Tá ráite ag an sochtheangeolaí Conchúr Ó Giollagáin go ndearna Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta “cinsireacht” ar mholtaí taighde a rinne sé maidir le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Bhain conspóid fhada le foilsiú an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch toisc go raibh easaontas idir Ó Giollagáin, duine d’údair na tuarascála, agus Údarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an tuarascáil, faoi mholtaí a bhí déanta ag na húdair mar chuid dá dtaighde.
Sa deireadh, tháinig Údarás na Gaeltachta agus Conchúr Ó Giollagáin ar réiteach agus níor foilsíodh na moltaí mar chuid den Nuashonrú a d’fhoilsigh an tÚdarás.
Dúirt Conchúr Ó Giollagáin an uair sin ‘go n-inseodh an aimsir’ arbh é ‘an cáineadh’ sna moltaí ar pholasaí Gaeilge an Stáit ba chúis “le doicheall an Údaráis rompu”.
Ach ag labhairt dó ag cruinniú poiblí a d’eagraigh an grúpa Teacht Aniar ag an deireadh seachtaine, dúirt Ó Giollagáin go neamhbhalbh gur “ag seachaint na fianaise” a bhíothas nuair a diúltaíodh na moltaí a fhoilsiú mar chuid den tuarascáil agus chuir sé “cinsireacht” i leith Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta.
Thagair an sochtheangeolaí ag an gcruinniú don “seachaint” fianaise a bhí ar bun, dar leis, ag an Stát maidir le tuarascálacha taighde éagsúla faoi chás na teanga sa Ghaeltacht. Dúirt sé go ndearna an Stát amhlaidh ar thrí bhealach: neamhaird; tost; agus cinsireacht.
Dúirt sé go raibh cinsireacht ar siúl idir “Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta i gcás an Nuashonrú.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús ní raibh Údarás na Gaeltachta ná Roinn na Gaeltachta sásta go raibh moltaí déanta sa tuarascáil faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus dúirt siad ag an am nach raibh a leithéid i gceist nuair a coimisiúnaíodh an anailís.
De réir chomhfhreagrais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, d’iarr Conchúr Ó Giollagáin, duine de bheirt údar na tuarascála, ar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis go ndéanfaí athmhachnamh ar an áiteamh gur cheart go bhfoilseofaí an Nuashonrú ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch gan moltaí na n-údar ann.
Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Príomhfheidhmeannach, Steve Ó Cúláin, dá bhfágfaí na moltaí ar lár go seasfadh “an tuarascáil mar phíosa taighde” agus nach raibh “aon cheist faoi chlú na dtaighdeoirí ná a neamhspleáchas acadúil”.
“Ní raibh moltaí mar chuid den chonradh mar gur mar bhunús faisnéise do na pobail a bhí an t-eolas le cur ar fáil agus go mbeadh scagadh le déanamh ag na pobail ar na tátail mar chuid de na pleananna teanga atá le hullmhú sna Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht,” a dúirt Ó Cúláin.
Dúirt an Dr Ó Giollagáin nach bhféadfaí glacadh le moladh an Údaráis agus nach mbeadh na húdair “sásta go luafaí ar aon bhealach” iad le próiseas “a thagann salach ar bhunphrionsabal eitice an taighde”.
Thángthas ar réiteach sa deireadh, agus foilsíodh go neamhspleách na moltaí a bhí le bheith sa tuarascáil.
Léirigh an taighde nua a bhí bunaithe ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíocht ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht gur in olcas a bhí cás na Gaeilge sa Ghaeltacht imithe ó foilsíodh an buntaighde sé bliana roimhe sin.
Dar le húdair na tuarascála, Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, go mba ionann cloí leis na polasaithe teanga atá ag an Stát faoi láthair agus “glacadh” le “dul i léig” na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Fág freagra ar 'Rinne Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ‘cinsireacht’ ar thuarascáil Ghaeltachta – Ó Giollagáin'