Easaontas idir an freasúra agus an Rialtas roimh thús na chéad chéime eile den bhille teanga

Deir Sinn Féin gur léir gur ‘cuma’ le hAire Stáit na Gaeltachta agus an Rialtas faoi chearta teanga, ach deir Jack Chambers go bhfuil mionphlé déanta ar na moltaí go léir agus gníomh á dhéanamh dá réir

Easaontas idir an freasúra agus an Rialtas roimh thús na chéad chéime eile den bhille teanga

Tá easaontas idir an Rialtas agus an freasúra faoin gcur chuige maidir le hachtú an bhille teanga nua atá geallta roimh dheireadh na bliana.

Deir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur léir gur “cuma” le hAire Stáit na Gaeltachta agus an Rialtas faoi “chearta nó seirbhísí a fheabhsú”.

Chomh maith leis sin, mhaígh Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, nach raibh an tAire Stáit “dáiríre” faoi ghealltanas a thug sé don fhreasúra go bpléifeadh sé leo leasuithe an Rialtais roimh an gcéad chéim eile den bhille.

Ach deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go ndearnadh “mionphlé” ar leasuithe agus argóintí an fhreasúra ag céim an Choiste den bhille agus gur tugadh “géar-éisteacht” d’Aengus Ó Snodaigh agus Teachtaí Dála agus Seanadóirí eile le linn an phlé sin a mhair 25 uair an chloig ar fad.

Breis is 300 leasú a pléadh le linn na díospóireachta sin agus tá leagan leasaithe de 235 díobh curtha ar aghaidh ag Sinn Féin don chéad chéim eile den bhille, Céim na Tuarascála sa Dáil.

Bhíothas ag súil go gcuirfí tús sa Dáil inniu leis an gcéim sin, an chéim leathdheireanach d’aistear an Bhille trí Thithe an Oireachtais, ach tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuiltear ag súil anois go mbeidh sé ar chlár na Dála an tseachtain seo chugainn.

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí an Aire Stáit Jack Chambers le Tuairisc.ie go ndearna an tAire “dianmhachnamh” ar an bplé ag Céim an Choiste agus gurb é a chruthúnas sin gur foilsíodh ceannteidil 32 leasú an Rialtais mí Iúil seo caite.

Dúirt an t-urlabhraí gur foilsíodh ceannteidil leasuithe an Rialtais roimh shos an tsamhraidh “chun a léiriú do phobal labhartha na Gaeilge agus don bhfreasúra araon a bhfuil i gceist ag an Rialtas a dhéanamh ag Céim na Tuarascála”.

‘Dul chun cinn’ déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a neartú tar éis plé 25 uair an chloig

Dúirt an t-urlabhraí go bhfoilseodh Tithe an Oireachtais foclaíocht leasaithe an Rialtais “ag an am cuí” agus “i gcomhréir le gnáthchleachtas an Oireachtais, roimh thús Chéim na Tuarascála go gairid”.

Is í Céim na Tuarascála an deis dheiridh sa Dáil chun leasuithe a dhéanamh ar an mbille agus ní bheidh fágtha ina dhiaidh sin ach Céim an tSeanaid.

Deir Aengus Ó Snodaigh go bhfuil sé féin agus Teachtaí Dála eile de chuid an fhreasúra fós ag fanacht ar chruinniú leis an Aire Stáit Jack Chambers chun leasuithe an rialtais a phlé. Ar an dtaobh eile den scéal, tuigtear go bhfuil an Rialtas míshásta faoi líon na leasuithe atá á moladh arís ag an bhfreasúra, in ainneoin gur síleadh go raibh dul chun cinn maith déanta.

Nuair a d’fhoilsigh an tAire Stáit ceannteidil na leasuithe mí Iúil, gheall sé go mbeadh deis ag ionadaithe an fhreasúra suí síos leis chun na leasuithe a phlé ach níor tharla an cruinniú sin go fóill agus tuigtear gur ar éigean a tharlóidh sé anois.

