Níl ÚnaG sásta go bhfoilseofaí moltaí mar chuid de thuarascáil nua – ‘cur chuige à la carte’ curtha ina leith

Léiríonn cáipéisí nua nach bhfuil Príomhfheidhmeannach ná Coiste Pleanála Teanga an Údaráis ar son moltaí a fhoilsiú mar chuid den Nuashonrú ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíocha

 

Steve Ó Cualáin Giollagán

Níl Údarás na Gaeltachta sásta go bhfoilseofaí mar chuid de thuarascáil nua na moltaí conspóideacha atá déanta ag údair an taighde faoi staid reatha na Gaeilge sa Ghaeltacht, de réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

De réir na gcáipéisí nua, chuir duine d’údair na tuarascála, an Dr Conchúr Ó Giollagáin, i leith an Údaráis go bhfuil “cur chuige à la carte” i gceist lena “moladh neamhghnách” nach bhfoilseofaí moltaí na dtaighdeoirí.

Shéan Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmneannach an Údaráis, go raibh sé riamh i gceist “go ndéanfaí aon cheilt ar thorthaí an taighde” ná ar “staid reatha fírinneach” na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Léiríonn na cáipéisí gur thug an Príomhfheidhmeannach agus Coiste Pleanála Teanga an Údaráis le fios nár cheart go mbeadh moltaí, nó “beartais féideartha,” na n-údar mar chuid den tuarascáil nua a choimisiúnaigh an tÚdarás féin ar chostas €24,200 i mBealtaine 2013.

I nDeireadh Fómhair 2014 cuireadh in iúl don Dr Ó Giollagáin go raibh Coiste Pleanála Teanga an Údaráis in aghaidh na moltaí a fhoilsiú mar chuid den tuarascáil Nuashonrú ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.

Thacaigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis le moladh an Choiste i litir a scríobh sé chuig an Dr Ó Giollagáin ag tús na bliana seo.

Sa litir sin dúirt an Príomhfheidhmeannach, Steve Ó Cúláin, gur tionscadal taighde a bhí i gceist le “hanailís” a dhéanamh ar staidreamh agus “tátal na hanailíse sin” a chur ar fáil.

“Ní raibh moltaí mar chuid den chonradh mar gur mar bhunús faisnéise do na pobail a bhí an t-eolas le cur ar fáil agus go mbeadh scagadh le déanamh ag na pobail ar na tátail mar chuid de na pleananna teanga atá le hullmhú sna Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht,” a scríobh Ó Cúláin ar an 29 Eanáir 2015.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, ba í Roinn na Gaeltachta, ar an 22 Aibreán 2014, a chéadléirigh imní faoi mholtaí a bheith déanta ag údair na tuarascála nua atá bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007. Sa cháipéis sin, tugadh le fios gur fiche bliain a bhí fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht muna ndéanfaí gníomh tarrthála láithreach.

Ní aontaíonn an Dr Conchúr Ó Giollagáin le léamh na Roinne ná le léamh an Údaráis ar an gconradh a aontaíodh sara tugadh faoin taighde a dhéanamh.

Sa chonradh féin, a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, luaitear an focal ‘tátal’ ach ní dhéantar tagairt shonrach do ‘mholtaí’ a dhéanamh.

Is éard is cúis leis an easaontas ná na bríonna difriúla a samhlaíodh leis an bhfocal sin ‘tátal’ sa chonradh, agus leis an difríocht idir é agus na focail “moltaí” agus “beartais féideartha”. Pléadh an cheist seo i litir a sheol Steve Ó Cúláin chuig Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, atá ina cathaoirleach freisin ar an gCoiste Pleanála Teanga.

Dúirt an Dr Ó Giollagáin nach bhféadfaí glacadh leis an moladh a bhí ag Coiste Pleanála Teanga an Údaráis agus nach mbeadh na húdair “sásta go luafaí ar aon bhealach” iad le próiseas “a thagann salach ar bhunphrionsabal eitice an taighde”.

Dúirt sé go raibh meas ag na húdair ar bhaill an Choiste agus go mbeidís ag súil go léireofaí “an oiread céanna measa” orthusan agus go nglacfadh an Coiste leis go raibh dualgas ar na húdair “iontaofacht ár saothar ina hiomláine a chosaint”.

Dúirt sé gur sheas sé féin agus a chomhúdar, Martin Charlton, “go dlúth, dílis” leis na dualgais a leagadh orthu sa chonradh a d’aontaigh siad leis an Údarás.

Steve Ó Cúláin SÓM
Príómhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachat, Steve Ó Cúláin

D’iarr an taighdeoir ar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis go ndéanfaí athmhachnamh ar an áiteamh gur cheart go bhfoilseofaí an Nuashonrú ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch gan moltaí na n-údar ann.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Príomhfheidhmeannach nach raibh sé riamh i gceist “go ndéanfaí aon cheilt ar thorthaí an taighde ná go ndéanfaí aon ionramháil ar thátal a eascródh as le haon mhalairt scéil a léiriú ach an staid reatha fírinneach amháin”.

Dúirt Ó Cúláin freisin dá bhfágfaí na moltaí ar lár go seasfadh “an tuarascáil mar phíosa taighde” agus nach raibh “aon cheist faoi chlú na dtaighdeoirí ná a neamhspleáchas acadúil”.

Thug sé le fios nach mbeadh “aon fhadhb ag an Údarás” dá bhfoilseodh údair an taighde a gcuid moltaí “go neamhspleách”.

Léiríonn na cáipéisí is déanaí atá faighte ag Tuairisc.ie gur chuir na húdair trí dhréacht den tuarascáil faoi bhráid an Údaráis anuraidh – ar an 16 Aibreán, an 16 Meitheamh agus an 25 Iúil.

Tá na dréachtaí seo curtha ag an Údarás chuig Roinn na Gaeltachta agus d’iarr an Roinn sin go gcuirfí an leagan críochnúil den tuarascáil faoina mbráid sara bhfoilseofaí go poiblí é.

Níl aon chinneadh déanta fós ag an Údarás faoi dháta foilsithe na tuarascála.

Fág freagra ar 'Níl ÚnaG sásta go bhfoilseofaí moltaí mar chuid de thuarascáil nua – ‘cur chuige à la carte’ curtha ina leith'