‘Mórcheisteanna’ ag Roinn na Gaeltachta faoi mholtaí i Staidéar Teanga a choimisiúnaigh ÚnaG

Míshástacht faoi mholtaí a bheith déanta ag údair tuarascála faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht i measc na gcúiseanna le moill a foilsithe

angaeltacht1
Léiríonn taighde neamhfhoilsithe atá bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach gur in olcas atá cás na Gaeilge sa Ghaeltacht imithe ó foilsíodh an buntaighde i 2007

Thug Roinn na Gaeltachta le fios d’Údarás na Gaeltachta nár cheart go mbeadh moltaí mar chuid de shaothar taighde a choimisiúnaigh an tÚdarás féin chun nuashonrú a dhéanamh ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, 2007.

De réir cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil faisnéise, chuir an Roinn a míshástacht in iúl don Údarás faoi mholtaí tarrthála a bheith déanta sa tuarascáil nua faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios d’Údarás na Gaeltachta go raibh “mórcheisteanna” acu i dtaobh sraith moltaí a rinne údair na tuarascála, ar nuashonrú í ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, 2007.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie den Roinn cheana faoin mbaint a bhí aici le moill a bheith ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt siad gur “ceist í seo d’Údarás na Gaeltachta, is é an tÚdarás atá ag plé le nuashonrú ar an Staidéar”.

Ach de réir na gcáipeisí atá faighte ag Tuairisc.ie, léirítear gur thug Roinn na Gaeltachta le fios go soiléir d’Údarás na Gaeltachta go raibh siad míshásta faoi mholtaí a bheith déanta ag údair na tuarascála, a bhfuil an Dochtúir Conchur Ó Giollagáin agus saineolaithe ó Ollscoil Mhá Nuad ina measc.

De réir tuairisce ar chruinniú idir Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ar an 12 Bealtaine 2014, thoiligh an tÚdarás teagmháil a dhéanamh le húdair na tuarascála faoi imní na Roinne maidir le ceist na moltaí.

Deirtear i dtuairisc ar an gcruinniú a scaipeadh go hinmheánach sa Roinn ar an 13 Bealtaine:

“Míníodh don Údarás gurb í tuairim na Roinne gurbh fhearr go mbeadh an tuarascáil ag díriú ar an tasc a cuireadh roimhe agus ceistíodh an chúis go mbeadh moltaí (lch 112 ar aghaidh) mar chuid de”.

De réir na gcáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ba í Máire Killoran, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, a chéadléirigh imní na Roinne faoi mholtaí a bheith déanta ag údair na tuarascála:

“Tá mórcheisteanna maidir leis an ábhar ar leathanach 116 – 121 ós rud é gur nuashonrú a bhí le déanamh ar staitisticí a bhí sa Staidéar a rinneadh in 2007,” a scríobh an t-oifigeach gnóthaí Gaeilge is sinsearaí sa Roinn chuig cuid dá comhghleacaithe ar an 22 Aibreán, 2014.

An lá dár gcionn, i ríomhphost a sheol an Roinn go dtí an tÚdarás, dúradh:

“Maidir leis na mórcheisteanna, tuairimí agus moltaí atá sa dréacht (lch 116-121 etc), d’fhéadfadh an cheist a bheith ann faoin ngá/ábharthacht a bhaineann leo ós rud é gur nuashonrú ar na staitisticí a bhí san SCT a bhí iarrtha ag an Údarás, de réir mar a thuigimid é”.

Sa chomhfhreagras, a théann chomh fada siar le Bealtaine 2013, leagtar béim go minic ar an bpráinn a bhaineann le foilsiú na tuarascála “chomh luath [agus] is féidir” i bhfianaise “thábhacht an staidéir trí chéile”.

Luaitear freisin an tábhacht a bhaineann le léarscáileanna a bheith curtha ar fáil do gach Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus léiríonn comhfhreagras a seoladh i Meitheamh 2013 go raibh súil ag an Údarás go mbeadh “torthaí uilig (léarscáileanna san áireamh)” an leagain nuashonraithe den tuarascáil réidh le foilsiú “faoi lár mhí Mheán Fómhair”.

Anuas ar cheist na moltaí, is léir cúis eile a bheith leis an moill fhada ar fhoilsiú na tuarascála, a bhfuarthas an chéad dréacht di bliain is an lá amárach, ar an 22 Aibreán 2014.

Bhí Roinn na Gaeltachta den tuairim go raibh gá leis an mionanailís ar staitisticí sa tuarascáil a bheith “leagtha amach ar bhealach soléite i gcomhréir leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta”.

Go deimhin, thug an Roinn le fios don Údarás in Aibreán 2014 go mbeadh sé “inmholta” an tuarascáil a fhoilsiú faoi lár an Mheithimh, tráth a bhfógrófaí cérbh iad na heagraíochtaí pobail is túisce a rachadh i mbun pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Ba iad Údarás na Gaeltachta a choimisiúnaigh an saothar taighde Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007, atá bunaithe ar an tuarascáil inar tugadh le fios naoi mbliana ó shin gur fiche bliain a bhí fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht mura ndéanfaí beart fónta láithreach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga.