Níl foclaíocht leasuithe an rialtais feicthe go fóill agus cé gur cuireadh fáilte roimh na ceannteidil tá imní ar an bhfreasúra go lagófaí sa bhfoclaíocht féin an méid atá feicthe sna ceannteidil acu.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie gurb í “tuairim mheáite” an Aire Stáit Chambers go ndéanfaidh na leasuithe a bheidh á moladh aige “freastal ar éilimh phobal labhartha na Gaeilge agus phobal na Gaeltachta”.

Ba mhian leis go n-achtófaí an Bille leasaithe “gan mhoill” ar mhaithe “le brú ar aghaidh le feidhmiú na bhforálacha tábhachtacha nuálacha” atá ann.

Dar le Aengus Ó Snodaigh gur “údar díomá” cur chuige an Aire Stáit.

“Gheall an tAire go bpléifeadh sé a chuid leasuithe féin linn agus go ndéanfadh sé machnamh ar an méid a bhí le rá againn ag Céim an Choiste níos luaithe i mbliana – is léir nach raibh sé dáiríre faoin ngeallúint sin,” a dúirt Ó Snodaigh.

“In ainneoin preasráitis uaidh ag maíomh go bhfuil 32 leasú roghnaithe aige bunaithe ar an brú a chuir muidne air ag Céim an Choiste – agus is maith an rud é go ndeachaigh an 26 uair an chloig de dhíospóireachtaí sa Choiste i gcion air – níl an fhoclaíocht foilsithe aige go fóill.”

Dúirt Ó Snodaigh gur léir nach dtuigeann an tAire Stáit Gaeltachta cé “chomh mór i mbaol” is atá an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go bhfuil “gá le cur chuige dáiríre má tá muid ní hamháin chun í a choimeád beo ach fuinneamh agus beocht nua a chur inti arís”.

D’iarr Oifig na mBillí i dTeach Laighean go mbeadh na leasuithe atá le moladh ar an mbille curtha chucu faoi Chéadaoin na seachtaine seo caite, an 22 Meán Fómhair.

Cuireadh moill le tús Chéim an Choiste aimsir na Nollag seo caite fad is a bhí an 300 leasú a moladh ar an mbille á n-aistriú agus á n-ullmhú ag Oifig na mBillí.

Ní bheidh aon seans ann leasuithe nua a chur chun cinn le linn Chéim na Tuarascála agus ní phléifear ach na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste.

I measc an 32 leasú atá curtha ar aghaidh ag an rialtas, tá sprioc dhaingean gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Tá ráite ag an Aire Stáit Chambers agus ag polaiteoirí an fhreasúra gurb é tús Chéim na Tuarascála agus achtú an Bhille Teanga a bpríomhsprioc ó thaobh na Gaeilge le linn téarma nua na Dála.

Cé gur mhair an díospóireacht ag Céim an Choiste 25 uair an chloig thar thréimhse ceithre mhí, táthar ag súil go gcuirfear an chéad chéim eile i gcrích i bhfad níos tapúla ná sin.

D’fhág srianta Covid-19 i dTeach Laighean nach raibh Roghchoiste na Gaeilge in ann ach cruinnithe dhá uair an chloig a bheith acu ach tuigtear go gceadófar cruinnithe níos faide an téarma seo.

Murab ionann agus Céim an Choiste, beidh teorainn le deiseanna labhartha na gcomhaltaí le linn Chéim na Tuarascála. Ní fhéadfaidh comhaltaí labhairt ach dhá uair faoi gach leasú agus dhá nóiméad ar a mhéad a bheidh acu don dara píosa cainte.

Ach a rithfear an bille sa Dáil, cuirfear chuig an Seanad é chun é a rith ansin.

Táthar ag súil go mbeidh an bille achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Faoin am sin, beidh deich mbliana ann ó tosaíodh an plé faoi reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú.

Fág freagra ar 'Easaontas idir an freasúra agus an Rialtas roimh thús na chéad chéime eile den bhille teanga'

  • Gabriel Rosenstock

    “Beidh deich mbliana ann ó tosaíodh an plé faoi reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú,” a deir sibh. Deich mbliana? Ní faic é sin. Tabhair cúpla céad bliain eile dóibh, ar a laghad.