Rabhadh tugtha do Theachtaí Dála agus Seanadóirí a bheith san airdeall ar ‘dhíolúintí’ i reachtaíocht teanga an Rialtais

Dúirt an Coimisinéir Teanga ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais gur gá do Theachtaí Dála agus Seanadóirí a bheith ag ‘faire amach’ do dhíolúintí i leasuithe an rialtais ar an bhille teanga

Rabhadh tugtha do Theachtaí Dála agus Seanadóirí a bheith san airdeall ar ‘dhíolúintí’ i reachtaíocht teanga an Rialtais

Tá rabhadh tugtha ag an Choimisinéir Teanga do Theachtaí Dála agus Seanadóirí a bheith san airdeall ar eagla go mbeadh an iomarca díolúintí ag baint leis na cearta teanga nua sna leasuithe atá á moladh ag an Rialtas ar an bhille teanga.

32 leasú atá á moladh ag an Rialtas don chéad chéim eile den bhille teanga nua sa Dáil agus cé gur cuireadh fáilte roimh na leasuithe sin níl foilsithe go dtí seo ach na ceannteidil.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill inné ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta gur faoi bhaill an choiste agus baill eile an Oireachtais a bhí sé a bheith ag “faire amach” do líon na ndíolúintí a luafaí leis na dualgais teanga atá molta sna leasuithe nua.

“Tá sé tábhachtach nach mbeadh sé ró-éasca díolúine a fháil ó na leasuithe. Má tá dualgas ar chomhlacht poiblí lógó a bheith i nGaeilge, má tá dualgas ar chomhlacht poiblí fógraíocht a dhéanamh, má tá dualgas ar chomhlacht poiblí, go sábhála Dia sinn, go gcaithfidís síneadh fada a chur san áit go gcaithfidh síneadh fada a bheith [ba chóir] go dtarlódh sin go sciobtha agus nach mbeadh siad ag fáil díolúintí ar feadh blianta a chuirfeadh moill ar a leithéid.

“Sílim go bhfuil na prionsabail leagtha síos ach go gcaithfidh, le mórmheas a deirim é seo, an Coiste Oireachtais agus baill an Oireachtais. a bheith ag faire amach dó, is dóigh, nuair a bheas seo á phlé sa tréimhse amach romhainn,” a dúirt Ó Domhnaill.

Meastar gur an tseachtain seo chugainn a chuirfear tús arís leis an phlé faoin bhille nuair a chuirfear tús le céim leathdheireanach d’aistear na reachtaíochta trí Thithe an Oireachtais.

easaontas idir an Rialtas agus an freasúra faoin chur chuige maidir le hachtú an bhille teanga nua atá geallta roimh dheireadh na bliana.

Deir an Rialtas gur foilsíodh ceannteidil leasuithe an Rialtais roimh shos an tsamhraidh “chun a léiriú do phobal labhartha na Gaeilge agus don bhfreasúra araon a bhfuil i gceist ag an Rialtas a dhéanamh ag Céim na Tuarascála”.

Dúirt urlabhraí de chuid Aire Stáit na Gaeltachta  Jack Chambers le Tuairisc.ie go bhfoilseodh Tithe an Oireachtais foclaíocht leasaithe an Rialtais “ag an am cuí” agus “i gcomhréir le gnáthchleachtas an Oireachtais, roimh thús Chéim na Tuarascála go gairid”.

Ach deir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhfuil sé féin agus Teachtaí Dála eile de chuid an fhreasúra fós ag fanacht ar chruinniú leis an Aire Stáit Jack Chambers chun leasuithe an rialtais a phlé.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill chomh maith inné go raibh gá an bille a achtú gan mhoill mar go raibh “an t-am ag sleamhnú thart”.

Tá ráite ag an Aire Stáit Chambers agus ag polaiteoirí an fhreasúra gurb é achtú an Bhille Teanga a bpríomhsprioc ó thaobh na Gaeilge le linn téarma nua na Dála.

32 leasú curtha ar aghaidh ag an Aire Stáit Jack Chambers, lena n-áirítear leasú a leagfadh sprioc dhaingean síos gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Ag tagairt dó do leasuithe an rialtais ar am bhille teanga, dúirt an Coimisinéir Teanga gur chuir sé “fáilte eatramhach” rompu.

“An fáth go ndúirt mé go gcuirim fáilte eatramhach rompu mar níl an fhoclaíocht feicthe agam,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha do Theachtaí Dála agus Seanadóirí a bheith san airdeall ar ‘dhíolúintí’ i reachtaíocht teanga an Rialtais'