Comhaontú idir Ó Giollagáin agus an tÚdarás faoi mholtaí tuarascáil Ghaeltacha

Deir an t-ollamh ollscoile ‘go n-inseodh an aimsir’ an é ‘an cáineadh’ a dhéantar sna moltaí ar pholasaí Gaeilge an Stáit ‘is cúis le doicheall an Údaráis rompu’

Steve Ó Cualáin Giollagán

Tuairiscítear inniu nach bhfoilseofar mar chuid de thuarascáil Ghaeltachta na moltaí conspóideacha a rinneadh mar chuid den taighde nua ar labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí níl sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta na moltaí conspóideacha a chuir moill ar fhoilsiú na tuarascála go dtí seo a chur faoi bhráid an phobail.

De réir tuairisce ar shuíomh Nuacht RTÉ tráthnóna tá sé aontaithe anois ag Údarás na Gaeltachta agus Conchúr Ó Giollagáin, duine d’údair an taighde, nach mbeidh na moltaí mar chuid den leagan nuashonraithe den Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a choimisiúnaigh an tÚdarás.

Foilseofar na moltaí go neamhspléach ar an Údarás agus ní bheidh aon bhaint ag an eagraíocht Ghaeltacha leo.

Tá na moltaí á fhágfar ar lár ón Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch foilsithe tráthnóna ag Nuacht RTÉ.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ní raibh Údarás na GaeltachtaRoinn na Gaeltachta sásta go raibh moltaí déanta sa tuarascáil nua faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

De réir chomhfhreagrais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, d’iarr Conchúr Ó Giollagáin ar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis go ndéanfaí athmhachnamh ar an áiteamh gur cheart go bhfoilseofaí an Nuashonrú ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch gan moltaí na n-údar ann.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Príomhfheidhmeannach, Steve Ó Cúláin, dá bhfágfaí na moltaí ar lár go seasfadh “an tuarascáil mar phíosa taighde” agus nach raibh “aon cheist faoi chlú na dtaighdeoirí ná a neamhspleáchas acadúil”.

Dúirt an Dr Ó Giollagáin nach bhféadfaí glacadh le moladh an Údaráis agus nach mbeadh na húdair “sásta go luafaí ar aon bhealach” iad le próiseas “a thagann salach ar bhunphrionsabal eitice an taighde”.

Thángthas ar réiteach sa deireadh, áfach, agus dúirt an tOllamh Ó Giollagáin le Nuacht RTÉ inniu go raibh sé “sásta gur tháinig sé féin agus an tÚdarás ar chomhaontú”.

Dúirt sé ‘go n-inseodh an aimsir’ an é ‘an cáineadh’ a dhéantar sna moltaí ar pholasaí Gaeilge an Stáit ‘is cúis le doicheall an Údaráis rompu’.

De réir Nuacht RTÉ is le déanaí a thángthas ar an socrú “nuair a ba léir nach raibh aon rogha eile ann”.

Tuigtear do Tuairisc.ie go léireoidh an taighde nua atá bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach gur in olcas atá cás na Gaeilge sa Ghaeltacht imithe ó foilsíodh an bunthaighde sé bliana ó shin.

Dúradh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007 nach raibh ach 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar phríomhtheanga na Gaeltachta.

Seo thíos cúig bheartas na tuarascála, de réir mar atá siad curtha ar fáil tráthnóna ag Nuacht RTÉ.

______________________________________________

Beartais fhéideartha agus a mbuntáistí de réir na tuarascála

1. Gan aon cheo nua a bheartú. Thiocfadh deireadh go luath leis an nGaeilge mar theanga phobail.

2. Na forálacha Gaeltachta a bhaineann leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Thiocfadh deireadh go luath leis an nGaeilge mar theanga phobail.

3. Moltaí SCT (An Staidéar Cuimsitheach Teangeoalíoch)  a chur i bhfeidhm. Chothófaí gréasáin Ghaeilge a bheadh níos feidhmiúla ná a bhfuil ann faoi láthair.

4. Coimisiún Stáit a bhunú a d’fhiosródh ról an Státchórais sa Ghaeltacht. Bheadh tuiscint níos soiléire ag muintir na Gaeltachta ar an ról sin.

5. Cur chuige éigeandála a dhíreodh acmhainní straitéiseacha institiúideacha ar shealbhú na Gaeilge i dteaghlaigh agus i scoileanna. Mhothódh tuismitheoirí na Gaeltachta go mbeadh an Státchóras ag tacú leo cainteoirí dúchais Gaeilge a thógáil agus a thabhairt chun aibíochta sa dúchas sin.

Fág freagra ar 'Comhaontú idir Ó Giollagáin agus an tÚdarás faoi mholtaí tuarascáil Ghaeltacha'