Clár taighde faoi ‘Siri’ as Gaeilge i measc na dtograí i bplean nua an Rialtais don Ghaeilge

Tá gealltanas éagsúla faoi chúrsaí teicneolaíochta sa Phlean Gníomhaíochta don Gaeilge 2018-2022

Clár taighde faoi ‘Siri’ as Gaeilge i measc na dtograí i bplean nua an Rialtais don Ghaeilge

Tá Plean Digiteach don Ghaeilge le seoladh ag Roinn na Gaeltachta i mbliana, de réir Phlean Gníomhaíochta na Gaeilge 2018-2022 atá le seoladh i nGaoth Dobhair ar maidin.

Tá gealltanais éagsúla sa phlean gníomhaíochta nua faoi chúrsaí teicneolaíochta. I measc na ngealltanas sin, deirtear go dtacóidh Roinn na Gaeltachta le forbairt clár taighde, i gColáiste Chathair Bhaile Átha Cliath, faoin bPróiseáil Teanga Nádúrtha sa Ghaeilge. Úsáidtear an phróiseáil teanga nádúrtha in áiseanna cuidithe ar nós Siri, an áis a cheadaíonn do dhuine labhairt lena ifón.

I measc na mbeart eile i réimse na teicneolaíochta sa phlean, déanfaidh RTÉ Radio 1 agus Ollscoil Uladh tástáil an bhliain seo chugainn ar thionscadal tras-scríbhneoireachta ar líne, a cheadódh don lucht éisteachta an méid atá á rá ar chlár raidió a léamh agus a aistriú de réir mar a bheadh gá leis.

Gealltar chomh maith sa phlean nua go mbunófar Meitheal Smaointeoireachta i mbliana a bheidh ag plé le húsáid na teicneolaíochta i dteagasc na Gaeilge.

Chomh maith leis sin, gealltar go bhforbrófar as seo go ceann dhá bhliain an tionscadal Róbóglór a bhainfidh leas as róbait “chun béim a chur ar chumarsáid agus ar idirghníomhaíocht i bhfoghlaim na Gaeilge”.

Fág freagra ar 'Clár taighde faoi ‘Siri’ as Gaeilge i measc na dtograí i bplean nua an Rialtais don Ghaeilge'

  • Seanán Ó Coistín

    Ar fheabhas! Táim ag súil go mór leo. Is easnamh ollmhór iad na hacraí sin sa Ghaeilge. Stiúrfar gléasanna lenar nguthanna amach anseo mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh na hacraí seo againn i nGaeilge.

  • Jim O'Regan

    https://voice.mozilla.org/ga-IE
    “Seo é Common Voice – córas de chuid Mozilla a mhúineann do ríomhairí an chaoi a labhraíonn daoine.”