’uirlisí amhail Siri agus Alexa ina measc.

Tá scoláireacht Fulbright faighte ag Scannell, a raibh baint aige le cuid de na forbairtí is mó ó thaobh na Gaeilge ar líne le tamall de bhlianta anuas, chun cónaí agus obair i gCarna i gConamara sa chéad leath de 2020. Beidh sé lonnaithe in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ansin idir Eanáir agus Iúil 2020.

“Is é is aidhm do mo chuid oibre ná é a dhéanamh níos fusa do chainteoirí Gaeilge an teanga a úsáid ar líne agus gan a bheith orthu iompú ar an mBéarla.

“San áireamh ansin tá teicneolaíocht bhunúsach amhail modhanna ionchuir do mhéarchláir, seiceálaithe gramadaí agus litrithe, foclóirí ar líne, chomh maith le huirlisí níos casta amhail innill aistriúcháin agus áiseanna gutha, cosúil le Siri agus Alexa.”

Dúirt Kevin Scannell go raibh athrú mór tagtha ar chúrsaí taighde sa ríomheolaíocht le deich mbliana anuas ó tháinig leithéidí an líonra néaraigh agus cur chuige na domhainfhoghlama isteach.

Dar leis go gcruthaíonn na hathruithe móra sin deacrachtaí do theangacha ar nós na Gaeilge.

“An deacracht do theangacha ar nós na Gaeilge ná go dteastaíonn an t-uafás sonraí ó na modhanna oibre nua seo má tá siad chun oibriú go maith, i bhfad níos mó [sonraí] ná mar is féidir le pobal teanga atá chomh beag sin a sholáthar. 

“Is é an dúshlán is mó ó thaobh an taighde de ná teacht ar bhealaí chun tairbhe a bhaint as cuid de na buntáistí a bhaineann le réabhlóid na domhainfhoghlama d’uireasa a lán sonraí.”

Chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge fáilte roimh an scéala go mbeidh an tOllamh Scannell ag teacht chun oibre ina n-ionad i gCarna.

Chomhairligh dream amháin ar Twitter do dhaoine gan a bheith ag súil le ‘míorúilt’ ón Ollamh Scannell agus dúradh nár chóir a cheapadh gurb amhlaidh go bhfuil leagan Gaeilge de Siri ar na bacáin.

Tá clár taighde faoi Siri as Gaeilge i measc na dtograí sa Phlean Gníomhaíochta na Gaeilge 2018-2022 a d’fhoilsigh an Rialtas anuraidh.

gealltanais éagsúla sa phlean gníomhaíochta nua faoi chúrsaí teicneolaíochta. I measc na ngealltanas sin, deirtear go dtacóidh Roinn na Gaeltachta le forbairt clár taighde, i gColáiste Chathair Bhaile Átha Cliath, faoin bPróiseáil Teanga Nádúrtha sa Ghaeilge. Úsáidtear an phróiseáil teanga nádúrtha in áiseanna cuidithe ar nós Siri, an áis a cheadaíonn do dhuine labhairt lena ifón.

Fág freagra ar 'Siri le Gaeilge a fhoghlaim i gCarna agus ríomheolaí aitheanta ag teacht chun oibre sa Ghaeltacht'

  • Seán Mag Leannáin

    Tá éacht déanta cheana féin ag Caoimhín do phobal na Gaeilge i ré seo na ríomhaireachta. Is féidir bheith cinnte de go rachaidh a thréimhse Fulbright sa Ghaeltacht go mór chun sochair don teanga agus dá cuid úsáideoirí ar líne. (Líonraí néaracha: Neural networks are a set of algorithms, modeled loosely after the human brain, that are designed to recognize patterns.)

  • Seán Mag Leannáin

    Líonraí néaracha: Neural networks are a set of algorithms, modeled loosely after the human brain, that are designed to recognize patterns. Is líonraí néaracha iad sraitheanna algartam atá bunaithe go scaoilte ar an inchinn dhaonna agus a bhfuil mar aidhm acu patrúin a aithint.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Tá a fhios agam go maith céard iad na líonraí néaracha ach cogar an dtabharfá tuilleadh sonraí dúinn maidir leis an méid atá dénta ag an Scannallach cheana? Níor chuala mé trácht air féin go dtí seo.

  • Jim da Gaelgeoir

    Tá na robotanna seo ag goideadh ár bpoist! Seo ar ais chuig an áit ar tháinig siad as! #DéanIontasAsÉirinnArís