Foilseoidh Údarás na Gaeltachta an tuarascáil chonspóideach faoi staid reatha na Gaeilge sa Ghaeltacht roimh dheireadh na míosa seo ach tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuil sé i gceist ag an bpointe seo na moltaí conspóideacha a chuir moill ar fhoilsiú na tuarascála go dtí seo a chur faoi bhráid an phobail.
Cuireadh moill shuntasach ar fhoilsiú na tuarascála de bharr easaontais idir na taighdeoirí as Ollscoileanna na Gaillimhe agus Mhá Nuad a bhí i mbun na hoibre, agus Údarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an obair, faoi na moltaí céanna. D’áitigh duine de na húdair, an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, gur cuid de ‘thátail’ an taighde a bhí sna moltaí ach dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Coiste Pleanála an Údaráis agus Roinn na Gaeltachta, gur nuashonrú ar staitisticí faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht amháin a bhí ag teastáil uathu.
I measc na moltaí conspóideacha a bhí i ndréacht den tuarascáil, áitíodh gur cheart don Taoiseach coimisiún éigeandála a bhunú féachaint le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a threisiú. Caitheadh amhras mór inti freisin ar Straitéis 20 bliain don Ghaeilge – bunchloch pholasaí Gaeilge an Rialtais.
Dúirt Conchúr Ó Giollagáin ar Cormac ag a Cúig ar Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné, sula raibh a fhios go raibh faoin Údarás an tuarascáil a fhoilsiú roimh dheireadh na míosa seo, go mbeadh sé contúirteach an tuarascáil a fhoilsiú gan na moltaí ann. Dúirt sé go bhfágfadh an cur chuige sin go bhféadfadh forais stáit “a gcuid moltaí féin a chur le taighde” agus nach bhféadfadh “taighdeoirí neamhspleácha seasamh leis sin”.
Nuair a síníodh conradh na dtaigheoirí ollscoile le hÚdarás na Gaeltachta ar an 13 Bealtaine 2013, dúradh gur “tréimhse dhá/trí mhí a shamhlaítear le sprioc an chonartha a bhaint amach”. Ba de bharr na conspóide faoi mholtaí a bheith san áireamh sa tuarascáil is mó a cuireadh moill ar fhoilsiú na cáipéise, ach bhí cúiseanna eile leis freisin: cuireadh moill ar an bpacáiste staitisticí a bhí le fáil ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO); cuireadh an pacáiste mícheart ar fáil ag tráth amháin; agus beartaíodh gur ar bhonn na Limistéar Pleanála Teanga (LPT) nua a chuirfí an t-eolas ar fáil, seachas mar a bhí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2007).
Ach léiríonn cáipéisí a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur cuireadh moill freisin ar feadh dhá mhí ar ullmhú na tuarscála fad is a bhí an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin ag fanacht le freagra ó Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cualáin, ar litir nár bhain ceann scríbe amach ar chor ar bith.
Scríobh an tOllamh Ó Giollagáin chuig Príomhfheidhmeannach an Údaráis ar an 28 Samhain 2014 ach níor freagraíodh a chuid cumarsáide go dtí an 29 Eanáir 2015.
Mhínigh Ó Cualáin go ndearnadh cuardach ar na taifid ar chúrsaí postais agus ar an gcóras post leictreonach ach gur theip orthu teacht ar an litir agus nárbh eol dóibh í a bheith seolta go dtí go ndeachthas ag fiosrú faoi staid reatha na tuarascála.
Léireoidh an taighde nua ach a bhfoilseofar é gur in olcas atá staid na teanga imithe sa Ghaeltacht ó foilsíodh tuarascáil na bliana 2007. I meamram atá curtha ar fáil do Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, thug Feidhmeannach de chuid an Údaráis, a raibh dréacht den tuarascáil léite aige, thug sé le fios do Phríomhfheidhmeannach na heagraíochta gurb é “an príomhthátal atá le sonrú ná go bhfuil na pátrúin aistrithe teanga [ó Ghaeilge go Béarla] imithe i dtreis” ó foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch sa bhliain 2007.
D’aontaigh Coiste Pleanála Teanga an Údaráis ag cruinniú ar an 1 Bealtaine 2014 go raibh sé soiléir ón dréacht-thuarascáil “go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht” ach dúradh freisin go raibh nithe ann “a raibh údar dóchais ag baint leo”. Aontaíodh freisin go léiríonn an tuarascáil go raibh “gnéithe áirithe seasmhachta ag baint le treocht na Gaeilge sa Ghaeltacht” sa tréimhse a bhí i gceist.
Fág freagra ar 'Tuarascáil chonspóideach an Údaráis le foilsiú roimh dheireadh na míosa'