Mar a tuairiscíodh anseo cheana, léiríonn an taighde neamhfhoilsithe atá bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach gur in olcas atá cás na Gaeilge sa Ghaeltacht imithe ó foilsíodh an buntaighde i 2007.

Sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, rangnaíodh na ceantair Ghaeltachta ar fad de réir trí cinn de chatagoírí – A, B agus C – bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna ceantair éagsúla Ghaeltachta.

Bronnadh stádas ‘Catagóir A’ ar na ceantair is láidre teanga agus cuireadh na ceantair is laige i ‘gCatagóir C’.

Tuigtear do Tuairisc.ie go léiríonn an t-athrangú atá déanta sa taighde nua gur isliú stádais atá i gceist i gcás ceantair éagsúla agus tuigtear, leis, nach bhfuil ardú stádais i ndán d’aon cheantar.

Tá laghdú tagtha chomh maith ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcuid de na ceantair i gCatagóir A, na ceantair is láidre ó thaobh na teanga de.

Ba i mí Bealtaine 2013 a bhronn Údarás na Gaeltachta conradh ar fhoireann taighde de chuid Ollscoil na Éireann Gaillimh agus An Institiúid um Anailís Réigiúnach agus Spásúil (NIRSA), Ollscoil Mhá Nuad, chun nuashonrú a dhéanamh ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007.

Ba é an aidhm a bhí leis an gconradh, a deir Údarás na Gaeltachta, ná nuashonrú a dhéanamh “ar na príomhfhoinsí staitistiúla a bhí mar bhunsraith faisnéise de chuid na chéad tuarascála”.

Is iad “na príomhfhoinsí” nua sin ná an t-eolas a bailíodh le linn Dhaonáirimh 2006 agus 2011 agus na torthaí a bhain le Scéim Labhairt na Gaeilge don tréimhse chéanna.

Fág freagra ar '‘Mórcheisteanna’ ag Roinn na Gaeltachta faoi mholtaí i Staidéar Teanga a choimisiúnaigh ÚnaG'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    A leithéid de sheafóid. Cén fáth nach bhfuil an Roinn ag iarraidh go mbeadh moltaí curtha leis an uasdhátú? Shílfeá dá mbeidís leath dháiríre faoin próiséas pleanála teanga atá brúite acu orainn le Acht na Gaeltachta go bhfáilteoidís roimh moltaí ó shaineolaí soctheangeolaíochta chomh maith leis an uasdhátú ar na staitisticí. An amhlaigh nach maith leo na moltaí, atá déanta sa tuarascáil? Ba mhór an cúnamh na moltaí céanna dúinn, atá ag plé le pleanáil teanga faoi láthair, ag réiteach pleananna le cur faoi bhráid na Roinne.

    Deireann an t-alt le Kevin go mba é an aidhm a bhí leis an gconradh, ná uasdhátú a dhéanamh “ar na príomhfhoinsí staitistiúla a bhí mar bhunsraith faisnéise de chuid na chéad tuarascála”. Más sin a bhí níorbh aon ghá an conradh a bhronnadh ar chor ar bith mar go raibh an obair sin déanta agamsa cheana.

    Dhá bhliain ó shin ó thugas suas chun dáta an catagóiriú ar na Toghcheantair Ghaeltachta ar fad, ag úsáid na torthaí ón Daonáireamh 2011 agus ón bhliain deireannach a reachtáileadh Scéim Labhairt na Gaeilge. Foilsíodh alt leis an uasdhátaí i gComhar, mí Meithimh 2013.

    Do réir mo chuid anailíse bhí dhá cheantar i gCorcha Dhuibhne a raibh ardú catagóire ag dul dóibh: Dún Urlann (Baile an Fheirtéaraigh) agus Cill Maolchéadair (Muiríoch). Thaispeán an staidéar gur ísliú catagóire ó A go B a bheadh ann do dhá áit i nGaeltacht Chonamara: Sailearna (Indreabhán) agus Abhainn Gabhla (Doire Iorrais/Loch Con Aortha). Bhí roinnt athrú ó C go B (Béal Átha an Ghaorthaigh, mar shampla) agus ó B go C (Rath Chairn mar shampla).

    Duine ar bith atá ag iarraidh tíocht ar an anailís a rinne mé, níl le déanamh acu ach ephost a chur chugam ag an seoladh doheallaithe@gmail.com.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Níl bun ná barr le h-úsáid toghranna mar bhunús le na catargoirí seo – A, B agus C – agus is beag tairbhe atá ag na catargoirí iad féin, seachas imeallú a dhéanamh ar cheantaracha/phobail ina bhfuil an Ghaeilge go laidir ann. Ní toghroinn é Cúil Aodha agus mar sin níl stadas ‘A’ aige – mar atá tuillte aige. Ar aon nós ba bheag is fiú an nua-shonra a deineadh ar an staidéar chuimsitheach.

  • Bríd Ní Chualáin

    ‘chomh fada siar le Bealtaine 2013, leagtar béim go minic ar an bpráinn a bhaineann le foilsiú na tuarascála’